Written answers
Wednesday, 23 March 2005
Department of Community, Rural and Gaeltacht Affairs
Údarás na Gaeltachta
9:00 pm
Aengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context
Question 210: To ask the Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta cad iad na tograí i gceantar Bhaile Ghib a mhaoinigh Údarás na Gaeltachta gach bliain le deich mbliana anuas agus cad é an méid a bhí i gceist. [9616/05]
Aengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context
Question 211: To ask the Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta cad iad na tograí i gceantar Ráth Cairn a mhaoinigh Údarás na Gaeltachta gach bliain le deich mbliana anuas agus cad é an méid a bhí i gceist. [9617/05]
Éamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context
Tógfaidh mé Ceisteanna Uimh. 210 agus 211 le chéile.
Dírím aird an Teachta ar thuarascálacha bliantúla agus cuntais Údarás na Gaeltachta 1995 go dtí 2003, a leagadh os comhair Thithe an Oireachtais agus a bhfuil cóipeanna díobh ar fáil i Leabharlann an Oireachtais. Tá an t-eolas atáá lorg ag an Teachta maidir le maoiniú tograí i mBaile Ghib agus Ráth Cairn ar fáil sna tuarascálacha sin.
Maidir le 2004, nach bhfuil tuarascáil bhliantúil 2004 foilsithe ina leith go fóill, tá na sonraí cuí don bhliain sin leagtha amach sa tábla leis seo.
Tograí i gContae na Mí a fuair maoiniúóÚdarás na Gaeltachta i 2004 | ||
Ceantar | Togra | â'¬ |
Baile Ghib | Comhlacht Forbartha Bhaile Ghib | 2,500 |
Ráth Cairn | Turmec Teoranta | 450,559 |
Ráth Cairn | Bia Faughan Teoranta | 150,000 |
Ráth Cairn | Comharchumann Ráth Cairn Teoranta | 21,574 |
Ráth Cairn | Gaelora Teoranta | 23,401 |
Aengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context
Question 212: To ask the Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta cad iad na bóithre i gceantar Ghaeltacht Ráth Cairn ar chaith a Roinn airgead orthu nó ar thug an Roinn airgead d'Údarás na Gaeltachta le caitheamh ar iad a dheisiú nó a atógaint le deich mbliana anuas agus cad é an méid a bhí i gceist. [9618/05]
Aengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context
Question 213: To ask the Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta cad iad na bóithre i gceantar Ghaeltacht Bhaile Ghib ar chaith a Roinn airgead orthu nó ar thug an Roinn airgead d'Údarás na Gaeltachta le caitheamh ar iad a dheisiú nó a atógaint, le deich bliana anuas agus cad é an méid a bhí i gceist. [9619/05]
Aengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context
Question 214: To ask the Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta cad iad na bóithre i gceantar Ghaeltacht Ráth Cairn a bhfuil sé i gceist ag an Roinn airgead a chaitheamh orthu nó airgead a thabhairt ón Roinn d'Údarás na Gaeltachta le caitheamh orthu, lena ndeisiú nó lena n-atógaint, i mbliana agus cad é an méid atá i gceist. [9620/05]
Aengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context
Question 215: To ask the Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta cad iad na bóithre i gceantar Ghaeltacht Bhaile Ghib a bhfuil sé i gceist ag an Roinn airgead a chaitheamh orthu nó airgead a thabhairt ón Roinn d'Údarás na Gaeltachta le caitheamh orthu, lena ndeisiú nó lena n-atógaint, i mbliana agus cad é an méid atá i gceist. [9621/05]
Éamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context
Tógfaidh mé Ceisteanna Uimh. 212, 213, 214 agus 215 le chéile.
Tá an clár oibre le haghaidh bóithre sa Ghaeltacht don bhliain 2005-06 á ullmhú ag mo Roinn faoi láthair. Tá socrú i bhfeidhm le fada idir mo Roinn agus na húdaráis áitiúla a bhfuil ceantair Ghaeltachta faoina gcúram go ndéanfaidh siad na hoibreacha seo sna ceantair éagsúla Gaeltachta. Ní chuireann mo Roinn airgead ar fáil d'Údarás na Gaeltachta chun bóithre a fhorbairt sa ghnáth-bhealach.
Tá an t-eolas atá iarrtha ag an Teachta maidir le deontais a ceadaíodh le deich mbliana anuas sa tábla leis seo.
Bóithre a ceadaíodh i mBaile Ghib agus Ráth Cairn, Contae na Mí, 1995 go dtí 2004. Bóithre strátéiseacha | |||||
Bliain | Bealach | Tús | Críoch | Oibreacha | Deontas â'¬ |
2004 | Ráth Cairn | S.N. Ráth Cairn | S.N. Ráth Cairn | An crosaire ag S.N. Ráth Chairn a fheabhsú de réir an dearadh nua a dheineadh i 2003. 4 cinn de bhoilginí bóthair a thógáil, mar is gá, ar na bóithre chun na scoile | 150,000 |
2003 | Ráth Cairn | Deireadh an chosáin reatha | An Mheánscoil | Ceannach Talún. Cosán le tógáil. Duchtáil i gcomhair soilse poiblí le chur ar fail. Dhá duchta spáráil le chur síos agus aireacht teorainn. | 70,000 |
Ráth Cairn | Deireadh an chosáin reatha | Acomhal ag an scoil náisiúnta | Ceannach Talún. Cosán le tógáil. Duchtáil i gcomhair soilse poiblí le chur ar fail. Dhá duchta spáráil le chur síos agus aireacht teorainn. | 80,000 | |
Ráth Cairn | Acomhal R154 | Acomhal ag an scoil náisiúnta | Réitigh plean gníomhaíochta Ráth Cairn | 50,000 | |
Iomlán | 200,000 |
No comments