Seanad debates

Thursday, 28 May 2015

Commencement Matters

Scéimeanna Teanga

10:30 am

Photo of Trevor Ó ClochartaighTrevor Ó Clochartaigh (Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Cuirim céad fáilte roimh an Aire Stáit. Tá brón orm gur tharraing mé isteach sa Seanad inniu é, ach bhraith mé nach raibh an dara rogha agam mar gur chur mé ceist chuig a oifig trí seachtaine ó shin maidir leis seo. Leis an gceart a thabhairt dó, dúirt sé go gcuirfeadh sé ar aghaidh é chuig an Roinn le freagra a fháil ach ní bhfuair muid freagra le trí seachtaine, in ainneoin gur chur mé dhá mheabhrúchán chomh fada le hoifig an Aire Stáit. Baineann an cheist le scéim na gcampaí samhraidh, scéim a bhfuil an-rath agus an-tóir uirthi agus atá ag déanamh an-leas go deo sna ceantair Gaeltachta. Is scéim í seo ina bhfuil páistí na Gaeltachta ag neartú na Gaeilge i rith an tsamhraidh, ag spraoi agus ag baint an-sult as. Tá go leor eagraíochtaí deonacha ag riar campaí samhraidh ar fud na Gaeltachta. Is iontach go deo an scéim í agus ba mhaith linn í a fheiceáil ag láidriú agus ag neartú, ach tamaill ó shin, rinne Roinn an Aire socrú nach í an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta feasta a bheadh ag riar scéim na gcampaí samhraidh, ach go bhfuil an scéim sin anois le tabhairt ar lámh do Mhuintearas le reachtáil.

Níl aon rud agam i gcoinne Muintearas per se, ach tháinig roinnt mhaith daoine chugam ina dhiaidh sin ag cur roinnt ceisteanna síos. Chuir mé na ceisteanna seo chuig an Aire Stáit. Baineann siad leis an mbuncheist seo: cén fáth ar ghlac an Roinn an cinneadh seo agus cén fáth nach bhfuil sí féin ag leanúint le riaradh na scéime seo. An rinne sí athbhreithniú ar an scéim? Má rinne, an bhfuil tuairisc ar thorrthaí an athbhreithnithe sin le fáil? Ba mhaith le daoine fáil amach cén chaoi a roghnaíodh Muintearas leis an scéim a riar. An raibh fógra poiblí ann? An raibh próiseas tairisceana ann? An ndearnadh gearrliostú ar iarrthóirí agus an raibh próiseas caighdeánach roghnúcháin i gceist? Cé a rinne an cinneadh? An ndearna an tAire Stáit an cinne nó arbh iad feidhmeannaigh na Roinne a rinne an cinneadh ar a shon? An bhfuil an tAire Stáit sásta leis an gcinneadh?

An bhfuil aon imní air maidir le coinbhleacht leasa a bheith ann de bharr go mbíonn Muintearas féin ag plé le campaí samhraidh? Seo ceist a chur roinnt daoine orm. Is grúpa é seo a bhí ag baint tairbhe as an scéim seo é féin le campaí a reachtáil, campaí a bhfuil an-rath orthu, de réir mar a thuigim. Bhraith daoine go raibh sé aisteach go raibh ceann de na grúpaí a bhí ag fáil an airgid roimhe seo ag riar na scéime anois agus go bhféadfadh coinbhleacht leasa a bheith ann. An bhfuil an tAire Stáit sásta nach bhfuil coinbhleacht leasa i gceist?

Cén buntáiste a bheas le fáil ag pobal na Gaeltachta as an cinneadh a bheith glactha? An bhfuil sé chun a bheith feabhsaithe? Cén buiséad a bheas le riaradh ag Muintearas don scéim seo gach bliain? Cén próiseas riaracháin a bheas ann maidir le meastóireacht ar iarratais? An mbeidh próiseas neamhspleách athchomhairc ar fáil agus má tá, céard é? Tá daoine ag fiafraí díom an mbeidh siad in ann athchomharc a dhéanamh muna bhfuil siad sásta leis an gcinneadh a bheas glactha ag Muintearas faoin iarratas agus má dhéanann siad sin, cé aige a dhéanfaidh siad é.

Cé mhéad den bhuiséad a bheas caite ar riarachán na scéime agus cé mhéad a bheas le dáileadh ar lucht eagraithe na gcampaí? An mbeidh cuid den airgead atá ann do na campaí samhraidh seo á chaitheamh ar riarachán i Muintearas, nó an mbeidh an t-airgead ar fad ag dul i dtreo na campaí? Cén comparáid atá idir sin agus nuair a bhí an Roinn i mbun riaracháin? Má bhí méid áirid airgid ar fáil ón Roinn le haghaidh na campaí go díreach, an mbeidh an méid céanna le fáil go díreach ag na campaí a bheas á riar faoin scéim? Cén plé a rinneadh le lucht eagraithe na gcampaí maidir leis na riachtanais atá acu sular ghlac an Roinn an cinneadh? An bhfuil aon dul siar ar an gcinneadh ag an bpointe seo? Sin iad na ceisteanna a ardaíodh liomsa. Bhí daoine ann nach raibh ag iarraidh na ceisteanna seo a ardú go poiblí, mar bhraith siad go mb'fhéidir go gcuirfeadh sé isteach ar aon iarratas a dhéanfadh siad, agus sin nádúr na scéime. Mar a deir mé, tá an-mheas agam ar an scéim seo. Tá an-tóir ag páistí na Gaeltachta uirthi. Baineann siad an-tairbhe aisti, ach caithfidh mé a rá gur tháinig an cinneadh seo aniar aduaidh ar dhaoine, nár thuig siad cén réasúnaíocht a bhí taobh thiar de agus go bhfuil siad ag ardú na ceisteanna seo ar mhaithe leis na campaí a neartú agus a láidriú amach anseo. Bheinn an-bhuíoch den Aire Stáit as ucht soiléiriú a thabhairt dúinn ar maidin.

Photo of Joe McHughJoe McHugh (Donegal North East, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tá an ceart ag an Seanadóir. Fuair mé cúpla ceist ón Seanadóir trí seachtaine ó shin agus fuair mé freagra cuimsitheach cúpla lá ó shin. D'ardaigh an Seanadóir 11 cheist agus chomh maith leis sin tá freagra cuimsitheach anseo agam. Níl sé le síniú ach tá sé anseo.

Tá mé buíoch don Seanadóir as an ábhar seo a ardú inniu. Bunaíodh scéim na gcampaí samhraidh i 1999 chun cabhrú le caomhnú, leathnú agus buanú na Gaeilge sa Ghaeltacht agus go háirithe chun í a threisiú mar theanga labhartha i measc aos óg na Gaeltachta. Rinneadh é seo trí réimse imeachtaí oideachasúla a eagrú, mar shampla ríomhaireacht, ceardaíocht, drámaíocht, ceol agus spórt. Is imeachtaí trí Ghaeilge atá i gceist le scéim na gcampaí samhraidh seachas foghlaim na Gaeilge per se. Is tríd na himeachtaí seo a spreagtar féinmheas i measc an aosa óig agus meas ar a n-oidhreacht agus ar a gcultúr. Ina theannta sin, tuigeann pobal na Gaeltachta i gcoitinne an tionchar dearfach is féidir a imirt ar úsáid na Gaeilge sa Ghaeltacht trí na gníomhaíochtaí atá i gceist leis an scéim.

Tá comhphlé ar bun le tamall anois idir mo Roinn agus Údarás na Gaeltachta maidir leis na bealaí go bhféadfaí cur le héifeacht na scéimeanna agus na ngníomhaíochtaí a thagann faoi scáth an dá eagraíocht agus an luach is fearr ar airgead a fháil don Stát. Tá sé seo á dhéanamh i gcomhthéacs chur i bhfeidhm córasach na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge. Tá sé á dhéanamh fosta i gcomhthéacs na bhfreagrachtaí breise atá sainithe don Údarás faoi Acht na Gaeltachta 2012 mar a bhaineann sé le cur i bhfeidhm an phróisis pleanála teanga sa Ghaeltacht.

Ag eascairt as an bplé sin, aontaíodh le gairid go n-aistreofaí an fhreagracht do scéim na gcampaí samhraidh sa Ghaeltacht ó mo Roinn chuig Údarás na Gaeltachta. Tháinig an socrú sin i bhfeidhm ar an 15 Aibreán. Tuigim go ndearna an t-údarás cinneadh ina dhiaidh sin an fhreagracht maidir le reáchtáil na scéime a thiomnú chuig Muintearas Teoranta, atá mar fhochuideachta de chuid an údaráis.

Tá mé sásta go ndéanfaidh Údarás na Gaeltachta agus Muintearas Teoranta an scéim a riar go héifeachtach. Ní bheidh aon laghdú ar an maoiniú a bheidh ar fáil dóibh siúd a bheidh ag eagrú campaí samhraidh sa Ghaeltacht agus beidh na rialacha céanna i bhfeidhm faoin scéim agus a bhí anuraidh. Cuirfídh mo Roinn allúntas de €300,000 ar fáil don údarás i mbliana don scéim agus suim nach mó ná sin i 2016 agus i leith gach bliain ina dhiaidh sin go dtí 2020. Beidh Údarás na Gaeltachta freagrach as gach gné den scéim a reáchtáil agus a riar go ceann cúig bliana. Déanfar athbhreithniú ar an socrú seo in 2020.

Photo of Trevor Ó ClochartaighTrevor Ó Clochartaigh (Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Táim buíoch den Aire Stáit agus beidh mé ag súil leis na freagraí cuimsitheacha atá luaite aige a fháil uaidh chomh luath agus is féidir. Is dócha gurb í an bhuncheist anseo ná go bhfuil difríocht idir Údarás na Gaeltachta agus Muintearas, cé gur fochuideacht é Muintearas de chuid Údarás na Gaeltachta. Bhí Muintearas féin ag baint leasa as ciste na gcampaí samhraidh agus braitheann daoine áirithe atá ag plé le campaí samhraidh go mb'fhéidir go bhfuil coinbhleacht leasa i gceist ansin. Ní dóigh liom go mbeadh deacracht acu dá mbeadh an scéim á riar ag Údarás na Gaeltachta é féin ach braitheann siad go bhféadfadh - agus níl mise ag cur i leith Muintearas go mbeadh - coinbhleacht leasa a bheith ann. An aontaíonn an tAire Stáit leis sin nó an bhfuil sé 100% sásta nach bhfuil coinbhleacht leasa i gceist sa chás seo?

Photo of Joe McHughJoe McHugh (Donegal North East, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Mar is eol don Seanadóir, rinneadh an cinneadh ar an 15 Aibreán i mbliana. Tá an t-údarás freagrach as an scéim. Bhí aistriú ar siúl ar an lá sin. É sin ráite, rinne an t-údarás cinneadh an fhreagracht maidir le reachtáil na scéime a thiomnú chuig Muintearas Teoranta, atá mar fhochuideachta de chuid an údaráis. Is comhlacht neamhspleách é Muintearas ach tá ceangal mór foirmiúil idir an t-údarás agus Muintearas. Mar atá a fhios ag an Seanadóir, tá go leor obair déanta ag Muintearas ar an talamh ar son na teanga Gaeilge maidir le Óige na Gaeltachta, maidir leis na cúntóirí teanga agus an nasc leis na heagraíochta deonacha ar an talamh. Maidir le cur i bhfeidhm an phlean Gaeltachta 2012, tá ról mór agus tábhacht mór aige agus tá go leor obair ar siúl ar son Acht na Gaeltachta 2012. Tá Muintearas ag obair ar an talamh. Tá taithí mór aige agus tá ceangal ann idir na bunscoileanna agus Muintearas. Caithfear a rá go bhfuil dúshlán mór ann sna ceantair Gaeltachta maidir le hAcht na Gaeltachta a chur i bhfeidhm. Beidh athrú ar siúl i ngach áit agus b'fhéidir go bhfuil na campaí samhraidh i lár an turais leis an obair atá ar siúl acu ag spreagadh na Gaeilge trí dhráma, trí spórt agus trí chultúr. Tá ról mór acu. Táim sásta leis an aistriú. Táim sásta go mbeidh an t-údarás freagrach as an scéim go 2020. Táim sásta leis an bplean atá ann idir Údarás na Gaeltachta agus Muintearas Teoranta, fochuideacht an údaráis, agus tá ceangal foirmiúil ann. Táim sásta leis an scéim. Níl an scéim á chur i bhfeidhm. Tá súil agam go mbeidh obair dearfach agus tábhachtach ar siúl an samhradh seo chugainn.