Written answers

Thursday, 14 April 2005

Department of Community, Rural and Gaeltacht Affairs

Acht na dTeangacha Oifigiúla

5:00 pm

Photo of Jan O'SullivanJan O'Sullivan (Limerick East, Labour)
Link to this: Individually | In context

Question 10: To ask the Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta an raibh cainteanna aige go fóill leis an Roinn Oideachais agus Eolaíochta ar an méid a bhí le rá ag an gCoimisinéir Teanga faoi easpa cumais nó easpa líofachta sa Ghaeilge i measc an oiread sin d'fhostaithe an Státchórais; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina leith. [11386/05]

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context

Dírím aird an Teachta ar na freagraí atá tugtha agam cheana féin inniu maidir leis na tuairimí agus moltaí atá nochtaithe ag an gCoimisinéir Teanga ina Thuarascáil Tionscnaimh a foilsíodh le déanaí.

Maidir leis an gceist áirithe atá ag an Teachta, bíonn teagmháil rialta agam leis an Aire Oideachais agus Eolaíochta, mar a bhíonn le mo chomhghleacaithe eile sa Rialtas. Mar a mhínigh mé cheana, cuirfear Acht na dTeangacha Oifigiúla i bhfeidhm ar bhonn céimnitheach, i gcomhréir le héilimh ón bpobal ar sheirbhísí ar leith agus bheifí ag súil, mar sin, go dtiocfaidh feabhas dá réir ar chumas na hearnála poiblí seirbhísí a sheachadadh trí mheán na Gaeilge thar thréimhse ama. Mar chuid lárnach den phróiseas forbartha sin, beidh sé riachtanach díriú ní amháin ar an gcóras scolaíochta, ach freisin ar dheiseanna a chruthú do dhaoine atá fostaithe cheana féin chun feabhas agus snas a chur ar a gcuid Gaeilge.

Tá mo Roinnse ag obair, ní amháin leis an Roinn Oideachais agus Eolaíochta, ach le Foras na Gaeilge, Gaeleagras na Seirbhíse Poiblí, An Foras Riaracháin agus institiúidí tríú leibhéal chun a chinntiú go gcuirfear leis an soláthar sainchúrsaí dírithe ar riachtanais na hearnála poiblí i ndáil le cur i bhfeidhm an Achta.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.