Seanad debates

Tuesday, 2 November 2010

3:00 am

Photo of Labhrás Ó MurchúLabhrás Ó Murchú (Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context

I move:

That Seanad Éireann notes the Report of the Joint Committee on Tourism, Culture, Sport, Community, Equality and Gaeltacht Affairs entitled '20 Year Strategy on the Irish Language 2010–2030' which was laid before Seanad Éireann on 28 July, 2010.

4:00 am

Photo of Pat CareyPat Carey (Minister, Department of Community, Rural and Gaeltacht Affairs; Dublin North West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context

Ba mhaith liom buíochas a ghlacadh leis an Seanad as ucht deis a thabhairt dom labhairt ar an ábhar tábhachtach seo. Creideann na páirtithe sa Rialtas go bhfuil sé thar a bheith tábhachtach go mbeadh pobal labhartha láidir Gaeilge agus Gaeltachta againn chun saibhreas oidhreacht na teanga a choiméad beo agus a thabhairt slán don chéad ghlúin eile. Beidh an straitéis 20 bliain don Ghaeilge lárnach má táimid chun é seo a dhéanamh. Beidh tacaíocht na bpáirtithe ar fad san Oireachtas lárnach san iarracht seo. Is cúis dóchais dom an tacaíocht traspháirtí atá faighte ag an straitéis go dtí seo.

Aithnítear go h-idirnáisiúnta an fiúntas a bhaineann le h-éagsúlacht teangacha. Is iad teangacha na príomhuirlisí atá ag daoine le smaointe, mothúcháin, eolas, cuimhní agus luachanna a chur in iúl. Tá an ról fíorthábhachtach atá ag teanga, ó thaobh oidhreacht bheo a chur in iúl agus a chur ar aghaidh, aitheanta le fada. Braitheann beocht agus beatha oidhreacht chultúrtha ar theanga. Caithfear mar sin, ó thaobh éagsúlacht cultúr ar fud an domhain, teangacha ar nós an Ghaeilge a chosaint agus a chur chun cinn. Is é sin an dualgas atá orainn. Tuairiscíonn UNESCO go bhfuil leath de na 6,700 teanga a labhraítear faoi láthair i gcontúirt dul i léig roimh dheireadh an chéid. Ní féidir stop a chur leis an bpróiseas seo ach trí ghníomh práinne ó Rialtais agus ó na pobail a labhraíonn na teangacha. Cé go bhfuil an Ghaeilge ar cheann de na teangacha atá i gcontúirt, is fiú a rá go bhfuil stádas na Gaeilge feabhsaithe le tamall de bharr an méid a bhfuil déanta ag an Rialtas chun tacú léi.

Roimh a labhraím faoin straitéis 20 bliain, is fiú féachaint ar an méid atá bainte amach roimhe seo. Is léir go bhfuil go leor rudaí tábhachtacha bainte amach i dtaobh na Gaeilge le blianta anuas. I measc na buaicphointí a bhí ann don teanga sna blianta atá thart, tá bunú agus bláthú Raidió na Gaeltachta agus TG4; achtú Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003; bunú Oifig an Choimisinéara Teanga, Údarás na Gaeltachta agus Foras na Gaeilge; an t-aitheantas a tugadh don Ghaeilge faoi Chomhaontú Aoine an Chéasta i dTuaisceart Éireann; an t-aitheantas oifigiúil oibre a baineadh amach don Ghaeilge san Eoraip; agus bunú Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge.

Má bhaineann an straitéis 20 bliain don Ghaeilge leis an aimsir atá amach romhainn, baineann go leor eile de thionscnaimh an Rialtais i leith na Gaeilge leis an aimsir láithreach. Is é Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003, atá ar an saol le beagnach seacht mbliana, ar cheann de na cinn is tábhachtaí díobh sin. Leagann an Bhunreacht síos gurb í an Ghaeilge an teanga náisiúnta. Is í céad teanga oifigiúil an Stáit í. Is é an aidhm atá leis an Acht ná struchtúr a leagan síos chun feabhas a chur ar sheirbhísí poiblí trí Ghaeilge sa ghearrthéarma, sa mheántéarma agus san fhadtéarma. Tá an tAcht ann le go bhféadfar dualgais an Stáit a chomhlíonadh agus go ndéanfar dul chun cinn le himeacht ama i gcomhthéacs na n-acmhainní atá ar fáil. Tá sé i gceist go mbainfí amach spriocanna an Achta go príomha trí scéimeanna teanga a aontaítear idir an Aire Gnóthaí Pobail, Comhionnanais agus Gaeltachta agus comhlachtaí poiblí aonair. Is cáipéis phleanála reachtúil é gach scéim teanga. Bíonn tréimhse trí bliana aige. Bíonn sé le h-athnuachan nuair a bhíonn an tréimhse sin istigh. Go dáta, tá 105 céad scéim teanga a chlúdaíonn os cionn 190 comhlacht poiblí, daingnithe ag an Aire agus foilsithe, chomh maith le 26 dara scéim teanga. Ina theannta sin, tá 26 céad scéim teanga agus 57 dara scéim teanga eile á bplé leis na comhlachtaí poiblí. Tá súil agam go mbeidh siad daingnithe agus foilsithe a luaithe agus is féidir.

I Meitheamh na bliana 2005, chinn Comhairle na nAirí an Aontais Eorpaigh go mbeadh stádas mar theanga oifigiúil oibre de chuid an Aontais ag an nGaeilge. Tháinig an cinneadh seo i bhfeidhm i dtús 2007. Baineadh amach an stádas seo don Ghaeilge tar éis fheachtais láidir ón Rialtas a raibh tacaíocht aige ó na páirtithe uile i nDáil Éireann agus ó eagraíochtaí Gaeilge mar Chonradh na Gaeilge, Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge agus Stádas. Tá an Rialtas ag obair le Coimisiúin na hEorpa chun a chinntiú go mbeidh acmhainní ar fáil chun freastal ar an stádas atá ag an teanga. Tá ciste ar leith bunaithe ag an Roinn Gnóthaí Pobail, Comhionnnanais agus Gaeltachta chun maoiniú a chur ar fáil le haghaidh sain-chúrsaí tríú leibhéal Gaeilge. Cinnteoidh na sain-chúrsaí seo go mbeidh dóthain ateangairí, aistritheoirí agus dlíodóirí-teangairí ar fáil chun freastal a dhéanamh ar riachtanais an Aontais ó thaobh na Gaeilge de.

Bunaíodh Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge le cúnamh ón Roinn chun soláthar oideachais tríú leibhéal trí mheán na Gaeilge a chur ar fáil. Tá struchtúr curtha ar fáil ag an acadamh chun forbairt a dhéanamh ar staidéar ag an tríú leibhéal trí mheán na Gaeilge ar bhealach comhtháite. Cuireann obair an acadaimh le cumas na hollscoile chun cur lena clár acadúil le, mar shampla, cúrsaí aistriúcháin agus cúrsaí na meáin chumarsáide chomh maith le raon leathan cúrsaí eile, ó dioplóma go leibhéal máistreachta. Tá na cúrsaí ar fáil ar bhonn lánaimseartha nó ar bhonn páirtaimseartha do mhic léinn thraidisiúnta agus neamhthraidisiúnta. Tá cuid mhór de chláir trí mheán na Gaeilge san ollscoil á reachtáil i dtimpeallacht labhratha Gaeilge ag campais na Gaeltachta i nGaillimh agus i nDún na nGall. Tacaíonn an cur chuige seo le forbairt pobail i gceantair Ghaeltachta, chomh maith le cabhrú le caomhnú agus neartú na Gaeilge. Tá ról ar leith ag Fiontar, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath, ó thaobh ollscoilíocht trí Ghaeilge a chur chun cinn chomh maith. Tá dhá thogra ar leith ar siúl ag Fiontar i gcomhair le mo Roinn - bunachar logainm na tíre, www.logainm.ie, agus an obair atá idir láimhe chun tearmaíocht an AE a aistriú go Gaeilge mar áis d'aistritheoirí na Gaeilge.

Creideann an Rialtas go bhfuil tábhacht ar leith ag baint leis an nGaeilge do phobal, do shochaí, do chultúr agus do gheilleagar na hÉireann. Dá réir sin, foilsíodh ráiteas an Rialtais i leith na Gaeilge ag deireadh 2006, inar gealladh go gcuirfí straitéis 20 bliain don Ghaeilge i dtoll a chéile, bunaithe ar 13 cuspóir ar leith a chlúdaíonn nithe ar nós an Acht teanga, cúrsaí oideachais, tacaíocht speisialta do thuismitheoirí agus don Ghaeltacht agus mar sin de. Tríd an ráiteas seo, dearbhaíonn an Rialtas a tacaíocht d'fhorbairt agus do chaomhnú na Gaeilge agus na Gaeltachta. Ba é seo an chéad uair gur cuireadh amach ráiteas dá leithead le beagnach 40 bliain. Chreid an Rialtas go mba cheart ráiteas soiléir a dhéanamh maidir le haidhmeanna an Rialtais agus polasaí an Rialtais mar chrann taca d'aon pholasaí Gaeilge amach anseo. Sa ráiteas, leagadh síos go soiléir an bhunchloch ar a bhfuil polasaí Gaeilge an Rialtais bunaithe. Ba mhinic a bhí sé le cloisint roimhe seo nach raibh aon straitéis nó plean fadtéarmach náisiúnta ann don Ghaeilge agus nach raibh aon fhís ag leibhéal Rialtais maidir le forbairt na Gaeilge don ghlúin atá amach romhainn. Is chun dul i ngleic leis an dúshlán sin gur chinn an Rialtas gur cheart straitéis 20 bliain a fhorbairt.

Is é atá sa dréachtstraitéis ná plean gníomhartha, nó léarscáil bóthair, don Ghaeilge don 20 bliain atá amach romhainn. Beifear ag díriú ar an bpleanáil fhadtéarmach don Ghaeilge a theastaíonn ag an leibhéal náisiúnta le cinntiú go mbainfear amach an ollsprioc - go mbeidh Gaeilge á labhairt go laethúil ag 250,000 duine faoi cheann 20 bliain. Tá an straitéis seo ag iarraidh tógáil ar an obair atá déanta agus na haidhmeanna atá luaite trí phlean cuimhsitheach comhtháite a leagan amach le leas a dhéanamh don teanga agus don Ghaeltacht as seo go ceann 20 bliain. Creideann an Rialtas go mbaineann tábhacht faoi leith leis an nGaeilge do mhuintir, do shochaí agus do chultúr na hÉireann. Mar theanga labhartha pobail, is leis an tír seo amháin a bhaineann an Ghaeilge. Tá fíorthábhacht mar sin léi ó thaobh fhéiniúlacht mhuintir na hÉireann agus ó thaobh oidhreacht an domhain. Tá mórchuid oibre déanta le tamall anuas i bhforbairt an plean straitéiseach 20 bliain don Ghaeilge. Mar bhonntaca leis an straitéis, déanadh anailís ar an an staid ina bhfuil an Ghaeilge faoi láthair. Meitheal de chomhairleoirí idirnáisiúnta, a bhfuil saineolas acu ó thaobh cheisteanna teanga, a rinne an anailís seo faoi stiúir na gcomhairleoirí ó Fiontar agus ar iarratas ón Roinn. Ó thaobh na Gaeltachta, tá aird ar leith tugtha sa dréachtstraitéis ar na moltaí a rinneadh sa staidéar cuimsitheach teangeolaíoch ar úsáid na Gaeilge sa Ghaeltacht, a rinne acadamh na hollscolaíochta i nGaillimh.

Bhain cuid mhór don réiteach don straitéis le dul i gcomhairle leis an bpobal. Eagraíodh cruinnithe ar fud na tíre chun deis a thabhairt do dhaoine a dtuairimí a thabhairt. Bhí suirbhé ar-líne dóibh siúd nach raibh ar a gcumas freastal. Chuaigh na comhairleoírí i dteagmháil le na príomhgheallsealbhóirí freisin. Mar thoradh ar an gcomhairliúchán, eisíodh plépháipéar agus tugadh deis don bpobal aiseolas a thabhairt i dtaobh na gceisteanna tábhachtacha a bhí ardaithe. Comhthreomhar le seo, bunaíodh coiste Rialtais, ar a bhfuil an Taoiseach mar chathaoirleach, chun próiseas ullmhúchán na straitéise a stiúradh. Tá cúram ar an gcoiste Rialtais chomh maith scrúdú a dhéanamh ar na saincheisteanna a tháinig chun cinn i gcomhthéacs na hanailíse agus na moltaí a bhí déanta sa staidéar teangeolaíoch ar úsáid na Gaeilge sa Ghaeltacht. Thug an staidéar léargas ar úsáid na Gaeilge sa Ghaeltacht sa lá atá inniu ann. Leagadh cúram ar an gcoiste teacht ar chomhaontú maidir le plean gníomhaíochta comhtháite chun todhchaí na Gaeilge mar theanga phobail sa Ghaeltacht a chinntiú.

Ar 11 Samhain 2009, d'aontaigh an coiste Rialtais gur cheart an dréachtstraitéis a chur ar aghaidh chuig an Comhchoiste um Ghnóthaí Turasóireachta, Cultúir, Spóirt, Pobail, Comhionannais agus Gaeltachta le tuilleadh comhairle a lorg agus moltaí a dhéanamh roimh cheadú agus fhoilsiú na straitéise go foirmiúil. Bhí cruinnithe ag an gcomhchoiste le páirtithe leasmhara, cruinniú amháin sa Ghaeltacht ina measc. I ndiaidh na gcruinnithe seo, d'aontaigh an comhchoiste aighneacht le 39 moladh inti. Fuarthas moltaí an chomhchoiste ar an 28 lúil 2010 agus faoi láthair táthar á mbreithniú ag an Roinn Gnóthaí Pobail, Comhionannais agus Gaeltachta i gcomhair le Ranna ábharacha eile. Ba mhaith liom buíochas a ghlacadh leis an Seanadóir Ó Murchú a bhí mar Chathaoirleach ar an bhfo-choiste a rinne cuid mhaith oibre.

Gabhaim buíochas freisin le baill eile an coiste - an Cathaoirleach, an Teachta Tomás Ó Ceit, ina measc - as ucht a ndúthracht agus a gcuid oibre ar an tuarascáil maidir leis an ndréachtstraitéis. Dúirt an Cathaoirleach ina thuairisc go bhfuil an straitéis ar cheann de na céimeanna is suntasaí i bpleanáil teanga an Stáit le 90 bliain agus go mba onóir dóibh tabhairt faoin obair. Thugadar deis do líon mhór eagrais agus daoine aonair a bhfuil suim acu i gcaomhnú agus i bhforbairt na teanga a gcuid tuairimí a thabhairt. Tugadh cuireadh do ghrúpaí agus daoine aonair ó na Gaeltachtaí éagsúla, chomh maith le gach páirt eile don tír, dul i ngleic leis na ceisteanna a ardaíodh maidir leis an gcur chuige is fearr le tabhairt faoi na dúshláin atá romhainn i dtaobh na teanga. Scrúdaíodar na haighneachtaí a rinneadh agus chuir siad a moltaí le chéile bunaithe ar na haighneachtaí sin. Dúirt an Cathaoirleach freisin gur ábhar dóchais don todhchaí an tacaíocht traspháirtí don tuarascáil. Táimid ag súil mar thoradh ar an straitéis go mbeidh polasaí soiléir cuimsitheach ag an Rialtas a chuimseoidh gach réimse den saol do na blianta amach romhainn agus go mbeidh tacaíocht iomlán aige ó na páirtithe éagsúla.

Sa tuairisc a chuir an comhchoiste ar fáil, dúradh gurb í an cheist is práinní ó thaobh todhchaí na Gaeilge ná ceist na nGaeltachta. Tugann Gaeltacht láidir cosaint don Ghaeilge ar fud na tíre trí fhoinse teanga agus timpeallacht nádúrtha chumarsáide a sholáthar. Ar an gcaoi céanna, braitheann todhchaí na Gaeltachta ar phobal níos leithne de chainteoirí Gaeilge. Tugann an Ghaeltacht agus an chuid eile den tír tacaíocht dá chéile. Tá said ag brath ar a chéile agus cothaíonn said a chéile. Deireann an seanfhocal, "Is ar scáth a chéile a mhaireann na daoine", ach sa chás seo is ar scáth a chéile a shlánófar an teanga. Tá sé aitheanta sa tuarascáil go bhfuil ról lárnach ag na heagrais dheonacha na Gaeilge i gcosaint agus i gcothú na Gaeilge. Is cuid lárnach de thodhchaí na teanga iad agus beidh rath na straitéise ag brath ar thacaíocht na n-eagrais seo.

Tá moltaí láidir déanta ag an gcomhchoiste faoi earnáil an oideachais, go háirithe má tá an sprioc de 250,000 cainteoirí laethúil faoi cheann 20 bliain le baint amach. Baineann na moltaí le gnéithe éagsúla ar nós an curaclam, gaelscoileanna agus scoileanna Gaeltachta, idirdhealú a dhéanamh idir cainteoirí Gaeilge, cothú na Gaeilge i saol na hollscoile, an tumoideachas agus oiliúint mhúinteoirí na Gaeilge. Tá an oideachas mar cheann de na hábhair is mó a tháinig chun cinn sa phróiseas comhairliúcháin. Tá mo Roinn i gcomhráití leis an Roinn Oideachais agus Scileanna maidir leis na moltaí sin. Aithnítear sna moltaí a rinne an comhchoiste an ról tábhachtach atá ag coláistí samhradh, ceann do na scéimeanna is tábhachtaí atá á riaradh ag an Roinn Gnóthaí Pobail, Comhionnais agus Gaeltachta. I mbliana, d'fhreastal beagnach 25,000 foghlaimeoirí ar chúrsaí éagsúla ar fud na Gaeltachta. Taispeánann na figiúirí seo go bhfuil an-suim i bhfoghlaim na Gaeilge i measc dhéagóirí na tíre. Cabhraíonn na coláistí Gaeilge leis an nGaeilge a chur chun cinn - ní h-amháin sa Ghaeltacht ach ar fud na tíre chomh maith.

Tá na coláistí an-thábhachtach, ní hamháin ó thaobh na Gaeilge ach freisin ó thaobh na heacnamaíochta sna ceantair éagsúla ina bhfuil siad lonnaithe. Is tionscail ann fhéin iad na coláistí, a chuireann saothrú maith ar fáil do na mná tí i rith an tsamhraidh in ainneoin na géarchéime airgeadais.

Tá na moltaí éagsúla atá déanta sa tuarascáil á mbreithniú faoi láthair agus táthar ag súil leis an gcuid seo den obair a thabhairt chun críche a luaithe agus is féidir. Nuair atá an obair sin déanta, beidh an dréacht dheiridh den straitéis á thabhairt ós comhair an Chomhchoiste Rialtais agus, ina dhiaidh sin, ós comhair an Rialtais féin. Tá beartaithe go mbeidh an chéad chruinniú eile den comhchoiste á thionól ar an 17ú Samhain 2010 ar mhaithe le dréacht dheiridh a aontú roimh an straitéis a chur faoi bhráid an Rialtais go foirmiúil agus, tar éis cead an Rialtais, í a fhoilsiú.

Cé go bhfuil an Rialtas lán-thiomanta gach ar féidir linn a dhéanamh chun an Ghaeilge a chaomnhú agus a chur chun cinn, tá todhchaí na teanga ag brath go príomha ar na daoine. Tá a fhios againn go ginearálta go bhfuil tromlach na ndaoine, idir dhaoine a labhraíonn agus nach labhraíonn Gaeilge, dearfach i leith na teanga. Tá orainn timpeallacht a chruthú a spreagann daoine agus a thugann muinín dóibh a gcuid Gaeilge a úsáid, pé leibhéal atá acu. Tá sé riachtanach go n-úsáidfeadh daoine le Gaeilge an teanga nuair atá an deis acu agus tá sé riachtanach go ndéanfadh daoine í a cur ar aghaidh chuig a bpáistí. Tabharfaidh an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030 an spreagadh agus an rogha do dhaoine é sin a dhéanamh.

Photo of Jerry ButtimerJerry Buttimer (Fine Gael)
Link to this: Individually | In context

Cuirim fáilte roimh an Aire agus gabhaim comhghairdeas leis an Seanadóir Ó Murchú as ucht an obair a dhein sé mar chathaoirleach ar an bhfo-choiste.

Chuala mé a bhí le rá ag an Aire agus oráid an-maith a bhí innti. Tá muintir na Gaeltachta faoi bhrú agus tá ár dteanga faoi bhrú. Ag an am gcéanna, má tá na fadhbanna ag méadú tá suim an-mhór i gcúrsaí Gaeilge agus i gcultúr na Gaeilge, go mórmhór ins na gaelscoileanna. Tá suim mhór in oideachas tré Ghaeilge.

Tá díomá orm nach bhfuil mo chuid Gaeilge flúirseach ach tá mé ag iarraidh í a cleachtadh. Ba bhreá liom fáilte a chur roimh an díospóireacht seo ar thuarascáil an fho-choiste ar Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030. Cúis onóir dom bheith pairteach ins an phróséis tuarascála seo. Tá moladh tuilte ag mo chomhleacaithe ar an bhfo-choiste, agus go háirithe ag foireann an fho-choiste, as ucht an tréan oibre atá déanta acu le déanaí ar an tuarascáil seo. I pay particular tribute to cathaoirleach an fho-choiste, Senator Ó Murchú, for his great work in steering the sub-committee and bringing a cross-party group together. I also commend Deputy Dinny McGinley.

Mar a luaigh cathaoirleach an fho-choiste i réamhrá na tuarascála, chaitheamar seacht mí ag plé an ábhair uilig. Bhí fáilte mór roimh gach grúpa agus roimh gach duine a rinne tairiscint. Tá dea-thioncar an chomhoibriú sin le feiscint i réamhrá na tuarascála, áit a bhfuil na ráitéisí seo a leanas:

Tá comhthuiscint ann nach féidir polasaí teanga a rialú go lárnach gan pobal na Gaeltachta agus na Gaeilge, na heagrais dheonacha ina measc, a bheith á gcur i bhfeidhm.

Ar an dul céanna, tá comhthuiscint ann nach féidir le heagrais dheonacha straitéis teanga náisiúnta a chur i bhfeidhm gan an tacaíocht agus an saineolas pleanála teanga iomchuí.

Mar atá ráite sa tuarascáil, is dea-chomhartha an t-aitheantas seo do thodhchaí pleanála na tíre agus ba chóir na prionsabail seo a choimeád amach romhainn agus cursaí teanga a phlé.

Tá 39 moltaí luaite ins an tuarascáil. Tá na moltaí seo bunaithe ar an straitéis amháin. Faraor, tá athraithe móra tagtha ar shaol na tíre seo ó foilsíodh an straitéis. Tógfaidh aon straitéis gealltanais airgeadais chun feidhmiú. Is oth liom a rá go bhfuil sé soiléir nach bhfuil an Rialtas toilteanach an infheistíocht a bheidh riachtanach a chur ar fáil chun an straitéis a chur i bhfeidhm. Despite the fact that we welcome the report, it is important to acknowledge that it is predicated on a Government commitment to provide funding, which is difficult in these times. Mar sin, táim buartha go dtitfidh an straitéis agus moltaí an fho-choiste go leataobh, mar atá tar éis tarlú le gach iarracht atá déanta leis na blianta ár dteanga Gaeilge a cosaint is a cothú.

Ba é todhchaí agus ról Údarás na Gaeltachta an príomh ábhar a rinneamar tagairt dó le linn ár gcuid oibre ar an tuarascáil seo. Is léir go bhfuil na Gaeltachtaí ag brath go mór ar an údarás agus go bhfuil todhchaí na nGaeltachtaí ceangailte go mórmhór ar staid Údarás na Gaeltachta.

Is léir ó meastachán sholáthar chaipitil don Roinn Gnóthaí Pobail, Comhionannais agus Gaeltachta go mbeidh gearradh siar ollmhór don Roinn, agus mar sin don údarás, ins na blianta amach romhainn. Tá laghdú €65 milliún beartaithe ag an Rialtas ar chaiteachas chaipitil don Roinn idir 2010 agus 2016. Is droch-chomhartha é seo don údarás, don Ghaeltacht, don straitéis agus don teanga. Is fianaise í seo nach bhfuil an Rialtas i ndáiríre faoin straitéis.

Déanann an straitéis agus ár dtuarascáil tagairt don ionad náisiúnta oideachais. D'fhógair an Rialtas ar dhá ócáid go dtógfar an t-ionad i mBaile Bhúirne i gContae Chorcaí. Faraor, is léir anois ón méid atá ráite ag an Tánaiste nach dtarlóidh a leithéid anois. Is buille tubaisteach í seo don straitéis agus don chóras oideachais. Tá an achmhainn seo ag teastáil go géar ag múinteoirí agus ag daltaí na Gaeilge. An rud is measa faoi seo ná go raibh an deis ag an Rialtas dul chun cinn a dhéanamh leis an ionad seo nuair a d'fhógair an t-iar-Aire, Deputy Michael Woods, an tionscnamh sa bhliain 2002, nuair a bhí na billiúin á gcaitheamh ar gach saghas ruda ar fud na tíre. Ní fheadair cén fiúntas ab fhéidir a dhéanamh do chursaí teanga leis an €50 a caitheadh ar e-vótáil.

An méid sin ráite, caithimid glacadh go bhfuil an geilleagar i mbaol agus nach bhfuil na hachmhainní céanna againn a thuillleadh. Chomh fada agus a bhaineann sé liomsa, caithfimid bualadh ar aghaidh leis an chuid is mó den straitéis nach bhfuil costas airgeadais ag baint leis.

Tá moltaí ins an straitéis agus inár dtuarascáil atá ciallmhar agus praiticiúil agus a dhéanfadh maitheas don teanga i gcoitinne. Tá an t-am ag sleamhnú uainn agus muna ndéanann an Taoiseach agus an Rialtas cinneadh maidir leis an straitéis tá an baol ann go rachaidh an straitéis agus an tuarascáil isteach sa chófra chéanna ina ndeachaigh na céadta foilseacháin atá déanta leis na blianta maidir leis an Ghaeilge.

Táim ag lorg comhartha dóchasach ó mo chomhleachaithe os mo chomhair go bhfuil an toil ins an ghlúin seo buille a thabhairt ar son an teanga sula gcaillfimid an Ghaeilge agus an Ghaeltacht go deo.

It is a pity I cannot make my entire address in Irish. I am a product of bad learning. I was a bad student, even though I did honours Irish in the leaving certificate examination. Tá suim mhór agam i gcúrsaí Gaeilge agus i gcúrsaí cultúrtha. This is an innovative report which is worthy of debate in the House. It is important that we put our language and culture and the people of the Gaeltacht ahead of everything else. We are a proud people. That is why it is important we never lose sight of the fact that our nationalism set us apart in Europe. We should be proud of our Irishness and our language. In these difficult economic times I hope we can command a space for our language and the people of the Gaeltacht who are both innovative and proud. I was in Ballingeary recently on my way to Gougane Barra where the people are very resourceful.

I again welcome the report and hope the Government will not be found wanting. I compliment all those Members who were involved in the sub-committee and thank the Minister for his address.