Written answers
Thursday, 14 April 2005
Department of Community, Rural and Gaeltacht Affairs
Biúró Eorpach do Theangacha Neamh-fhorleathana
5:00 pm
Michael D Higgins (Galway West, Labour)
Link to this: Individually | In context
Question 18: To ask the Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta cén tairbhe a thagann as an íocaíocht bhliantúil leis an mBiúró Eorpach do Theangacha Neamh-fhorleathana; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina leith. [11389/05]
Éamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context
Tá maoiniú curtha ar fáil ag mo Roinnse don Bhiúró Eorpach do Theangacha Neamh-Fhorleathana go rialta le blianta beaga anuas, agus tá maoiniú curtha ar fáil don Bhiúró arís i mbliana ar bhonn sealadach.
Is iad na príomh-spriocanna atá ag an mBiúró do 2005 ná: leanúint le heolas a chur ar fáil agus a roinnt maidir leis na dteangacha neamh-fhorleathana i gcomhthéacs obair na n-institiúidí Eorpacha agus tionchar na n-institiúidí sin ar na teangacha; seimineáir, comhdhálacha agus cruinnithe eile a eagrú maidir le cúrsaí teanga; saineolaithe teangacha neamh-fhorleathana a chur i dteagmháil lena chéile; agus forbairt a dhéanamh ar an ionad nuachta Eurolang.
Mar thoradh ar athbhreithniú atá déanta ag an mBiúró féin, tugtar dom go bhfuil sé i gceist go mbeidh an Biúró ag plé le teangacha eile an AE as seo amach, teangacha gur teangacha náisiúnta iad ach gur teangacha beaga iad ar scála domhanda san áireamh. Coimeádfar ról na heagraíochta faoi athbhreithniú chomh maith ó thaobh dul chun cinn stádas na Gaeilge san AE.
No comments