Seanad debates

Thursday, 21 June 2012

Gaeltacht Bill 2012: Second Stage

 

2:00 pm

Photo of Brian Ó DomhnaillBrian Ó Domhnaill (Fianna Fail)

D'árdaigh mé an fhadhb seo ar Riar na hOibre ar maidin. Rinneadh vóta air ach, ar an drochuair, níor glacadh leis an moladh go dtiocfadh linn Céim an Choiste a chur siar, fiú cupla lá an tseachtain seo chugainn, chun deis a thabhairt dúinn leasaithe a ullmhú thar an deireadh seachtaine tar éis a bhfuil le rá ag an Aire Stáit a chlos. B'fhearr i bhfad seans a bheith ag Seanadóirí machnamh a dhéanamh thar an deireadh seachtaine, leasaithe a chur iseach Dé Luain nó Dé Máirt agus Céim an Choiste a phlé Déardaoin nó dé hAoine seo chugainn. Níl an dóigh a bhfuil an Bille á bhrú tríd an Teach ag cuidiú le Seanadóirí nó leis na grúpaí nó na pobail éagsúla a bhfuil tuairimí acu i dtaca leis an Bhille. Ar maidin inniu, labhair mé le daoine ó Chontaetha na Gaillimhe, Phort Láirge, Chiarraí, Chorcaí, ó Mhíscraí agus ó Oileán Cléire, atá an-míshásta leis an dóigh a bhfuil an Bille á bhrú tríd an Teach. Chuir Guth na Gaeltachta agus Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge ráiteas amach níos luaithe inniu ag cur sin in iúil.

Níl mé ag cur an locht ar an Aire Stáit, ach b'fhiú go mór do féin agus do Cheannaire an Tí éisteacht leis na grúpaí atá ag labhairt, deis a thabhairt do Sheanadóirí an Bille a phlé go ciallmhar agus go siosmaideach agus am a thabhairt dúinn aon tuairimí ata againn a chur i bhfoirm leasaithe.

Cuirim fáilte roimh an Bhille féin. Táimid ag fanacht air le fada. Tá an Bille tábhachtach ó thaobh bealach chun tosaigh a leagadh amach do Údarás na Gaeltachta maidir le cur chun cinn na Gaeilge, spriocanna na straitéise a chur i bhfeidhm, pobal na Gaeilge a fhás go dtí 250,000 duine taobh istigh de 20 bliain agus na pleananna teanga agus gréasáin a chur i bhfeidhm taobh amuigh den Ghaeltacht. Aontaím go hiomlán le gach rud ansin agus le gach rud atá sa Bhille.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.