Seanad debates

Tuesday, 22 June 2010

Údarás na Gaeltachta (Amendment) Bill 2010: Second Stage

 

Question proposed: "That the Bill be now read a Second Time."

5:00 am

Photo of Pat CareyPat Carey (Minister, Department of Community, Rural and Gaeltacht Affairs; Dublin North West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context

Tá áthas orm an deis seo a thapú chun an Bille um Údarás na Gaeltachta (Leasú) 2010 a thionscnamh i Seanad Éireann. Is Bille an-ghairid é seo a bhfuil sé de chuspóir aige an tréimhse ama is faide atá ceadaithe idir toghcháin d'Údarás na Gaeltachta a mhéadú ó chuig bliana go leith go dtí seacht mbliana go leith.

Tá an leasú seo bunaithe ar chinneadh atá déanta ag an Rialtas na toghcháin d'Údarás na Gaeltachta a chur siar ar feadh tréimhse áirithe. De réir na reachtaíochta atá ann faoi láthair, ní mór na toghcháin a reáchtáil taobh istigh de thréimhse nach giorra ná ceithre bliana agus nach faide ná cúig bliana go leith ó dháta na dtoghchán deiridh.

Bhí toghcháin deiridh an údaráis ar siúl an 2 Aibreán 2005. Ba chóir, dá bhrí sin, na céad toghcháin eile a reáchtáil roimh 1 Deireadh Fómhair 2010. Níl aon fhoráil san reachtaíocht chun na toghcháin a chur siar. Tá leasuithe maidir le cumhachtaí, feidhmeanna agus struchtúr Údarás na Gaeltachta sa todhchaí á meas faoi láthair i gcomhthéacs na moltaí atá sa dréachtstraitéis 20 bliain don Ghaeilge.

Tá an dréachtstraitéis á scrúdú ag an gComhchoiste um Ghnóthaí Ealaíon, Spóirt, Turasóireachta, Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta faoi láthair. Nuair a bheidh a chuid oibre curtha i gcrích ag an gComhchoiste, cuirfear an dréachtstraitéis ar ais faoi mo bhráid agus seolfar go dtí an Rialtas ina dhiaidh sin é.

Mar a thuigfidh Seanadóirí, ní féidir liom ag an bpointe seo a rá cén fhad go díreach a thógfaidh sé sin. Tá mé dóchasach, áfach, go mbeidh dul chun cinn suntasach déanta ina leith sa chéad chúpla mí eile amach romhainn. Ba mhaith liom an deis seo a thapú le mo bhuíochas a chur in iúl do bhaill an Chomhchoiste as an méid oibre atá á dhéanamh acu ar an dréachtstraitéis.

Bhí an-áthas orm go ndeachaigh an Comhchoiste i gcomhairle leis an bpobal ar bhonn an-leathan le moltaí na dréachtstraitéise a phlé. Ba chúis sásaimh ar leith é gur thug siad cuairt ar an nGaeltacht níos luaithe i mbliana chun bualadh le coistí pobail agus daoine aonaracha ó na ceantair Ghaeltachta ar fad. Cuireadh fáilte mhór roimh an chur chuige seo.

Is iontach an rud go bhfuilimid, mar Sheanadóirí agus mar Theachtaí tofa i dTithe an Oireachtais, ag déileáil leis an dréachtstraitéis ar bhonn traspháirtí. Léiríonn an tacaíocht traspháirtí sin go soiléir nach mbaineann ár dteanga náisiúnta le haon dream nó páirtí ar leith. Léiríonn sé go dtuigeann daoine gur gné an-tábhachtach í an Ghaeilge dár bhféiniúlacht agus dár n-oidhreacht choitianta.

Tá moltaí éagsúla sa dréachtstraitéis i dtaobh Údarás na Gaeltachta. Meastar go mbeidh gá le leasú níos cuimsithí a dhéanamh ar reachtaíocht an údaráis dá bharr sin. Tógfaidh an próiséas sin tréimhse áirithe ama. Mar sin tál sé inmholta dáta na dtoghchán a chur siar chun deis a thabhairt an próiseas seo a chríochnú.

Go hachomair, is é an leasú atá molta sa Bhille seo ná:

Alt 28(1) den Acht um Údarás na Gaeltachta, 1979 a leasú ionas go mbeidh síneadh curtha leis an tréimhse is faide idir thoghcháin don Údarás ó chúig bliana go leith go dtí seacht mbliana go leith.

Le hAchtú an Bhille seo, is é 30 Meán Fómhair 2012 an dáta deiridh i gcomhair toghcháin d'Údarás na Gaeltachta a reáchtáil. Agus an Bille seo á thionscnamh agam, measaim gur fiú tagairt a dhéanamh don gcomhthéacs ginearálta ina bhfuil Údarás na Gaeltachta ag feidhmiú faoi láthair.

Bunaíodh Údarás na Gaeltachta i 1980 faoin Acht um Údarás na Gaeltachta 1979. Tá sé á mhaoiniú ag an Rialtas ó shin i leith chun forbairt eacnamaíochta, shóisialta agus chultúrtha na Gaeltachta a chur chun cinn. Tá sé mar mhóraidhm ag an údarás an Ghaeilge a chothú mar theanga phobail sa Ghaeltacht. Chuige sin, tacaíonn an t-údarás le réimse de scéimeanna fostaíochta a dhíríonn ar leas a bhaint as acmhainní áitiúla. Díríonn sé chomh maith ar infheistíocht a mhealladh agus ar fhorbairt pobail na Gaeltachta. Tacaíonn an t-údarás freisin le réimse leathan de thionscnaimh theanga, chultúrtha agus oideachais.

Tá 20 comhalta ar bhord an údaráis. Tá 17 acu tofa go daonlathach ag rnuintir na Gaeltachta agus ceapann an tAire triúr eile, an Cathaoirleach san áireamh. Tá foireann de thimpeall 100 duine fostaithe ag an údarás agus tá gréasáin d'oifigí réigiúnacha aige sna ceantair Ghaeltachta éagsúla chun a chuid dualgas reachtúla a chur i bhfeidhm. Ag deireadh na bliana

2009, bhí os cionn 8,000 duine fostaithe i gcliant-chomhlachtaí a fuair tacaíocht ó Údarás na Gaeltachta.

Is eagras forbartha réigiúnach é an t-údarás a bhfuil ról tábhachtach aige maidir le polasaí an Rialtais i leith na Gaeilge agus na Gaeltachta a chur i bhfeidhm. Cuimsíonn an reachtaíocht faoina bhfeidhmíonn Údarás na Gaeltachta na hAchtanna um Údarás na Gaeltachta 1979 go 1999.

Is fiú dhá cheann díobh sin a lua ach go háirithe:

(i) An tAcht um Údarás na Gaeltachta (Leasú) 1999 a mheádaigh an tréimhse idir thoghcháin ó chúig bliana go dtí cúig bliana agus sé mhí. Léiríonn sé sin an fasach atá ann don gcur chuige atá i gceist leis an mBille seo agus

(ii) An tAcht um Údarás na Gaeltachta (Leasú) (Uimh. 2) 1999 a chuir athruithe substaintiúla i bhfeidhm ar struchtúr Údarás na Gaeltachta tríd an líon comhaltaí a mhéadú ó thriúr déag go fiche.

Tá sé tráthúil ag an bpointe seo léargas a thabhairt ar pholasaí an Rialtais i leith na Gaeilge agus na Gaeltachta. Ainneoin na gcéadta bliain d'aistriú teanga ó Ghaeilge go Béarla, is cúis shásaimh agus bhróid é go bhfuil an Ghaeilge á labhairt go fóill mar theanga bheo phobail i roinnt áiteanna a d'fhan ina nGaeltachtaí.

Chomh maith leis seo, tá cuid mhaith daoine lasmuigh den Ghaeltacht ag úsáid na Gaeilge ó lá go lá. Tá bláthú tagtha chomh maith ar litríocht agus ar chineálacha eile ealaíon trí mheán na Gaeilge le 100 bliain anuas. Is feídir a rá gur teanga iomlán nua-aimseartha Eorpach í an Ghaeilge anois.

Tá sé mar pholasaí ag an Rialtais úsáid na Gaeilge a mhéadú mar theanga phobail, ar bhonn céimniúil agus a chinntiú go bhfuil an oiread saoránach agus is féidir dátheangach i nGaeilge agus i mBéarla. Tá na spriocanna leagtha síos againn: cur leis an méid teaghlach ar fud na tíre a bhaineann úsáid as an nGaeilge mar theanga chumarsáide laethúil; tacaíocht teanga a sholáthar don Ghaeltacht mar phobal labhartha Gaeilge; a chinntiú chomh fada agus is féidir go mbeidh rogha teanga idir an Ghaeilge agus an Béarla ag gach saoránach fad is a bhaineann sé le seirbhísí poiblí; agus a chinntiú go mbeidh an Ghaeilge níos feiceálaí sa tsochaí againn, mar theanga labhartha agus chomharthaí agus i litríocht.

Treisíonn an Rialtas go mbaineann tábhacht faoi leith leis an nGaeilge do mhuintir, do shochaí agus do chultúr na hÉireann. Mar theanga labhartha pobail, tá fíorthábhacht léi, ní hamháin chun féiniúlacht mhuintir na hÉireann a chur in iúl ach mar chuid ar leith den oidhreacht chultúrtha dhomhanda.

Is mian liom anois léargas a thabhairt ar an saghas smaointeoireachta atá sa dréachtstraitéis maidir le hÚdarás na Gaeltachta. Táim chun seo a dhéanarnh go dtuigfear na hathruithe a d'fhéadfadh a bheith i gceist don eagraíocht amach anseo, ach moltaí an chomhchoiste agus cead an Rialtais a fháil ina leith. Maidir leis an bpríomh-ghníomhaireacht feidhmithe a bheidh freagrach as an straitéis a chur i gcrích, tá sé molta go ndéanfaí athstruchtúrú bunúsach ar Údarás na Gaeltachta chun ról nua náísiúnta a thabhairt dó maidir le cúrsaí Gaeilge ar fud an Stáit.

Deirtear chomh maith go mbeidh cuid mhaith de na feidhmeanna atá aige faoi láthair á choiméad ag an Udarás. Beidh reachtaíocht le hullmhú chun an comhlacht nua a chur ar bhonn reachtúil. Beidh polasaithe agus feidhmeanna Gaeltachta éagsúla mar fhreagracht ar an Roinn Gnóthaí Pobail, Comhionannais agus Gaeltachta. D'fhéadfadh an Roinn, áfach, feidhmeanna a tharmligean mar is cuí chuig Údarás na Gaeilge. Ní miste a lua freisin go bhfuil sé molta go leanfadh Foras na Gaeilge ag seachadadh a fhreagrachtaí reachtúla maidir leis an nGaeilge. Ba mhaith liom a threisiú go bhfuil sé i gceist go bhfanfaidh Foras na Gaeilge mar phríomhghné den struchtúr tacaíochta don teanga sa dá chuid den oileán, Thuaidh agus Theas.

Ina ráiteas i leith na Gaeilge 2006, dhearbhaigh an Rialtas a pholasaí maidir leis an Ghaeltacht a neartú mar phobal ina labhraítear Gaeilge agus daingníodh tacaíocht an Rialtais don Ghaeilge. Tá trí chuspóir a thagraíonn don Ghaeltacht sa ráiteas. Tabharfar spreagadh agus tacaíocht do phobal na Gaeilge sa Ghaeltacht agus lasmuigh di an Ghaeilge a thabhairt don chéad ghlúin eile mar theanga teaghlaigh agus chuige sin, cuirfear réimse leathan seirbhísí ar fáil trí mheán na Gaeilge. Tabharfar tacaíocht ar leith don Ghaeltacht mar cheantar labhartha Gaeilge. Leanfar le treisiú na hoibre atá ar bun ag an Roinn Gnóthaí Pobail, Comhionannais agus Gaeltachta agus ag na gníomhaireachtaí agus na comhlachtaí a thagann faoina scáth, ar nós Foras na Gaeilge agus Údarás na Gaeltachta, chun an Ghaeilge a chur chun cinn go náisiúnta agus chun í a chaomhnú agus a threisiú sa Ghaeltacht.

Moltar sa staidéar cuimsitheach teangeolaíoch ar úsáid na Gaeilge sa Ghaeltacht 2007 gur chóir go mbeadh béim an pholasaí teanga sa Ghaeltacht ar thacaíocht a thabhairt do ghlúnta tuismitheoirí óga Gaeltachta amach anseo agus ar a gcumas a gcuid leanaí a thógáil le Gaeilge. Dearbhaíonn an staidéar ach go háirithe an tábhacht a bhaineann leis an méid cainteoirí gníomhacha Gaeilge sa Ghaeltacht a chaomhnú agus cur leis an líon sin. Sa chomhthéacs seo, aithníonn an dréacht-straitéis go mbeidh gá le córas éifeachtach pleanála teanga ag leibhéal an phobail agus samhlaítear go mbeidh ról tábhachtach ag an údarás i bhfeidhmíú an chórais sin. Tá sé molta sa dréacht-straitéis go dtabharfaí aitheantas nua do cheantair a dtugtar "Gaeltacht gréasáin" orthu. Tabharfaidh an chatagóir nua seo deis do thionscnaimh phleanála teanga forbairt a dhéanamh ar phobail nó ghréasáin teanga nua lasmuigh den Ghaeltacht i bpobail uirbeacha, a bhfuil mais chriticiúil iontu maidir le tacaíocht an phobail agus an Stáit don Ghaeilge. Bainfaidh na critéir don chatagóir sin le dearcadh an phobail, le cumas teanga, le soláthar oideachais trí mheán na Gaeilge agus le toil an phobail a bheith rannpháirteach go gníomhach i gcur chun cinn na Gaeilge. Tabharfaidh an Roinn Gnóthaí Pobail, Comhionannais agus Gaeltachta agus an Údarás tacaíocht do na pleananna teanga sin.

Is fiú tagairt a dhéanamh freisin do chuid de na cúraimí a shamhlaítear a bheidh ag Údarás na Gaeilge chun gníomhaíochtaí eacnamaíochta trí Ghaeilge a spreagadh ar bhonn náisiúnta. Tá sé i gceist go mbunófaí sraith tionscnamh le fiontraíocht agus gníomhaíocht eacnamaíochta a spreagadh i measc an phobail a labhraíonn Gaeilge ar bhonn cuideachta, earnála nó áitiúil. Beidh an cur chuige le cur i bhfeidhm, mar shampla, trí spreagadh agus tacaíocht a thabhairt don gheilleagar teanga atá in ann na seirbhísí riachtanacha a sholáthar don Stát agus don Aontas Eorpach i réimsí ar nós aistriú, ateangaireacht, múineadh teangacha, foilsiúchán, comhairle teanga agus bainistiú tionscadail. Tá struchtúr tacaíochta i gceist chomh maith do ghnóthaí ag tosú amach. Déanfaidh Údarás na Gaeilge soláthar do chruthú chumann tráchtála don Ghaeltacht agus do ghnóanna eile trí Ghaeilge. Tabharfadh an cumann tacaíocht do ghnóthaí a sholáthraíonn seirbhísí trí Ghaeilge nó a oibríonn trí Ghaeilge. Dhéanfadh sé tuiscint a chothú i measc an phobail gnó faoin nasc atá idir an teanga agus forbairt eacnamaíochta, agus faoi na buntáistí gnó a bhaineann leis an nGaeilge. Is léir ón méid seo go bhféadfadh athruithe substaintiúla ar struchtúr agus ar chúraimí Údarás na Gaeltachta a bheith i gceist.

Mar achoimre, tá leasuithe maidir le cumhachtaí, feidhmeanna agus struchtúr Údarás na Gaeltachta á mheas faoi láthair i gcomhthéacs na moltaí atá sa dréacht-straitéis 20 bliain don Ghaeilge. Tá an dréacht-straitéis á scrúdú ag an Chomhchoiste um Ghnóthaí Ealaíon, Spóirt, Turasóireachta, Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta faoi láthair. Tuigim go mbeidh sí le cur faoi mo bhráid go luath agus fáiltím roimhe sin. Má tá an dréacht-straitéis faofa ag an Rialtas ina dhiaidh sin, cuirfear tús le próiseas chun leasuithe substaintiúla a dhéanamh ar an reachtaíocht maidir le Údarás na Gaeltachta, chun moltaí éagsúla na straitéise i dtaca leis an údarás a chur i gcrích. Sa chomhthéacs seo, measaim go bhfuil sé inmholta agus cuí gan toghcháin d'Údarás na Gaeltachta a reachtáil faoi láthair, chun deis a thabhairt an próiseas atá sonraithe agam a chur i gcrich. Is é an leasú atá molta sa Bhille atá os comhair an Tí inniu ná Alt 28(1) den Acht um Údarás na Gaeltachta 1979 a leasú ionas go mbeidh síneadh curtha leis an tréimhse is faide ídir thoghcháin don údarás, ó chúig bliana go leith go dtí seacht mbliana go leith. Molaim an Bille seo don Teach.

Photo of Jerry ButtimerJerry Buttimer (Fine Gael)
Link to this: Individually | In context

Cuirim fáilte roimh an Aire. Níl aon ghá leis an mBille seo, ná le toghcháin Údarás na Gaeltachta a chur ar athló agus cearta daonlathacha na ndaoine a mhoilliú ag an am céanna. D'éist mé l'óráid an Aire. Chuala mé gach focal a dúirt sé, agus nár dúirt sé. Is gá go mbeadh toghcháin ann, ionas go gcuirfear le struchtúr an bhoird agus go ndéanfaí ceannaireacht a sholáthar do mhuintir na Gaeltachta. I listened to what the Minister had to say. As I stated, there is a need to hold elections, enhance the structures of the board of Údarás na Gaeltahcta and provide the people of the Gaeltacht with leadership.

Ba mhaith liom tréaslú le baill an bhoird. Molaim mo chuid chomhghleacaithe ó Fhine Gael - Ian Mac Aindriú, Mícheál Ó Scanaill, Séamus Cosaí Mac Gearailt agus Pádraig Ó Dochartaigh - as ucht an méid oibre atá á dhéanamh acu ar son muintir na Gaeltachta. In praising the Fine Gael members of the board, I ask why are the elections being postponed. Tá an stráitéis idir chamáin againn le tamall anuas. Fáiltítear roimhe mar go bhfuil géarghá leis. Ba chóir go mbeadh an Rialtas ag saothrú go diongbháilte chun leas ceart na stráitéise a bhaint amach.

I welcome the publication of straiteis 20 bliain don ghaeilge, in which Fine Gael has been involved. I compliment the work done by Senator Ó Murchú and Deputy McGinley through the sub-committee of the Joint Committee on Arts, Sport, Tourism, Community, Rural and Gaeltacht Affairs. Gabhann féiniúlacht leis na cheantair Gaeltachta agus, mar sin, gabhann féiniúlacht leis an mbord ina theannta leis. B'fhearr sa chás seo go ndíreodh an Bille ar na stuchtúir, na comhlachtaí agus na dhéantúis. The Minister is correct that the Bill is important. However, it should have examined the structures, powers and composition of the board.

Is é atá le foghlaim as seo do mhuintir na Gaeltachta ná go bhfuil an Rialtas ag cúlú siar ós na toghcháin chéánna. Tá mí-úsáid á bhaint ag an Rialtas as an leithscéal go bhfuilimid i mbun eagrúcháin don stráitéis 20 bliain agus na toghcháin á chur siar acu. Ba chóir don Rialtas an dá thrá seo a fhreastal agus na toghcháin a gcur ar siúl ag an am gcéanna. The message we send to the people of the Gaeltacht, despite what Members on the Government side will say, is that the Government is afraid to hold elections. There is no need to postpone them. The preparation of the 20 year programme for the Irish language is important; it can be done in tandem with the elections.

Ní gá an téarma a mhéadú nó sos toghchán a bheith ann. Is é atá ag teastáil ná ionadaíocht, rud atá rí-thábhachtach do mhuintir na Gaeltachta. Tá muintir na Gaeltachta ar a gcosa ag impí ar an Rialtas beartú agus gníiomh a dhéanamh. Tá deacrachtaí ag titim anuas orthu: dí-fhostaíocht; an imirce; easpa na bannda leathan; agus meath ar an tionscnamh turasaíochta. There are real problems in the Gaeltacht - unemployment, emigration, the lack of broadband services and the decline in tourism - that need to be tackled.

Tá súil agam nach bhfuilimid ag féachaint ar mhoilliú chumhachtaí an bhoird. Creidim féin agus creideann Fine Gael gur chóir go mbeadh cruthú postanna, forbairt tionsclaíochta, ról níos láirní i gcursaí oideachais agus cur chun cinn na Gaeilge faoi chúram Údarás na Gaeltachta.

We will oppose the Bill reluctantly because we do not believe there is a need to postpone the elections. Cosúil leis an Rialtas, tá sé mar pholasaí ag Fine Gael úsáid na Gaeilge a mhéadú. We fully support the use of the Irish language. However, we see a fear of holding the elections. It would be wrong to postpone the expression of the democratic wishes of the people, no matter what they are. We will oppose the Bill, even though it is an-ghairid. There is no need to postpone democratic elections. The postponement of the local elections in the 1990s showed that postponing elections did not work. People have a right to their say. There are problems in several Gaeltacht regions. Postponing the elections will not solve them.

It is important that the 20 year strategy is completed successfully. Our party supports this. However, the Bill is a wrong move. It is designed to buy time for the Government. Senator Ó Domhnall would much rather see the elections, as well as the Donegal South West by-election, held soon. For that reason, I hope he will support Fine Gael in opposing the Bill.

Photo of Labhrás Ó MurchúLabhrás Ó Murchú (Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context

Is mian liom fáilte a chur roimh an Aire Stáit. Tacaím leis an mBille agus táim sásta gur dhein an t-Aire cás an-láidir go bhfuil géar ghá le síniú ama maidir le toghchán Údarás na Gaeltachta. Tá an t-údarás ar cheann des na gníomharthachtaí is tábhachtaí ó thaobh na Gaeilge agus na Gaeltachta de. Tá sé tábhachtach, mar sin, go mbeadh gach rud déanta maidir leis an údarás, go mbeadh scrúdú domhain déanta ar an straitéis agus go bhféadfaimís an tairbhe is mó gur féidir linn a bhaint as aon ath-struchtúrú a déanfar.

Maidir leis an dréacht straitéis don Ghaeilge - agus luaigh an t-Aire Stáit é seo ins an chaint a dhein sé - ceann des na rudaí is tábhachtaí a tharla ná gur deineadh comhchomhairle an-fhairsing ar fad. Tá seans go raibh stair á dhéanamh maidir leis an ghníomh seo nuair a chuaigh comhchoiste an Oireachtais go Conamara chun éisteacht le aighneachtaí béil ansin. Tháinig breis agus 30 grúpa isteach agus bhí seans acu a dtuairimí a gcur os comhair an choiste. Deineadh taifead de gach rud a dúradh ar an ócáid sin. Beidh mé ag caint i gcionn cupla noiméad faoi na cruinnithe a bhí againn anseo sa Teach, ach ag na cruinnithe a bhí againn sa Ghaeltacht bhí sé thar a bheith soiléir go rabhmar ag déanamh díospóireachta le daoine a thuigeann cás na Gaeltachta agus fiúntas agus tábhacht an údaráis. Is iad siúd a bhí ag plé agus ag gníomhú leis an údarás le blianta fada anuas.

Bhí an-áthas orm - agus táim cinnte go raibh an scéal amhlaidh ag baill an chomhchoiste - gur tharla an rud stairiúil seo. Beidh sé ar ár gcumas a rá níos déanaí nuair a bheidh an dréacht straitéis á mheas, gur tugadh seans cainte dos na daoine ar fad a bhí ag plé le ceist na Gaeilge le blianta fada anuas agus a raibh taithí acu ar na rudaí seo agus tuiscint acu ar na hathraithe atá ag teastáil le cinntiú go mbeidh an Ghaeilge i lár an aonaigh agus an Ghaeilge agus an Ghaeltacht á láidriú ins na 20 bliain atá i gceist ag an dréacht straitéis.

An chúis go ndeirim na rudaí sin ná go gcruthaíonn sé dom go bhfuil sé tábhachtach gan brú ama a bheith orainn maidir leis an obair seo. Caithfimid a bheith cinnte nach mbeidh toghchán ar siúl agus na rudaí bunúsacha agus straitéiseacha ag teacht chun tosaigh maidir leis an údarás. Bheadh coimhlint ann agus caillfí seans gradam agus seasamh faoi leith a thabhairt don údarás. Caithfear cinntiú gur féidir linn an fiúntas is mó a bhaint as an údarás.

Suimiúil go leor, tháinig na poinntí seo chun tosaigh ina na haighneachtaí scríofa a tháinig isteach agus ins na haighneachtaí béil a déanadh, chomh maith leis na cruinnithe a bhí againn sa Ghaeltacht. Bhí cruinniú againn anseo i mBaile Átha Cliath le deich ghrúpa freisin. Is rí-annamh a déanadh comhchomhairle chomh fairsing sin maidir le haon reachtaíocht nó struchtúrú nua maidir leis an nGaeilge.

Bhí áthas orm go luaigh an t-Aire Stáit rud amháin atá an-thábhachtach maidir le stadas na Gaeilge. Is é sin go bhfuil comh-oibriú tras-phairtí i gceist anseo. Is minic a luaigh mé féin seo sa Teach seo agus luaigh an t-Aire é freisin. Ní le haon phairtí an Ghaeilge. Is í an seans is fearr do thodhchaí na Gaeilge go mbfuilimid ag smaoineamh uirthí mar theanga náisiúnta. Teanga na ndaoine atá i gceist. Tá an-dul chun cinn déanta ag an Ghaeilge. Ar cheap éinne, 20 bliain ó shin, go mbeadh dul chun cinn chomh mór sin déanta ag an nGaeilge agus atá? Mar shampla, tá gaelscoileanna ar fud na tíre agus daoine ag iarraidh fáil isteach ins na scoileanna sin. Tá TG4 agus Raidió na Gaeltachta ag déanamh sár-jab. Chomh maith le sin, tá stádas oifigiúil oibre bainte amach don Ghaeilge san Eorap, rud nach raibh ariamh againn go dtí seo, agus tá reachtaíocht maidir leis na teangacha oifigiúila curtha i bhfeidhm. Mar "icing on the cake", tá an dréacht straitéis 20 bliain.

Deirtear go bhfuil breis agus 80,000 duine a úsádann an Ghaeilge mar ghnáth-theanga labhartha gach lá agus táimid ag caint faoi sin a mhéadú fá thrí. B'iontach go deo é sin. Táimid ag caint faoi 250,000 cainteoirí Gaeilge tar éis 20 bliain. Is sproic láidir é sin agus is cinnte nach dtarlóidh sé mura bhfuil an straitéis féin ceart, radacach agus dírithe. Ba cheart go mbeadh spriocanna den saghas sin ann agus bhí áthas orm nuair a chonaic mé an dréachtstraitéis den chéad uair go raibh an scéal amhlaidh.

Tá rudaí bunúsacha a gcaithfimid aird a thabhairt orthu, cúrsaí oideachais mar shampla, agus an Ghaeltacht. Caithfimid bheith cinnte nach bhfuil laghdú nó truailliú ag teacht ar an Ghaeltacht. Tháinig an dearcadh sin ní amháin ó mhuintir na Gaeltachta, tháinig sé ó na heagrais chomh maith.

Tá sár-obair tras-Teorainn ag tarlú. Ní dóigh liom gur cheap éinne 50 bliain ó shin go dtarlódh a leithéid. Tá gníomhaireacht ann anois, Foras na Gaeilge, atá ag saothrú na Gaeilge tras-Teorainn. Sna 1960í agus na 1970í, nuair a bhí mé féin mar thimire do Chonradh na Gaeilge, ní dhéanfaidh mé riamh dearmad ar an naimhdeas agus ar an drochthoil a bhí ann don Ghaeilge ag an am. A mhalairt ar fad atá ann anois, is rí-annamh a bhíonn naimhdeas le cloisint. Tá dea-thoil ann, tá struchtúr á chur i gcríoch agus tá mé sásta go bhfuil an tAire agus an Roinn ar an mbóthar céanna. Tá súil agam go leanfaidh an comhoibriú traspháirtí sin a bhí chomh tábhachtach agus chomh cabhrach go dtí seo.