Seanad debates
Thursday, 21 June 2012
Gaeltacht Bill 2012: Second Stage
2:00 pm
Dinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context
Ba mhaith liom mo leithscéal a ghabháil má chuir mé aon mhoill ar an Seanad. B'éigean don Teach dúnadh sÃos ar feadh cúpla nóiméad agus tá an locht orm. ShÃl mé nach mbeadh orm a bheith istigh go dtà 3 p.m.
Molaim go léifear an Bille don Dara hUair. Tá lúcháir mhór ormsa, mar Aire Stáit le cúraimà Gaeilge agus Gaeltachta, agus mar ionadaà poiblà de bhunadh na Gaeltachta, an dÃospóireacht ar Bhille na Gaeltachta 2012 a thionscnamh i Seanad Ãireann tráthnóna inniu. I dtús báire, ba mhaith liom léargas gairid a thabhairt don Teach ar phrÃomhchuspóirà agus ar phrÃomhfhorálacha an Bhille. Ina dhiaidh sin, beidh deis ag baill an Tà seo tuairimà a nochtadh faoina bhfuil sa Bhille agus tá mé ag súil go mór éisteacht leo. Ba thógáil croà domsa, i ndÃospóireachtaà a bhà againn anseo cheana, an dea-mhéin a léirigh Seanadóirà agus an tacaÃocht a thug siad do cheisteanna agus rúin a bhaineann leis an Ghaeilge agus leis an Ghaeltacht, agus tá mé cinnte go mbeidh an dea-mhéin agus an tacaÃocht chéanna ar fáil ar bhonn traspháirtà don Bhille thábhachtach seo.
Is Bille gairid é Bille na Gaeltachta, le 25 alt i gceithre chuid, agus Sceideal. Mar sin féin, creidimse gur Bille cinniúnach é a mbeidh dea-thionchar aige ar chur chun cinn na Gaeilge sa
Ghaeltacht agus ar fud na tÃre ar feadh na mblianta amach romhainn. Nà mór dúinn cuimhneamh gurb à seo an chéad uair ó 1956 go bhfuil aird á tabhairt, trà reachtaÃocht, ar an ghá atá le brà nua a thabhairt don Ghaeltacht agus le haitheantas a thabhairt do phobail eile sa Stát a thugann tacaÃocht don Ghaeilge.
Is siombail an-tábhachtach dár bhféiniúlacht à an Ghaeilge, agus mar cheann de na hacmhainnà is luachmhaire atá againn, tá géarghá lena caomhnú agus lena forbairt. Tá sà ina teanga theaghlaigh agus phobail sa Ghaeltacht, mar shlabhra gan bhriseadh, le breis agus 2,000 bliain. Tá sà á labhairt go forleathan ag na mÃlte daoine eile go laethúil, lasmuigh agus laistigh den chóras oideachais, sa chuid eile den Stát. Is dÃol suntais é go bhfuil tacaÃocht tugtha ag gach Rialtas don Ghaeilge ó bunaÃodh an Stát 90 bliain ó shin agus nà haon áibhéil a rá nach mbeadh sà chomh láidir agus atá sà inniu in éagmais na tacaÃochta sin.
Mar sin féin, aithnÃmid na dúshláin agus na constaicà a bhaineann leis an Ghaeilge a chosaint agus à ag maireachtáil taobh le taobh le mórtheanga dhomhanda an Bhéarla. Tá na dúshláin seo le feiceáil sa Ghaeltacht ach go háirithe, an áit a bhfuil an dátheangachas tagtha chun cinn go mór le blianta anuas agus úsáid na Gaeilge mar phrÃomh-mheán cumarsáide an teaghlaigh agus an phobail faoi bhrú leanúnach dá réir.
Nà inniu ná inné a tarraingÃodh aird ar an cheist seo. Is i mà Aibreáin 1956 a d'úsáid an t-iar Aire Oideachais, an Teachta Risteárd Ua Maolchatha, na focail seo le linn na dÃospóireachta Dála maidir le bunú Roinn na Gaeltachta faoin Acht Airà agus Rúnaithe (Leasú) 1956:
Nà gá dom dul siar ar na hiarrachtaà a rinneadh le breis agus deich mbliana fichead anuas ar mhaithe leis an nGaeltacht. Is leor a rá nar éirigh leis na hiarrachtaà sin mar ba mhaith linn. Tá an Ghaeltacht ag meath i gcónaÃ. Deirtear linn go bhfuil lÃon na gcainteoirà Gaeilge sa bhfÃor-Ghaeltacht ag dul i laghad do réir mÃle duine sa mbliain.
Tá mise sásta a bheith anseo i gcomharbacht ar Risteárd Ua Maolchatha le Bille na Gaeltachta 2012 a thabhairt os comhair an Tà seo.
Tá dhá phrÃomhchuspóir ag an Bhille seo, is iad sin, foráil a dhéanamh maidir le próiseas reachtúil pleanála teanga chun tacú leis an Ghaeilge agus foráil a dhéanamh maidir le leasuithe ar bhord agus ar fheidhmeanna Ãdarás na Gaeltachta. Maidir leis an phróiseas reachtúil pleanála teanga, déantar foráil leis an Bhille maidir le hainmniú na Gaeltachta reatha mar llmistéir pleanála teanga Ghaeltachta. Chun na crÃche sin, bainfear úsáid as critéir pleanála teanga seachas as critéir gheografacha mar a bhÃothas á dhéanamh roimhe seo. Tá gá leis an chur chuige seo chun aghaidh a thabhairt ar an athrú suntasach teanga atá ag tarlú sa Ghaeltacht, mar a léirÃodh sa staidéar cuimsitheach teangeolaÃoch ar úsáid na Gaeilge sa Ghaeltacht a foilsÃodh sa bhliain 2007. Is é an toradh lom a bhà á thuar sa staidéar sin, i bhfianaise phátrún labhartha teanga an aosa óig, ach go háirithe, go bhféadfadh sé nach mbeadh ach saolré 15 bliana go 20 bliain fágtha ag an Ghaeilge mar theanga phobail agus theaghlaigh sa Ghaeltacht, mura ndéanfaà gnÃomh práinneach ina leith seo.
Is mar gheall ar an tuar sin go bhfuil forbairt chóras cuimsitheach pleanála teanga ag leibhéal an phobail sa Ghaeltacht mar ghné lárnach den Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge. Dá bhrà sin, tabharfaidh an Bille seo feidhm reachtúil don phróiseas pleanála teanga faoina mbeidh plean teanga á ullmhú ag leibhéal an phobail do 19 limistéar pleanála teanga faoi leith sa Ghaeltacht, faoi réir rialacháin a shaineoidh na critéir pleanála teanga. Cuireann an cur chuige seo na pobail ag croÃlár an phróisis pleanála teanga, mar go dtugann sé an deis dóibh úinéireacht a ghlacadh ar a bplean féin ina bpobail féin.
Tá na ceantair a bheidh á roghnú le bheith mar limistéir pleanála teanga bunaithe cuid mhaith ar na limistéir pleanála atá ag Ãdarás na Gaeltachta cheana féin, ach ag tógáil san áireamh nithe ar nós cúrsaà teanga, cúrsaà tÃreolaÃochta, struchtúir pobail agus dlús daonra. Os rud é go bhfuil baint lárnach ag an údarás leis an fhorbairt phobail sa Ghaeltacht agus go bhfuil sé ag maoiniú eagraÃochtaà pobalbhunaithe éagsúla, ar nós comharchumainn agus comhlachtaà forbartha, beidh ról ag an údarás maidir le cúnamh a thabhairt do phobail i ndáil le hullmhú agus cur i bhfeidhm pleananna teanga sna limistéir seo. Tá sé tábhachtach a nótáil go mbeidh gach ceantar atá sa Ghaeltacht faoi láthair ag fáil deise páirt a ghlacadh sa phróiseas pleanála teanga. Chomh maith leis sin, tá forálacha sa Bhille chun gur féidir leis an Aire ceantair a scor de bheith ina limistéir Ghaeltachta ar an bhunús go dtograÃonn siad gan a bheith páirteach sa phróiseas nó nach bhfuil pleananna teanga á gcur i bhfeidhm ar bhonn sásúil.
Déantar foráil leis an Bhille fosta maidir le bailte seirbhÃse Gaeltachta a ainmniú. Is é atá i gceist leo sin ná bailte atá suite i limistéir pleanála teanga Ghaeltachta, nó tadhlach leo, agus a bhfuil ról suntasach acu maidir le seirbhÃsà poiblà a sholáthar do na limistéir sin. Chun go ndéanfar ainmniúchán mar bhaile seirbhÃse Gaeltachta, beidh ar eagraÃocht i mbaile den sórt sin plean teanga a ullrmhú agus nà mór di an plean sin a chur faoi bhráid an Aire lena cheadú. Déanfaidh Ãdarás na Gaeltachta nó Foras na Gaeilge, ag brath ar cibé acu atá an baile suite laistigh de limistéir pleanála teanga Ghaeltachta nó lasmuigh dÃobh, cúnamh a thabhairt d'eagraÃochtaà maidir le hullmhú agus cur i bhfeidhm pleananna teanga sna bailte sin. Is tuar dóchais é an méid atá ar siúl i bpobail éagsúla lasmuigh den Ghaeltacht chun an Ghaeilge a chur chun cinn agus, ar an ábhar sin, tá sé tábhachtach nach mbeidh an próiseas pleanála teanga teoranta do na ceantair a bhfuil stádas reachtúil Gaeltachta acu faoi láthair. Baineann alt 11 den Bhille le pobail teanga, atá lasmuigh de limistéir pleanála teanga Ghaeltachta, a ainmniú mar lÃonraà Gaeilge. Is é atá sna lÃonraà Gaeilge sin ná limistéir a bhfuil bun-mhais chriticiúil bainte amach acu i dtaca le tacaÃocht phobail agus tacaÃocht Stáit don Ghaeilge agus a bhfuil pleananna teanga ullmhaithe ina leith. Beidh ról ag Foras na Gaeilge maidir le cúnamh a thabhairt d'eagraÃochtaà i ndáil le hullmhú agus cur i bhfeidhm pleananna teanga i lÃonraà Gaeilge.
Sula ndéanaim tagairt don dara mórchuspóir atá ag an Bhille seo, is é sin, leasú a dhéanamh ar reachtaÃocht Ãdarás na Gaeltachta, measaim go mbeadh sé tairbheach léargas gairid a thabhairt ar na cineálacha critéir pleanála teanga a bheidh i gceist sna rialacháin a dhéanfar faoi alt 12 den Bhille. Foráiltear leis an alt seo go ndéanfaidh an tAire, le rialachán, na critéir pleanála teanga a úsáidfear i leith pleananna teanga i leith limistéar pleanála teanga Gaeltachta, bailte seirbhÃse Gaeltachta agus lÃonraà Gaeilge a fhorordú. Tá réamhullmhúchán déanta cheana ag mo Roinn chun critéir shamplacha a fhorbairt i gcomhar le páirtithe leasmhara laistigh agus lasmuigh den Ghaeltacht. I measc na gcritéar a d'fhéadfaà a úsáid chun crÃche plean teanga a fhorbairt, áirÃtear, mar shampla:an céatadán den daonra atá ina gcainteoirà laethúla Gaeilge taobh istigh agus taobh amuigh den chóras oideachais, de réir an daonáirimh is déanaÃ; coiste ionadaÃoch i measc an phobail chun plean a ullmhú agus a chur chun cinn; oideachas trà Ghaeilge ag an mbunleibhéal a bheith ar fáil do dhaltaà an cheantair; oideachas trà Ghaeilge ag an dara leibhéal a bheith ar fáil do dhaltaà an cheantair, áit gur féidir; seirbhÃsà tacaÃochta teaghlaigh teangalárnaithe, ar a n-áirÃtear seirbhÃsà cúram leanaÃ, grúpaà teaghlaigh, grúpaà tuismitheoirà agus páistà agus seirbhÃsà comhairleacha do theaghlaigh, a bheith ar fáil sa cheantar; seirbhÃsà réamhscolaÃochta a bheith ar fáil sa cheantar; clubanna óige, campaà samhraidh, imeachtaà spóirt agus imeachtaà sóisialta eile don óige, chomh maith le himeachtaà agus cumainn do gach aoisghrúpa eile a bheith á riar trà Ghaeilge; fianaise go bhfuil an Ghaeilge in úsáid i saol gnó an cheantair; fianaise go bhfuil an Ghaeilge in úsáid ag an earnáil phoiblà sa cheantar; an Ghaeilge a bheith le feiceáil agus le cloisteáil sna meáin áitiúla; agus seirbhÃsà creidimh trà Ghaeilge a bheith ar fáil do phobal an cheantair. Tá sé soiléir mar sin go mbeidh pleananna le hullmhú a chuimseoidh gach gné de shaol an phobail agus a chuirfidh go mór le húsáid agus le feiceálacht na Gaeilge.
Tá creidiúint ag dul d'Ãdarás na Gaeltachta as an obair cheannródaÃoch atá déanta acu ag forbairt na Gaeltachta le breis agus 30 bliain. Tá mise cinnte go gcuirfidh na hathruithe atá beartaithe sa Bhille seo dlús leis an obair sin agus go nginfidh na feidhmeanna breise Gaeilge lárnaithe atá á bhfáil ag an údarás misneach agus fuinneamh nua san eagraÃocht. Déantar na forálacha seo a leanas leis an mBille: (i) deireadh a chur leis an gceanglas i ndáil le toghcháin dhÃreacha chun Ãdarás na Gaeltachta; (ii) laghdú a dhéanamh ar an lÃon comhaltaà ar an bhord ó 20 go 12; foráil a dhéanamh maidir le comhairlà contae a bhfuil limistéir Ghaeltachta laistigh dÃobh, d'ainmniú cúig chomhalta den bhord lena gceapadh ag an Aire; agus foráil a dhéanamh maidir leis an Aire do cheapadh na seachtar gcomhalta eile; (iii) feidhmeanna breise a thabhairt don údarás maidir le pleanáil teanga agus cur chun cinn teanga sa Ghaeltacht; (iv) deireadh a chur le coistà reachtúla réigiúnacha an údaráis; (v) laghdú a dhéanamh ar mhéid a choiste meastóireachta reachtúil; (vi) a chumasú don Aire a ordú don údarás infheistÃocht a dhéanamh in earnálacha áirithe fiontraÃochta; agus (vii) foráil a dhéanamh i dtaobh nithe gaolmhara eile.
Ba mhaith liom aird a dhÃriú chomh maith ar na leasuithe ar alt 8 den Acht um Ãdarás na Gaeltachta 1979 atá luaite in alt 17 den Bhille seo. EascraÃonn siad seo as comhairle a fuarthas ó Oifig an Ard-Aighne maidir leis an ngá le soiléiriú a dhéanamh ar fheidhmeanna an údaráis faoi fho-alt 8(1) d'Acht 1979. De bharr na leasuithe ar alt 8, soiléireofar go bhfuil cúram reachtúil ar an údarás maidir le forbairt teanga, chultúir, shóisialta, fhisiciúil agus eacnamaÃoch na Gaeltachta a chur chun cinn.
Tá a fhios agam go bhfuil spéis ar leith ag baill an Tà seo sa mheicnÃocht nua atá sa Bhille chun Bord an Ãdaráis a roghnú agus sa chinneadh atá tógtha ag an Rialtas deireadh a chur le toghcháin don bhord. Mar is eol do SheanadóirÃ, tá traidisiún láidir an daonlathais ag baint leis an bhord seo agus teastaÃonn ón Rialtas agus, ar ndóigh, mar dhuine de bhunadh na Gaeltachta, uaim fhéin chomh maith, an ghné dhaonlathach seo a choinneáil chomh fada agus is féidir. Chun é sin a dhéanamh, mar a luaigh mé nÃos luaithe, déanfaidh comhairlà contae a bhfuil limistéar Gaeltachta nó limistéar pleanála teanga Gaeltachta suite ina ndlÃnse, cúig chomhalta den bhord a ainmniú as measc na gcomhaltaà tofa. Déanfar ceathrar comhalta den chúigear sin a ainmniú as measc chomhaltaà tofa chomhairlà chontae chontaetha Dhún na nGall, Mhaigh Eo, na Gaillimhe agus Chiarraà agus beidh siad ina n-ionadaithe ar feadh an téarma iomláin oifige. Déanfar an t-ainmniúchán eile a lÃonadh ar bhonn sealaÃochta uair amháin gach dhá bhliain agus is é nó à a lÃonfaidh an t-ainmniúchán sin ná comhalta tofa arna ainmniú nó arna hainmniú ag ceann amháin de na comhairlà contae ina bhfuil limistéir bheaga Ghaeltachta, is iad san, Corcaigh, Port Láirge agus an MhÃ. I gcás nach féidir le comhairle contae duine dá comhaltaà tofa a ainmniú ar chúiseanna nach bhfuil an duine ar fáil nó go bhfuil sé nó sà mÃ-oiriúnach, féadfaidh an chomhairle sin duine seachas ionadaà tofa a ainmniú. Is é nó à an t-Aire a cheapfaidh na seacht gcomhalta eile, lena n-áirÃtear an cathaoirleach.
Ba mhaith liom a lua chomh maith go mbeidh ar gach duine a cheapfar a dheimhniú don Aire go bhfuil taithà acu, nó go bhfuil cumas léirithe acu, i ndáil le nithe a bhaineann le feidhmeanna an údaráis, lena n-áirÃtear an cumas chun a bhfeidhmeanna a chomhlÃonadh go héifeachtach i nGaeilge, rud atá thar a bheith tábhachtach.
Le fo-alt (b) de alt 18 den Bhille, lamháiltear don údarás, le toiliú na n-Airà EalaÃon, Oidhreachta agus Gaeltachta, Caiteachais Phoiblà agus Athchóirithe agus Post, Fiontar agus NuálaÃochta, cuideachtaà a bhà ag fáil cúnamh airgeadais roimhe seo ó ghnÃomhaireachtaà eile forbartha a mhaoiniú. De réir chinnidh Rialtais ar an 31 Bealtaine 2011, tá an t-údarás chun a chuid feidhmeanna fiontraÃochta a choimeád, ach sin faoi réir, inter alia, meicnÃocht a fhorbairt chun a chumasú dó oibriú i gcomhar le gnÃomhaireachtaà eile fiontraÃochta i ndáil le haon tionscadail shuntasacha Gaeltachta a bheidh ann agus a mbeidh ardphoitéinseal ag baint leo. Tá meicnÃocht riaracháin a thabharfaidh éifeacht don chinneadh sin á fhorbairt faoi láthair. Tá an leasú a beartaÃtear i bhfo-alt (b) ceaptha chun a chinntiú nach mbeadh cosc ar an údarás am éigin sa todhchaà maidir le cúnamh a thabhairt, faoin mheicnÃocht sin, do chuideachtaà a bhféadfadh sé bheith ina leith go bhfuair siad tacaÃocht ón Ãdarás Forbartha Tionscail nó ó FhiontraÃocht Ãireann, ach sin faoi réir acmhainnà dóthanacha a chur ar fáil.
Foráiltear le fo-alt (b) de alt 21 go dtabharfaidh an tAire ordúcháin don údarás chun forbairt earnálacha áirithe fiontraÃochta a chur chun cinn ar mhaithe le huasmhéadú a dhéanamh ar luach ar airgead ó chaiteachas an údaráis ar chruthú fostaÃochta agus ar thionscadail forbartha fiontraÃochta.
Mar thoradh ar fhorálacha éagsúla atá sa Bhille, déantar foráil maidir le haisghairm alt 2 den Acht Airà agus Rúnaithe (Leasú) 1956, maidir le haisghairm gnéithe áirithe den chorpas reachtaÃochta a bhaineann le rialachas agus oibrÃochtaà Ãdarás na Gaeltachta agus maidir le leasuithe ar na hAchtanna Toghcháin 1992 agus 1997 agus ar an Acht um Thruailliú ó Bhruscar, 1997. Déantar foráil leis fosta maidir le cúlghairm roinnt orduithe limistéar Gaeltachta agus roinnt rialachán um thoghcháin Ãdarás na Gaeltachta.
Beidh sábháiltà airgid ag eascairt ón mBille seo. Meastar gurb é a bheidh sa tsábháil a leanfaidh as Cuid 3 den Bhille a bhaineann le Bord Ãdarás na Gaeltachta ná tuairim is â¬100,000 sa bhliain agus sábháil suas go â¬500,000 gach cúig bliana. Nà shamhlaÃtear go leanfaidh aon chostais bhreise don Státchiste as na codanna eile den Bhille mar go mbeidh siad á gcur i gcrÃch laistigh den soláthar a bheidh ceadaithe ón Státchiste.
Le hachtú an Bhille seo, beidh céim ollmhór á glacadh maidir le gnéithe tábhachtacha den Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge a chur i gcrÃch. Beidh ról ceannasach ag eagraÃochtaà pobail taobh istigh agus taobh amuigh den Ghaeltacht, ag obair i gcomhpháirtÃocht leis an Stát maidir le pleananna teanga a ullmhú agus a fheidhmiú dá gceantair. NÃl aon amhras ormsa ach go mbeidh borradh úr le brath faoi úsáid na Gaeilge ar bhonn forleathan sna blianta beaga amach romhainn mar thoradh ar an Bhille seo. Maireann teanga mar gheall ar mhórtas an phobail agus tá mise lándóchasach, leis an spreagadh ceart ón Stát, go bhfuil pobail ann ar fud na Gaeltachta agus ar fud na tÃre atá sásta dul i ngleic leis an dúshlán an Ghaeilge a thabhairt ar aghaidh mar theanga teaghlaigh agus phobail don chéad ghlúin eile. Is ar scáth a chéile a mhaireann muid.
Molaim an Bille seo don Teach.
Brian Ó Domhnaill (Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context
Cuirim fáilte roimh an Aire Stáit. As mo cheantar féin é. Tá lúcháir orm go bhfuil sé féin agus a chuid oifigigh anseo tráthnóna agus go bhfuil an deis seo againn plé a dhéanamh ar an Bhille seo, atá fÃor-thábhachtach, chan amháin don Ghaeltacht ach don tÃr go hiomlán, mar tá impleachtaà agus buntáistà ag an Bhille do chúrsaà Gaeilge sa Ghaeltacht agus taobh amuigh di ins an am fada atá amach romhainn. Mar a dúirt an t-Aire Stáit, tá an Bille ag teacht i gcomh-fhorbairt ar Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge atá fáiltithe, aontaithe agus pléite agus atá inghlactha ag pobal na Gaeltachta agus ag pobal na Gaeilge ar fud na tÃre. Le haghaidh sin a chur i gcrÃch agus leis na pleananna éagsúla a bhà leagtha amach ins an straitéis, bhà sé tábhachtach go mbeadh reachtaÃocht úr ag teacht i bhfeidhm.
Agus sin ráite ó thaobh an phlé oscailte agus iomlán a bhà ann i dtaca leis an straitéis, tá dÃomá orm, agus nÃl mé ag cur aon locht ar an Aire Stáit, faoin dóigh a bhfuil an Bille á bhrú trÃd an Teach. Táimid anseo tráthnóna ag iarraidh dÃospóireacht a dhéanamh ar an Bhille. De ghnáth, téimse abhaile go Dún na nGall tráthnóna Déardaoin, ach caithfear leasaithe le bheith istigh againn, más mian linn leasú a mholadh, roimh 11 a.m. maidin amárach. Tá sin dodhéanta.
Brian Ó Domhnaill (Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context
D'árdaigh mé an fhadhb seo ar Riar na hOibre ar maidin. Rinneadh vóta air ach, ar an drochuair, nÃor glacadh leis an moladh go dtiocfadh linn Céim an Choiste a chur siar, fiú cupla lá an tseachtain seo chugainn, chun deis a thabhairt dúinn leasaithe a ullmhú thar an deireadh seachtaine tar éis a bhfuil le rá ag an Aire Stáit a chlos. B'fhearr i bhfad seans a bheith ag Seanadóirà machnamh a dhéanamh thar an deireadh seachtaine, leasaithe a chur iseach Dé Luain nó Dé Máirt agus Céim an Choiste a phlé Déardaoin nó dé hAoine seo chugainn. NÃl an dóigh a bhfuil an Bille á bhrú trÃd an Teach ag cuidiú le Seanadóirà nó leis na grúpaà nó na pobail éagsúla a bhfuil tuairimà acu i dtaca leis an Bhille. Ar maidin inniu, labhair mé le daoine ó Chontaetha na Gaillimhe, Phort Láirge, ChiarraÃ, ChorcaÃ, ó MhÃscraà agus ó Oileán Cléire, atá an-mÃshásta leis an dóigh a bhfuil an Bille á bhrú trÃd an Teach. Chuir Guth na Gaeltachta agus Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge ráiteas amach nÃos luaithe inniu ag cur sin in iúil.
NÃl mé ag cur an locht ar an Aire Stáit, ach b'fhiú go mór do féin agus do Cheannaire an Tà éisteacht leis na grúpaà atá ag labhairt, deis a thabhairt do Sheanadóirà an Bille a phlé go ciallmhar agus go siosmaideach agus am a thabhairt dúinn aon tuairimà ata againn a chur i bhfoirm leasaithe.
Cuirim fáilte roimh an Bhille féin. Táimid ag fanacht air le fada. Tá an Bille tábhachtach ó thaobh bealach chun tosaigh a leagadh amach do Ãdarás na Gaeltachta maidir le cur chun cinn na Gaeilge, spriocanna na straitéise a chur i bhfeidhm, pobal na Gaeilge a fhás go dtà 250,000 duine taobh istigh de 20 bliain agus na pleananna teanga agus gréasáin a chur i bhfeidhm taobh amuigh den Ghaeltacht. AontaÃm go hiomlán le gach rud ansin agus le gach rud atá sa Bhille.
Brian Ó Domhnaill (Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context
Ba mhaith liom pointe oird a árdu agus mo chuid focal féin a cheartú. Luaigh mé â¬35,000 fá choinne plean teanga a chur i bhfeidhm i gceantar an Spidéil.
Terry Leyden (Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context
Nà pointe oird à sin, a Sheanadóra.
Brian Ó Domhnaill (Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context
Is iad na figiúirà cearta ná â¬35,000 chun an plean a dhréachtú agus â¬650,00 chun é a chur i bhfeidhm. Cá háit a bhfuil an t-airgead luaite sa Bhille?
Trevor Ó Clochartaigh (Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context
Ba mhaith liomsa pointe ghnó a árdú. Nà cosúil go bhfuil na cluasáin ag obair ar an taobh seo den Teach. Cuirim seo in iúil, dÃreach ar mhaithe le daoine atá ag iarraidh éisteacht leis an dÃospóireacht.
James Heffernan (Labour)
Link to this: Individually | In context
AontaÃm leis an Seanadóir à Clochartaigh. NÃl na cluasáin ag obair anseo ach oiread.
Trevor Ó Clochartaigh (Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context
Tá mé ag déanamh an phointe chéanna leis an Seanadóir Heffernan. NÃl na cluasáin ag obair agus tá daoine ag déanamh a ndÃcheall éisteacht leis an ndÃospóireacht.
James Heffernan (Labour)
Link to this: Individually | In context
It is very unfair that we cannot participate.
Brian Ó Domhnaill (Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context
Molaim go gcuirfear an Teach ar athló ar feadh cúig bhomaite go dtà go bhfeicimid. I propose that the House suspend for five minutes. We cannot have Members not knowing what is being said. It is not fair.
Terry Leyden (Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context
Acting Leader, I ask that the sitting suspend for five minutes. There is a difficulty.
Catherine Noone (Fine Gael)
Link to this: Individually | In context
I propose that the sitting suspend for a number of minutes.
Terry Leyden (Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context
Senator James Heffernan was in possession.
James Heffernan (Labour)
Link to this: Individually | In context
Cuirim fáilte roimh an Aire Stáit go dtà an Teach chun Bille na Gaeltachta 2012 a phlé. The Bill makes provision for the potential geographic redefinition of the Gaeltacht and will, for the first time, provide for a statutory language planning process for the Gaeltacht, towns in or adjacent to the Gaeltacht that service Gaeltacht areas and communities outside the Gaeltacht that have made progress in restoring Irish as a community language.
The Seanad Divided:
For the motion: 26 (Ivana Bacik, Paul Bradford, Terry Brennan, Colm Burke, Paul Coghlan, Michael Comiskey, Maurice Cummins, Jim D'Arcy, Michael D'Arcy, Jimmy Harte, Aideen Hayden, Fidelma Healy Eames, James Heffernan, Imelda Henry, Lorraine Higgins, Caít Keane, John Kelly, Denis Landy, Marie Maloney, Mary Moran, Tony Mulcahy, Michael Mullins, Catherine Noone, Susan O'Keeffe, Pat O'Neill, Tom Shehan)
Against the motion: 12 (Sean Barrett, Thomas Byrne, Terry Leyden, Fiach MacConghail, Marc MacSharry, Marie Louise O'Donnell, Trevor Ó Clochartaigh, Brian Ó Domhnaill, Averil Power, Jillian van Turnhout, Jim Walsh, Diarmuid Wilson)
Tellers: Tá, Senators Paul Coghlan and Susan O'Keeffe; Níl, Senators Brian Ó Domhnaill and Diarmuid Wilson.
Question declared carried.
5:00 pm
Paddy Burke (Fine Gael)
Link to this: Individually | In context
When is it proposed to take Committee Stage?
The Seanad Divided:
For the motion: 29 (Ivana Bacik, Paul Bradford, Terry Brennan, Colm Burke, Paul Coghlan, Michael Comiskey, Maurice Cummins, Jim D'Arcy, Michael D'Arcy, Jimmy Harte, Aideen Hayden, Fidelma Healy Eames, James Heffernan, Imelda Henry, Lorraine Higgins, Caít Keane, John Kelly, Denis Landy, Fiach MacConghail, Marie Maloney, Mary Moran, Tony Mulcahy, Michael Mullins, Catherine Noone, Marie Louise O'Donnell, Susan O'Keeffe, Pat O'Neill, Tom Shehan, Jillian van Turnhout)
Against the motion: 9 (Sean Barrett, Thomas Byrne, Terry Leyden, Marc MacSharry, Trevor Ó Clochartaigh, Brian Ó Domhnaill, Averil Power, Jim Walsh, Diarmuid Wilson)
Tellers: Tá, Senators Paul Coghlan and Susan O'Keeffe; Níl, Senators Brian Ó Domhnaill and Diarmuid Wilson.
Question declared carried.