Written answers

Wednesday, 23 March 2005

Department of Community, Rural and Gaeltacht Affairs

Údarás na Gaeltachta

9:00 pm

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context

Question 210: To ask the Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta cad iad na tograí i gceantar Bhaile Ghib a mhaoinigh Údarás na Gaeltachta gach bliain le deich mbliana anuas agus cad é an méid a bhí i gceist. [9616/05]

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context

Question 211: To ask the Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta cad iad na tograí i gceantar Ráth Cairn a mhaoinigh Údarás na Gaeltachta gach bliain le deich mbliana anuas agus cad é an méid a bhí i gceist. [9617/05]

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context

Tógfaidh mé Ceisteanna Uimh. 210 agus 211 le chéile.

Dírím aird an Teachta ar thuarascálacha bliantúla agus cuntais Údarás na Gaeltachta 1995 go dtí 2003, a leagadh os comhair Thithe an Oireachtais agus a bhfuil cóipeanna díobh ar fáil i Leabharlann an Oireachtais. Tá an t-eolas atáá lorg ag an Teachta maidir le maoiniú tograí i mBaile Ghib agus Ráth Cairn ar fáil sna tuarascálacha sin.

Maidir le 2004, nach bhfuil tuarascáil bhliantúil 2004 foilsithe ina leith go fóill, tá na sonraí cuí don bhliain sin leagtha amach sa tábla leis seo.

Tograí i gContae na Mí a fuair maoiniúóÚdarás na Gaeltachta i 2004
Ceantar Tograâ'¬
Baile Ghib Comhlacht Forbartha Bhaile Ghib 2,500
Ráth Cairn Turmec Teoranta 450,559
Ráth Cairn Bia Faughan Teoranta 150,000
Ráth Cairn Comharchumann Ráth Cairn Teoranta 21,574
Ráth Cairn Gaelora Teoranta 23,401

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context

Question 212: To ask the Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta cad iad na bóithre i gceantar Ghaeltacht Ráth Cairn ar chaith a Roinn airgead orthu nó ar thug an Roinn airgead d'Údarás na Gaeltachta le caitheamh ar iad a dheisiú nó a atógaint le deich mbliana anuas agus cad é an méid a bhí i gceist. [9618/05]

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context

Question 213: To ask the Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta cad iad na bóithre i gceantar Ghaeltacht Bhaile Ghib ar chaith a Roinn airgead orthu nó ar thug an Roinn airgead d'Údarás na Gaeltachta le caitheamh ar iad a dheisiú nó a atógaint, le deich bliana anuas agus cad é an méid a bhí i gceist. [9619/05]

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context

Question 214: To ask the Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta cad iad na bóithre i gceantar Ghaeltacht Ráth Cairn a bhfuil sé i gceist ag an Roinn airgead a chaitheamh orthu nó airgead a thabhairt ón Roinn d'Údarás na Gaeltachta le caitheamh orthu, lena ndeisiú nó lena n-atógaint, i mbliana agus cad é an méid atá i gceist. [9620/05]

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context

Question 215: To ask the Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta cad iad na bóithre i gceantar Ghaeltacht Bhaile Ghib a bhfuil sé i gceist ag an Roinn airgead a chaitheamh orthu nó airgead a thabhairt ón Roinn d'Údarás na Gaeltachta le caitheamh orthu, lena ndeisiú nó lena n-atógaint, i mbliana agus cad é an méid atá i gceist. [9621/05]

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context

Tógfaidh mé Ceisteanna Uimh. 212, 213, 214 agus 215 le chéile.

Tá an clár oibre le haghaidh bóithre sa Ghaeltacht don bhliain 2005-06 á ullmhú ag mo Roinn faoi láthair. Tá socrú i bhfeidhm le fada idir mo Roinn agus na húdaráis áitiúla a bhfuil ceantair Ghaeltachta faoina gcúram go ndéanfaidh siad na hoibreacha seo sna ceantair éagsúla Gaeltachta. Ní chuireann mo Roinn airgead ar fáil d'Údarás na Gaeltachta chun bóithre a fhorbairt sa ghnáth-bhealach.

Tá an t-eolas atá iarrtha ag an Teachta maidir le deontais a ceadaíodh le deich mbliana anuas sa tábla leis seo.

Bóithre a ceadaíodh i mBaile Ghib agus Ráth Cairn, Contae na Mí, 1995 go dtí 2004. Bóithre strátéiseacha
Bliain Bealach Tús Críoch Oibreacha Deontas â'¬
2004 Ráth Cairn S.N. Ráth Cairn S.N. Ráth Cairn An crosaire ag S.N. Ráth Chairn a fheabhsú de réir an dearadh nua a dheineadh i 2003. 4 cinn de bhoilginí bóthair a thógáil, mar is gá, ar na bóithre chun na scoile 150,000
2003 Ráth Cairn Deireadh an chosáin reatha An Mheánscoil Ceannach Talún. Cosán le tógáil. Duchtáil i gcomhair soilse poiblí le chur ar fail. Dhá duchta spáráil le chur síos agus aireacht teorainn. 70,000
Ráth Cairn Deireadh an chosáin reatha Acomhal ag an scoil náisiúnta Ceannach Talún. Cosán le tógáil. Duchtáil i gcomhair soilse poiblí le chur ar fail. Dhá duchta spáráil le chur síos agus aireacht teorainn. 80,000
Ráth Cairn Acomhal R154 Acomhal ag an scoil náisiúnta Réitigh plean gníomhaíochta Ráth Cairn 50,000
Iomlán 200,000

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.