Written answers

Tuesday, 22 February 2005

Department of Community, Rural and Gaeltacht Affairs

Oileáin amach ón gCósta

8:00 pm

Photo of Dinny McGinleyDinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context

Question 32: To ask the Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta cad é an dul chun cinn atá déanta maidir le haer-stráice a chur ar fáil ar Oileán Thoraí, agus an ndéanfaidh se ráiteas ina thaobh. [5817/05]

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context

Faoi mar is eol don Teachta, le cúpla bliain anuas táÚdarás na Gaeltachta i mbun oibre réamh-phleanála i gcomhair aerstráice ar Oileán Thoraí. Ag eascairt ón obair seo, fuarthas cead pleanála ó Comhairle Chontae Dhún na nGall i leith thógáil an aerstráice seo. Chun an togra seo a bhrú ar aghaidh, d'iarr mo Roinn anuraidh ar an údarás dul ar aghaidh le cuardach ar an suíomh don fhorbairt ar mhaithe le húinéirí na talún a aimsiú. Ach an obair seo a bheith críochnaithe, déanfar cinneadh maidir leis an ngá le horduithe ceannacháin éigeantaigh a chur i bhfeidhm ar an talamh don togra.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.