Written answers

Wednesday, 16 February 2005

Department of Community, Rural and Gaeltacht Affairs

Irish Language

9:00 pm

Photo of Dinny McGinleyDinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context

Question 188: To ask the Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta cad é an mhoill atá le foilsiú Thuarascáil Bhliantúil Fhoras na Gaeilge agus cén uair atá sé ag súil go mbeidh an Tuarascáil ar fáil. [5256/05]

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context

Faoi mar is eol don Teachta, tá próiseas casta le comhlíonadh maidir le foilsiú chuntais agus thuarascálacha bhliantúla don bhForas Teanga, sa mhéid gur gá na cuntais/tuarascálacha don dááisínteacht — i.e., Foras na Gaeilge agus Tha Boord o Ulstèr-Scotch — a bheith iniúchta agus formheasta ar dtús, sular féidir iad a chomh-tháthú i gcomhréir leis na forálacha reachtúla agus cuntasaíochta atá leagtha síos. Is riachtanas sainiúil é seo a bhaineann leis an bhForas Teanga amháin i measc nan-institiúidí Thuaidh-Theas.

Faoi láthair, tá an próiseas comhairleach Thuaidh-Theas d'fhonn na cuntais chomh-tháite don bhForas Teanga don tréimhse dar críoch 31 Nollaig 2000 a ghlanadh ag druidim chun críche agus tá súil agam nach fada go mbeidh said réidh le foilsiú. Cuimseoidh na cuntais chomh-tháite sin na cuntais agus tuarascálacha bhliantúla don dááisínteacht.

Maidir le Foras na Gaeilge féin, tig liom a dhearbhú don Teachta go bhfuil na cuntais bhliantúla do na blianta 2001, 2002 agus 2003 curtha ar fáil ag an eagraíocht don Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste. Nuair a bheidh obair an Ard-Reachtaire ar na cuntais sin críochnaithe, beidh sé riachtanach iad a chomh-tháthú le cuntais Tha Boord o Ulstèr-Scotch le go bhféadfar iad a chur faoi bhráid mar chuntais an Fhoras Teanga.

De réir na nósanna imeachta atá leagtha síos, foilseofar tuarascálacha bliantúla na n-áisínteachtaí ag an am céanna leis na cuntais, sa bhfoirm chomh-tháite atá ceadaithe.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.