Written answers

Wednesday, 16 February 2005

Department of Community, Rural and Gaeltacht Affairs

Decentralisation Programme

9:00 pm

Photo of Dinny McGinleyDinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context

Question 189: To ask the Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta cad é an dul chun cinn atá déanta ina Roinn go dtí seo maidir le cur i bhfeidhm pholasaí dí-lárnaithe an Rialtais. [5257/05]

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context

Tuigfidh an Teachta, ar ndóigh, go bhfuil an próiséas díláraithe in aon Roinn Stáit ag brath ar an dul chun cinn atáá bhaint amach ag an nGrúpa Forfheidhmithe Lárnach.

Sa chomhthéacs sin, tá céimeanna éagsúla glactha ag mo Roinnse le tamall anuas. Ina measc: tá Aonad Díláraithe faoi leith bunaithe chun déileáil leis an gceist seo; tá Coiste Díláraithe Roinne curtha ar bun freisin ar a bhfuil ionadaíocht ó bhainistíocht shinsearach agus ó fhoireann mo Roinne; tá oifigeach faoi leith roghnaithe chun teagmháil a choimeád ar bhonn leanúnach leis an Roinn Airgeadais; tionóltar cruinnithe speisialta de Choiste Comhpháirtíochta mo Roinne agus baintear leas as na cruinnithe sin chun an fhoireann a choimeád ar an eolas maidir le gach gné den phróiseas díláraithe; bíonn mo Roinn i dteagmháil leis na ceardchumainn chomh maith agus tá an cheist pléite leo ag an gComhairle Rannúil; tá socrú curtha ar bun chun eolas faoin dílárú a eisiúint go rialta agus cuirtear gach doiciméad atá bainteach leis an bpróiseas díláraithe ar fáil don bhfoireann uile ar na fillteáin poiblí ar an gcóras ríomhphoist; tá mioneolas bailithe maidir le láthair atá i gceist don dílárúó thaobh mo Roinne de agus tá pacáistí eolais bunaithe ar an eolas sin scaipthe ar an bhfoireann uile; tá obair idir lámha maidir le córais a chur i bhfeidhm chun nósanna oibre sna rannáin éagsúla a chur ar thaifead agus chun múnlaí a fhorbairt d'fhonn aistriúéifeachtach fóirne a éascú amach anseo; tá Plean leasaithe um Fhorfheidhmiú an Díláraithe á ullmhú faoi láthair le cur faoi bhráid Choiste Forfheidhmithe an Díláraithe; tá iarratas ar dhílárú/spéis i leith dílárú go hAerfort Chnoc Mhuire curtha isteach nó curtha in iúl ag 159 státsheirbhíseach agus 9 seirbhíseach poiblí— Ina theannta seo, tá iarratas ar dhílárú/spéis i leith dílárú go dtí Na Forbacha curtha isteach nó curtha in iúl ag 7 státsheirbhíseach agus 5 sheirbhíseach poiblí; tá ainmneacha na mball foirne i seirbhís a bhéas ag aistriú le mo Roinnse go hAerfort Chnoc Mhuire mar aon leo siúd a roghnaigh aistriú go suímh díláraithe eile curtha ar fáil anois ag an tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí; tá mo Roinn i gcomhcheangal le hOifig na nOibreacha Poiblí maidir leis na socruithe i dtaobh tógáil foirgnimh cheanncheathrún ag Aerfort Chnoc Mhuire; agus tá socruithe maidir le síneadh ag Oifigí na Roinne sna Forbacha faoi lán tseoil freisin.

Tuigim go bhfuil struchtúir den chineál céanna chun an próiseas díláraithe a chur chun cinn curtha ar bun ag ADM; tógtar dílárú san áireamh sa pholasaí earcaíochta atá acu agus tá ADM i dteagbháil díreach leis an OPW maidir le cóiríocht ar an gClochán. Maidir le Foras na Gaeilge, tá dílárú sa chás sin faoi réir chomhaontú na Comhairle Aireachta Thuaidh-Theas agus tá plé ar siúl i gcónaí leis na húdaráis ó Thuaidh d'fhonn dul chun cinn a bhaint amach sa chomhthéacs sin.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.