Seanad debates

Thursday, 21 June 2012

Question proposed: "That the Bill be now read a Second Time."

2:00 pm

Photo of Dinny McGinleyDinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context

Ba mhaith liom mo leithscéal a ghabháil má chuir mé aon mhoill ar an Seanad. B'éigean don Teach dúnadh síos ar feadh cúpla nóiméad agus tá an locht orm. Shíl mé nach mbeadh orm a bheith istigh go dtí 3 p.m.

Molaim go léifear an Bille don Dara hUair. Tá lúcháir mhór ormsa, mar Aire Stáit le cúraimí Gaeilge agus Gaeltachta, agus mar ionadaí poiblí de bhunadh na Gaeltachta, an díospóireacht ar Bhille na Gaeltachta 2012 a thionscnamh i Seanad Éireann tráthnóna inniu. I dtús báire, ba mhaith liom léargas gairid a thabhairt don Teach ar phríomhchuspóirí agus ar phríomhfhorálacha an Bhille. Ina dhiaidh sin, beidh deis ag baill an Tí seo tuairimí a nochtadh faoina bhfuil sa Bhille agus tá mé ag súil go mór éisteacht leo. Ba thógáil croí domsa, i ndíospóireachtaí a bhí againn anseo cheana, an dea-mhéin a léirigh Seanadóirí agus an tacaíocht a thug siad do cheisteanna agus rúin a bhaineann leis an Ghaeilge agus leis an Ghaeltacht, agus tá mé cinnte go mbeidh an dea-mhéin agus an tacaíocht chéanna ar fáil ar bhonn traspháirtí don Bhille thábhachtach seo.

Is Bille gairid é Bille na Gaeltachta, le 25 alt i gceithre chuid, agus Sceideal. Mar sin féin, creidimse gur Bille cinniúnach é a mbeidh dea-thionchar aige ar chur chun cinn na Gaeilge sa

Ghaeltacht agus ar fud na tíre ar feadh na mblianta amach romhainn. Ní mór dúinn cuimhneamh gurb í seo an chéad uair ó 1956 go bhfuil aird á tabhairt, trí reachtaíocht, ar an ghá atá le brí nua a thabhairt don Ghaeltacht agus le haitheantas a thabhairt do phobail eile sa Stát a thugann tacaíocht don Ghaeilge.

Is siombail an-tábhachtach dár bhféiniúlacht í an Ghaeilge, agus mar cheann de na hacmhainní is luachmhaire atá againn, tá géarghá lena caomhnú agus lena forbairt. Tá sí ina teanga theaghlaigh agus phobail sa Ghaeltacht, mar shlabhra gan bhriseadh, le breis agus 2,000 bliain. Tá sí á labhairt go forleathan ag na mílte daoine eile go laethúil, lasmuigh agus laistigh den chóras oideachais, sa chuid eile den Stát. Is díol suntais é go bhfuil tacaíocht tugtha ag gach Rialtas don Ghaeilge ó bunaíodh an Stát 90 bliain ó shin agus ní haon áibhéil a rá nach mbeadh sí chomh láidir agus atá sí inniu in éagmais na tacaíochta sin.

Mar sin féin, aithnímid na dúshláin agus na constaicí a bhaineann leis an Ghaeilge a chosaint agus í ag maireachtáil taobh le taobh le mórtheanga dhomhanda an Bhéarla. Tá na dúshláin seo le feiceáil sa Ghaeltacht ach go háirithe, an áit a bhfuil an dátheangachas tagtha chun cinn go mór le blianta anuas agus úsáid na Gaeilge mar phríomh-mheán cumarsáide an teaghlaigh agus an phobail faoi bhrú leanúnach dá réir.

Ní inniu ná inné a tarraingíodh aird ar an cheist seo. Is i mí Aibreáin 1956 a d'úsáid an t-iar Aire Oideachais, an Teachta Risteárd Ua Maolchatha, na focail seo le linn na díospóireachta Dála maidir le bunú Roinn na Gaeltachta faoin Acht Airí agus Rúnaithe (Leasú) 1956:

Ní gá dom dul siar ar na hiarrachtaí a rinneadh le breis agus deich mbliana fichead anuas ar mhaithe leis an nGaeltacht. Is leor a rá nar éirigh leis na hiarrachtaí sin mar ba mhaith linn. Tá an Ghaeltacht ag meath i gcónaí. Deirtear linn go bhfuil líon na gcainteoirí Gaeilge sa bhfíor-Ghaeltacht ag dul i laghad do réir míle duine sa mbliain.

Tá mise sásta a bheith anseo i gcomharbacht ar Risteárd Ua Maolchatha le Bille na Gaeltachta 2012 a thabhairt os comhair an Tí seo.

Tá dhá phríomhchuspóir ag an Bhille seo, is iad sin, foráil a dhéanamh maidir le próiseas reachtúil pleanála teanga chun tacú leis an Ghaeilge agus foráil a dhéanamh maidir le leasuithe ar bhord agus ar fheidhmeanna Údarás na Gaeltachta. Maidir leis an phróiseas reachtúil pleanála teanga, déantar foráil leis an Bhille maidir le hainmniú na Gaeltachta reatha mar llmistéir pleanála teanga Ghaeltachta. Chun na críche sin, bainfear úsáid as critéir pleanála teanga seachas as critéir gheografacha mar a bhíothas á dhéanamh roimhe seo. Tá gá leis an chur chuige seo chun aghaidh a thabhairt ar an athrú suntasach teanga atá ag tarlú sa Ghaeltacht, mar a léiríodh sa staidéar cuimsitheach teangeolaíoch ar úsáid na Gaeilge sa Ghaeltacht a foilsíodh sa bhliain 2007. Is é an toradh lom a bhí á thuar sa staidéar sin, i bhfianaise phátrún labhartha teanga an aosa óig, ach go háirithe, go bhféadfadh sé nach mbeadh ach saolré 15 bliana go 20 bliain fágtha ag an Ghaeilge mar theanga phobail agus theaghlaigh sa Ghaeltacht, mura ndéanfaí gníomh práinneach ina leith seo.

Is mar gheall ar an tuar sin go bhfuil forbairt chóras cuimsitheach pleanála teanga ag leibhéal an phobail sa Ghaeltacht mar ghné lárnach den Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge. Dá bhrí sin, tabharfaidh an Bille seo feidhm reachtúil don phróiseas pleanála teanga faoina mbeidh plean teanga á ullmhú ag leibhéal an phobail do 19 limistéar pleanála teanga faoi leith sa Ghaeltacht, faoi réir rialacháin a shaineoidh na critéir pleanála teanga. Cuireann an cur chuige seo na pobail ag croílár an phróisis pleanála teanga, mar go dtugann sé an deis dóibh úinéireacht a ghlacadh ar a bplean féin ina bpobail féin.

Tá na ceantair a bheidh á roghnú le bheith mar limistéir pleanála teanga bunaithe cuid mhaith ar na limistéir pleanála atá ag Údarás na Gaeltachta cheana féin, ach ag tógáil san áireamh nithe ar nós cúrsaí teanga, cúrsaí tíreolaíochta, struchtúir pobail agus dlús daonra. Os rud é go bhfuil baint lárnach ag an údarás leis an fhorbairt phobail sa Ghaeltacht agus go bhfuil sé ag maoiniú eagraíochtaí pobalbhunaithe éagsúla, ar nós comharchumainn agus comhlachtaí forbartha, beidh ról ag an údarás maidir le cúnamh a thabhairt do phobail i ndáil le hullmhú agus cur i bhfeidhm pleananna teanga sna limistéir seo. Tá sé tábhachtach a nótáil go mbeidh gach ceantar atá sa Ghaeltacht faoi láthair ag fáil deise páirt a ghlacadh sa phróiseas pleanála teanga. Chomh maith leis sin, tá forálacha sa Bhille chun gur féidir leis an Aire ceantair a scor de bheith ina limistéir Ghaeltachta ar an bhunús go dtograíonn siad gan a bheith páirteach sa phróiseas nó nach bhfuil pleananna teanga á gcur i bhfeidhm ar bhonn sásúil.

Déantar foráil leis an Bhille fosta maidir le bailte seirbhíse Gaeltachta a ainmniú. Is é atá i gceist leo sin ná bailte atá suite i limistéir pleanála teanga Ghaeltachta, nó tadhlach leo, agus a bhfuil ról suntasach acu maidir le seirbhísí poiblí a sholáthar do na limistéir sin. Chun go ndéanfar ainmniúchán mar bhaile seirbhíse Gaeltachta, beidh ar eagraíocht i mbaile den sórt sin plean teanga a ullrmhú agus ní mór di an plean sin a chur faoi bhráid an Aire lena cheadú. Déanfaidh Údarás na Gaeltachta nó Foras na Gaeilge, ag brath ar cibé acu atá an baile suite laistigh de limistéir pleanála teanga Ghaeltachta nó lasmuigh díobh, cúnamh a thabhairt d'eagraíochtaí maidir le hullmhú agus cur i bhfeidhm pleananna teanga sna bailte sin. Is tuar dóchais é an méid atá ar siúl i bpobail éagsúla lasmuigh den Ghaeltacht chun an Ghaeilge a chur chun cinn agus, ar an ábhar sin, tá sé tábhachtach nach mbeidh an próiseas pleanála teanga teoranta do na ceantair a bhfuil stádas reachtúil Gaeltachta acu faoi láthair. Baineann alt 11 den Bhille le pobail teanga, atá lasmuigh de limistéir pleanála teanga Ghaeltachta, a ainmniú mar líonraí Gaeilge. Is é atá sna líonraí Gaeilge sin ná limistéir a bhfuil bun-mhais chriticiúil bainte amach acu i dtaca le tacaíocht phobail agus tacaíocht Stáit don Ghaeilge agus a bhfuil pleananna teanga ullmhaithe ina leith. Beidh ról ag Foras na Gaeilge maidir le cúnamh a thabhairt d'eagraíochtaí i ndáil le hullmhú agus cur i bhfeidhm pleananna teanga i líonraí Gaeilge.

Sula ndéanaim tagairt don dara mórchuspóir atá ag an Bhille seo, is é sin, leasú a dhéanamh ar reachtaíocht Údarás na Gaeltachta, measaim go mbeadh sé tairbheach léargas gairid a thabhairt ar na cineálacha critéir pleanála teanga a bheidh i gceist sna rialacháin a dhéanfar faoi alt 12 den Bhille. Foráiltear leis an alt seo go ndéanfaidh an tAire, le rialachán, na critéir pleanála teanga a úsáidfear i leith pleananna teanga i leith limistéar pleanála teanga Gaeltachta, bailte seirbhíse Gaeltachta agus líonraí Gaeilge a fhorordú. Tá réamhullmhúchán déanta cheana ag mo Roinn chun critéir shamplacha a fhorbairt i gcomhar le páirtithe leasmhara laistigh agus lasmuigh den Ghaeltacht. I measc na gcritéar a d'fhéadfaí a úsáid chun críche plean teanga a fhorbairt, áirítear, mar shampla:an céatadán den daonra atá ina gcainteoirí laethúla Gaeilge taobh istigh agus taobh amuigh den chóras oideachais, de réir an daonáirimh is déanaí; coiste ionadaíoch i measc an phobail chun plean a ullmhú agus a chur chun cinn; oideachas trí Ghaeilge ag an mbunleibhéal a bheith ar fáil do dhaltaí an cheantair; oideachas trí Ghaeilge ag an dara leibhéal a bheith ar fáil do dhaltaí an cheantair, áit gur féidir; seirbhísí tacaíochta teaghlaigh teangalárnaithe, ar a n-áirítear seirbhísí cúram leanaí, grúpaí teaghlaigh, grúpaí tuismitheoirí agus páistí agus seirbhísí comhairleacha do theaghlaigh, a bheith ar fáil sa cheantar; seirbhísí réamhscolaíochta a bheith ar fáil sa cheantar; clubanna óige, campaí samhraidh, imeachtaí spóirt agus imeachtaí sóisialta eile don óige, chomh maith le himeachtaí agus cumainn do gach aoisghrúpa eile a bheith á riar trí Ghaeilge; fianaise go bhfuil an Ghaeilge in úsáid i saol gnó an cheantair; fianaise go bhfuil an Ghaeilge in úsáid ag an earnáil phoiblí sa cheantar; an Ghaeilge a bheith le feiceáil agus le cloisteáil sna meáin áitiúla; agus seirbhísí creidimh trí Ghaeilge a bheith ar fáil do phobal an cheantair. Tá sé soiléir mar sin go mbeidh pleananna le hullmhú a chuimseoidh gach gné de shaol an phobail agus a chuirfidh go mór le húsáid agus le feiceálacht na Gaeilge.

Tá creidiúint ag dul d'Údarás na Gaeltachta as an obair cheannródaíoch atá déanta acu ag forbairt na Gaeltachta le breis agus 30 bliain. Tá mise cinnte go gcuirfidh na hathruithe atá beartaithe sa Bhille seo dlús leis an obair sin agus go nginfidh na feidhmeanna breise Gaeilge lárnaithe atá á bhfáil ag an údarás misneach agus fuinneamh nua san eagraíocht. Déantar na forálacha seo a leanas leis an mBille: (i) deireadh a chur leis an gceanglas i ndáil le toghcháin dhíreacha chun Údarás na Gaeltachta; (ii) laghdú a dhéanamh ar an líon comhaltaí ar an bhord ó 20 go 12; foráil a dhéanamh maidir le comhairlí contae a bhfuil limistéir Ghaeltachta laistigh díobh, d'ainmniú cúig chomhalta den bhord lena gceapadh ag an Aire; agus foráil a dhéanamh maidir leis an Aire do cheapadh na seachtar gcomhalta eile; (iii) feidhmeanna breise a thabhairt don údarás maidir le pleanáil teanga agus cur chun cinn teanga sa Ghaeltacht; (iv) deireadh a chur le coistí reachtúla réigiúnacha an údaráis; (v) laghdú a dhéanamh ar mhéid a choiste meastóireachta reachtúil; (vi) a chumasú don Aire a ordú don údarás infheistíocht a dhéanamh in earnálacha áirithe fiontraíochta; agus (vii) foráil a dhéanamh i dtaobh nithe gaolmhara eile.

Ba mhaith liom aird a dhíriú chomh maith ar na leasuithe ar alt 8 den Acht um Údarás na Gaeltachta 1979 atá luaite in alt 17 den Bhille seo. Eascraíonn siad seo as comhairle a fuarthas ó Oifig an Ard-Aighne maidir leis an ngá le soiléiriú a dhéanamh ar fheidhmeanna an údaráis faoi fho-alt 8(1) d'Acht 1979. De bharr na leasuithe ar alt 8, soiléireofar go bhfuil cúram reachtúil ar an údarás maidir le forbairt teanga, chultúir, shóisialta, fhisiciúil agus eacnamaíoch na Gaeltachta a chur chun cinn.

Tá a fhios agam go bhfuil spéis ar leith ag baill an Tí seo sa mheicníocht nua atá sa Bhille chun Bord an Údaráis a roghnú agus sa chinneadh atá tógtha ag an Rialtas deireadh a chur le toghcháin don bhord. Mar is eol do Sheanadóirí, tá traidisiún láidir an daonlathais ag baint leis an bhord seo agus teastaíonn ón Rialtas agus, ar ndóigh, mar dhuine de bhunadh na Gaeltachta, uaim fhéin chomh maith, an ghné dhaonlathach seo a choinneáil chomh fada agus is féidir. Chun é sin a dhéanamh, mar a luaigh mé níos luaithe, déanfaidh comhairlí contae a bhfuil limistéar Gaeltachta nó limistéar pleanála teanga Gaeltachta suite ina ndlínse, cúig chomhalta den bhord a ainmniú as measc na gcomhaltaí tofa. Déanfar ceathrar comhalta den chúigear sin a ainmniú as measc chomhaltaí tofa chomhairlí chontae chontaetha Dhún na nGall, Mhaigh Eo, na Gaillimhe agus Chiarraí agus beidh siad ina n-ionadaithe ar feadh an téarma iomláin oifige. Déanfar an t-ainmniúchán eile a líonadh ar bhonn sealaíochta uair amháin gach dhá bhliain agus is é nó í a líonfaidh an t-ainmniúchán sin ná comhalta tofa arna ainmniú nó arna hainmniú ag ceann amháin de na comhairlí contae ina bhfuil limistéir bheaga Ghaeltachta, is iad san, Corcaigh, Port Láirge agus an Mhí. I gcás nach féidir le comhairle contae duine dá comhaltaí tofa a ainmniú ar chúiseanna nach bhfuil an duine ar fáil nó go bhfuil sé nó sí mí-oiriúnach, féadfaidh an chomhairle sin duine seachas ionadaí tofa a ainmniú. Is é nó í an t-Aire a cheapfaidh na seacht gcomhalta eile, lena n-áirítear an cathaoirleach.

Ba mhaith liom a lua chomh maith go mbeidh ar gach duine a cheapfar a dheimhniú don Aire go bhfuil taithí acu, nó go bhfuil cumas léirithe acu, i ndáil le nithe a bhaineann le feidhmeanna an údaráis, lena n-áirítear an cumas chun a bhfeidhmeanna a chomhlíonadh go héifeachtach i nGaeilge, rud atá thar a bheith tábhachtach.

Le fo-alt (b) de alt 18 den Bhille, lamháiltear don údarás, le toiliú na n-Airí Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta, Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe agus Post, Fiontar agus Nuálaíochta, cuideachtaí a bhí ag fáil cúnamh airgeadais roimhe seo ó ghníomhaireachtaí eile forbartha a mhaoiniú. De réir chinnidh Rialtais ar an 31 Bealtaine 2011, tá an t-údarás chun a chuid feidhmeanna fiontraíochta a choimeád, ach sin faoi réir, inter alia, meicníocht a fhorbairt chun a chumasú dó oibriú i gcomhar le gníomhaireachtaí eile fiontraíochta i ndáil le haon tionscadail shuntasacha Gaeltachta a bheidh ann agus a mbeidh ardphoitéinseal ag baint leo. Tá meicníocht riaracháin a thabharfaidh éifeacht don chinneadh sin á fhorbairt faoi láthair. Tá an leasú a beartaítear i bhfo-alt (b) ceaptha chun a chinntiú nach mbeadh cosc ar an údarás am éigin sa todhchaí maidir le cúnamh a thabhairt, faoin mheicníocht sin, do chuideachtaí a bhféadfadh sé bheith ina leith go bhfuair siad tacaíocht ón Údarás Forbartha Tionscail nó ó Fhiontraíocht Éireann, ach sin faoi réir acmhainní dóthanacha a chur ar fáil.

Foráiltear le fo-alt (b) de alt 21 go dtabharfaidh an tAire ordúcháin don údarás chun forbairt earnálacha áirithe fiontraíochta a chur chun cinn ar mhaithe le huasmhéadú a dhéanamh ar luach ar airgead ó chaiteachas an údaráis ar chruthú fostaíochta agus ar thionscadail forbartha fiontraíochta.

Mar thoradh ar fhorálacha éagsúla atá sa Bhille, déantar foráil maidir le haisghairm alt 2 den Acht Airí agus Rúnaithe (Leasú) 1956, maidir le haisghairm gnéithe áirithe den chorpas reachtaíochta a bhaineann le rialachas agus oibríochtaí Údarás na Gaeltachta agus maidir le leasuithe ar na hAchtanna Toghcháin 1992 agus 1997 agus ar an Acht um Thruailliú ó Bhruscar, 1997. Déantar foráil leis fosta maidir le cúlghairm roinnt orduithe limistéar Gaeltachta agus roinnt rialachán um thoghcháin Údarás na Gaeltachta.

Beidh sábháiltí airgid ag eascairt ón mBille seo. Meastar gurb é a bheidh sa tsábháil a leanfaidh as Cuid 3 den Bhille a bhaineann le Bord Údarás na Gaeltachta ná tuairim is €100,000 sa bhliain agus sábháil suas go €500,000 gach cúig bliana. Ní shamhlaítear go leanfaidh aon chostais bhreise don Státchiste as na codanna eile den Bhille mar go mbeidh siad á gcur i gcrích laistigh den soláthar a bheidh ceadaithe ón Státchiste.

Le hachtú an Bhille seo, beidh céim ollmhór á glacadh maidir le gnéithe tábhachtacha den Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge a chur i gcrích. Beidh ról ceannasach ag eagraíochtaí pobail taobh istigh agus taobh amuigh den Ghaeltacht, ag obair i gcomhpháirtíocht leis an Stát maidir le pleananna teanga a ullmhú agus a fheidhmiú dá gceantair. Níl aon amhras ormsa ach go mbeidh borradh úr le brath faoi úsáid na Gaeilge ar bhonn forleathan sna blianta beaga amach romhainn mar thoradh ar an Bhille seo. Maireann teanga mar gheall ar mhórtas an phobail agus tá mise lándóchasach, leis an spreagadh ceart ón Stát, go bhfuil pobail ann ar fud na Gaeltachta agus ar fud na tíre atá sásta dul i ngleic leis an dúshlán an Ghaeilge a thabhairt ar aghaidh mar theanga teaghlaigh agus phobail don chéad ghlúin eile. Is ar scáth a chéile a mhaireann muid.

Molaim an Bille seo don Teach.

Photo of Brian Ó DomhnaillBrian Ó Domhnaill (Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context

Cuirim fáilte roimh an Aire Stáit. As mo cheantar féin é. Tá lúcháir orm go bhfuil sé féin agus a chuid oifigigh anseo tráthnóna agus go bhfuil an deis seo againn plé a dhéanamh ar an Bhille seo, atá fíor-thábhachtach, chan amháin don Ghaeltacht ach don tír go hiomlán, mar tá impleachtaí agus buntáistí ag an Bhille do chúrsaí Gaeilge sa Ghaeltacht agus taobh amuigh di ins an am fada atá amach romhainn. Mar a dúirt an t-Aire Stáit, tá an Bille ag teacht i gcomh-fhorbairt ar Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge atá fáiltithe, aontaithe agus pléite agus atá inghlactha ag pobal na Gaeltachta agus ag pobal na Gaeilge ar fud na tíre. Le haghaidh sin a chur i gcrích agus leis na pleananna éagsúla a bhí leagtha amach ins an straitéis, bhí sé tábhachtach go mbeadh reachtaíocht úr ag teacht i bhfeidhm.

Agus sin ráite ó thaobh an phlé oscailte agus iomlán a bhí ann i dtaca leis an straitéis, tá díomá orm, agus níl mé ag cur aon locht ar an Aire Stáit, faoin dóigh a bhfuil an Bille á bhrú tríd an Teach. Táimid anseo tráthnóna ag iarraidh díospóireacht a dhéanamh ar an Bhille. De ghnáth, téimse abhaile go Dún na nGall tráthnóna Déardaoin, ach caithfear leasaithe le bheith istigh againn, más mian linn leasú a mholadh, roimh 11 a.m. maidin amárach. Tá sin dodhéanta.

Photo of Fiach MacConghailFiach MacConghail (Independent)
Link to this: Individually | In context

Tá sé náireach.

Photo of Brian Ó DomhnaillBrian Ó Domhnaill (Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context

D'árdaigh mé an fhadhb seo ar Riar na hOibre ar maidin. Rinneadh vóta air ach, ar an drochuair, níor glacadh leis an moladh go dtiocfadh linn Céim an Choiste a chur siar, fiú cupla lá an tseachtain seo chugainn, chun deis a thabhairt dúinn leasaithe a ullmhú thar an deireadh seachtaine tar éis a bhfuil le rá ag an Aire Stáit a chlos. B'fhearr i bhfad seans a bheith ag Seanadóirí machnamh a dhéanamh thar an deireadh seachtaine, leasaithe a chur iseach Dé Luain nó Dé Máirt agus Céim an Choiste a phlé Déardaoin nó dé hAoine seo chugainn. Níl an dóigh a bhfuil an Bille á bhrú tríd an Teach ag cuidiú le Seanadóirí nó leis na grúpaí nó na pobail éagsúla a bhfuil tuairimí acu i dtaca leis an Bhille. Ar maidin inniu, labhair mé le daoine ó Chontaetha na Gaillimhe, Phort Láirge, Chiarraí, Chorcaí, ó Mhíscraí agus ó Oileán Cléire, atá an-míshásta leis an dóigh a bhfuil an Bille á bhrú tríd an Teach. Chuir Guth na Gaeltachta agus Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge ráiteas amach níos luaithe inniu ag cur sin in iúil.

Níl mé ag cur an locht ar an Aire Stáit, ach b'fhiú go mór do féin agus do Cheannaire an Tí éisteacht leis na grúpaí atá ag labhairt, deis a thabhairt do Sheanadóirí an Bille a phlé go ciallmhar agus go siosmaideach agus am a thabhairt dúinn aon tuairimí ata againn a chur i bhfoirm leasaithe.

Cuirim fáilte roimh an Bhille féin. Táimid ag fanacht air le fada. Tá an Bille tábhachtach ó thaobh bealach chun tosaigh a leagadh amach do Údarás na Gaeltachta maidir le cur chun cinn na Gaeilge, spriocanna na straitéise a chur i bhfeidhm, pobal na Gaeilge a fhás go dtí 250,000 duine taobh istigh de 20 bliain agus na pleananna teanga agus gréasáin a chur i bhfeidhm taobh amuigh den Ghaeltacht. Aontaím go hiomlán le gach rud ansin agus le gach rud atá sa Bhille.

Additional text to follow.

D'fhéadfadh beirt nó triúir a bheith ath-mholta, nó ath-cheaptha, tar éis, b'fhéidir, cúig mhí, ionas nach mbeadh bord iomlán nua ag tosú ar an dáta céanna agus go mbeadh leanúnachas áirithe i gceist.

Tá athrú mór meoine sa Bhille maidir leis an gcuspóir atá ag Údarás na Gaeltachta. An bhfuil saineolas ar phleanáil teanga taobh istigh de fhoireann Údarás na Gaeltachta? Athrú feidhme corporáideach mór millteach é dul ó phleanáil tionscail go dtí pleanáil teanga.

Sin iad mo chuid pointí. Fáiltím roimh an Aire Stáit agus tréaslaím leis maidir leis an mBille.

Photo of Brian Ó DomhnaillBrian Ó Domhnaill (Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context

Ba mhaith liom pointe oird a árdu agus mo chuid focal féin a cheartú. Luaigh mé €35,000 fá choinne plean teanga a chur i bhfeidhm i gceantar an Spidéil.

Photo of Terry LeydenTerry Leyden (Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context

Ní pointe oird í sin, a Sheanadóra.

Photo of Brian Ó DomhnaillBrian Ó Domhnaill (Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context

Is iad na figiúirí cearta ná €35,000 chun an plean a dhréachtú agus €650,00 chun é a chur i bhfeidhm. Cá háit a bhfuil an t-airgead luaite sa Bhille?

Photo of Trevor Ó ClochartaighTrevor Ó Clochartaigh (Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context

Ba mhaith liomsa pointe ghnó a árdú. Ní cosúil go bhfuil na cluasáin ag obair ar an taobh seo den Teach. Cuirim seo in iúil, díreach ar mhaithe le daoine atá ag iarraidh éisteacht leis an díospóireacht.

Photo of Terry LeydenTerry Leyden (Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context

I call Senator James Heffernan.

Photo of Trevor Ó ClochartaighTrevor Ó Clochartaigh (Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context

Ar phointe oird-----

Photo of James HeffernanJames Heffernan (Labour)
Link to this: Individually | In context

Aontaím leis an Seanadóir Ó Clochartaigh. Níl na cluasáin ag obair anseo ach oiread.

(Interruptions).

Photo of Trevor Ó ClochartaighTrevor Ó Clochartaigh (Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context

Tá mé ag déanamh an phointe chéanna leis an Seanadóir Heffernan. Níl na cluasáin ag obair agus tá daoine ag déanamh a ndícheall éisteacht leis an ndíospóireacht.

Photo of James HeffernanJames Heffernan (Labour)
Link to this: Individually | In context

It is very unfair that we cannot participate.

Photo of Brian Ó DomhnaillBrian Ó Domhnaill (Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context

Molaim go gcuirfear an Teach ar athló ar feadh cúig bhomaite go dtí go bhfeicimid. I propose that the House suspend for five minutes. We cannot have Members not knowing what is being said. It is not fair.

Photo of Terry LeydenTerry Leyden (Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context

Acting Leader, I ask that the sitting suspend for five minutes. There is a difficulty.

Photo of Catherine NooneCatherine Noone (Fine Gael)
Link to this: Individually | In context

I propose that the sitting suspend for a number of minutes.

Photo of Terry LeydenTerry Leyden (Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context

Is that agreed? Agreed.

Sitting suspended at 3.15 p.m. and resumed at 3. 25 p.m.

Photo of Terry LeydenTerry Leyden (Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context

Senator James Heffernan was in possession.

Photo of James HeffernanJames Heffernan (Labour)
Link to this: Individually | In context

Cuirim fáilte roimh an Aire Stáit go dtí an Teach chun Bille na Gaeltachta 2012 a phlé. The Bill makes provision for the potential geographic redefinition of the Gaeltacht and will, for the first time, provide for a statutory language planning process for the Gaeltacht, towns in or adjacent to the Gaeltacht that service Gaeltacht areas and communities outside the Gaeltacht that have made progress in restoring Irish as a community language.

Question put:

The Seanad Divided:

For the motion: 26 (Ivana Bacik, Paul Bradford, Terry Brennan, Colm Burke, Paul Coghlan, Michael Comiskey, Maurice Cummins, Jim D'Arcy, Michael D'Arcy, Jimmy Harte, Aideen Hayden, Fidelma Healy Eames, James Heffernan, Imelda Henry, Lorraine Higgins, Caít Keane, John Kelly, Denis Landy, Marie Maloney, Mary Moran, Tony Mulcahy, Michael Mullins, Catherine Noone, Susan O'Keeffe, Pat O'Neill, Tom Shehan)

Against the motion: 12 (Sean Barrett, Thomas Byrne, Terry Leyden, Fiach MacConghail, Marc MacSharry, Marie Louise O'Donnell, Trevor Ó Clochartaigh, Brian Ó Domhnaill, Averil Power, Jillian van Turnhout, Jim Walsh, Diarmuid Wilson)

Tellers: Tá, Senators Paul Coghlan and Susan O'Keeffe; Níl, Senators Brian Ó Domhnaill and Diarmuid Wilson.

Question declared carried.

5:00 pm

Photo of Paddy BurkePaddy Burke (Fine Gael)
Link to this: Individually | In context

When is it proposed to take Committee Stage?

Photo of Maurice CumminsMaurice Cummins (Fine Gael)
Link to this: Individually | In context

Next Tuesday.

Question put: "That Committee Stage be taken next Tuesday."

The Seanad Divided:

For the motion: 29 (Ivana Bacik, Paul Bradford, Terry Brennan, Colm Burke, Paul Coghlan, Michael Comiskey, Maurice Cummins, Jim D'Arcy, Michael D'Arcy, Jimmy Harte, Aideen Hayden, Fidelma Healy Eames, James Heffernan, Imelda Henry, Lorraine Higgins, Caít Keane, John Kelly, Denis Landy, Fiach MacConghail, Marie Maloney, Mary Moran, Tony Mulcahy, Michael Mullins, Catherine Noone, Marie Louise O'Donnell, Susan O'Keeffe, Pat O'Neill, Tom Shehan, Jillian van Turnhout)

Against the motion: 9 (Sean Barrett, Thomas Byrne, Terry Leyden, Marc MacSharry, Trevor Ó Clochartaigh, Brian Ó Domhnaill, Averil Power, Jim Walsh, Diarmuid Wilson)

Tellers: Tá, Senators Paul Coghlan and Susan O'Keeffe; Níl, Senators Brian Ó Domhnaill and Diarmuid Wilson.

Question declared carried.

Photo of Paddy BurkePaddy Burke (Fine Gael)
Link to this: Individually | In context

When is it proposed to sit again?

Photo of Maurice CumminsMaurice Cummins (Fine Gael)
Link to this: Individually | In context

Next Tuesday at noon.