Seanad debates

Tuesday, 22 June 2010

Údarás na Gaeltachta (Amendment) Bill 2010: Second Stage

 

5:00 am

Photo of Labhrás Ó MurchúLabhrás Ó Murchú (Fianna Fail)

Is mian liom fáilte a chur roimh an Aire Stáit. Tacaím leis an mBille agus táim sásta gur dhein an t-Aire cás an-láidir go bhfuil géar ghá le síniú ama maidir le toghchán Údarás na Gaeltachta. Tá an t-údarás ar cheann des na gníomharthachtaí is tábhachtaí ó thaobh na Gaeilge agus na Gaeltachta de. Tá sé tábhachtach, mar sin, go mbeadh gach rud déanta maidir leis an údarás, go mbeadh scrúdú domhain déanta ar an straitéis agus go bhféadfaimís an tairbhe is mó gur féidir linn a bhaint as aon ath-struchtúrú a déanfar.

Maidir leis an dréacht straitéis don Ghaeilge - agus luaigh an t-Aire Stáit é seo ins an chaint a dhein sé - ceann des na rudaí is tábhachtaí a tharla ná gur deineadh comhchomhairle an-fhairsing ar fad. Tá seans go raibh stair á dhéanamh maidir leis an ghníomh seo nuair a chuaigh comhchoiste an Oireachtais go Conamara chun éisteacht le aighneachtaí béil ansin. Tháinig breis agus 30 grúpa isteach agus bhí seans acu a dtuairimí a gcur os comhair an choiste. Deineadh taifead de gach rud a dúradh ar an ócáid sin. Beidh mé ag caint i gcionn cupla noiméad faoi na cruinnithe a bhí againn anseo sa Teach, ach ag na cruinnithe a bhí againn sa Ghaeltacht bhí sé thar a bheith soiléir go rabhmar ag déanamh díospóireachta le daoine a thuigeann cás na Gaeltachta agus fiúntas agus tábhacht an údaráis. Is iad siúd a bhí ag plé agus ag gníomhú leis an údarás le blianta fada anuas.

Bhí an-áthas orm - agus táim cinnte go raibh an scéal amhlaidh ag baill an chomhchoiste - gur tharla an rud stairiúil seo. Beidh sé ar ár gcumas a rá níos déanaí nuair a bheidh an dréacht straitéis á mheas, gur tugadh seans cainte dos na daoine ar fad a bhí ag plé le ceist na Gaeilge le blianta fada anuas agus a raibh taithí acu ar na rudaí seo agus tuiscint acu ar na hathraithe atá ag teastáil le cinntiú go mbeidh an Ghaeilge i lár an aonaigh agus an Ghaeilge agus an Ghaeltacht á láidriú ins na 20 bliain atá i gceist ag an dréacht straitéis.

An chúis go ndeirim na rudaí sin ná go gcruthaíonn sé dom go bhfuil sé tábhachtach gan brú ama a bheith orainn maidir leis an obair seo. Caithfimid a bheith cinnte nach mbeidh toghchán ar siúl agus na rudaí bunúsacha agus straitéiseacha ag teacht chun tosaigh maidir leis an údarás. Bheadh coimhlint ann agus caillfí seans gradam agus seasamh faoi leith a thabhairt don údarás. Caithfear cinntiú gur féidir linn an fiúntas is mó a bhaint as an údarás.

Suimiúil go leor, tháinig na poinntí seo chun tosaigh ina na haighneachtaí scríofa a tháinig isteach agus ins na haighneachtaí béil a déanadh, chomh maith leis na cruinnithe a bhí againn sa Ghaeltacht. Bhí cruinniú againn anseo i mBaile Átha Cliath le deich ghrúpa freisin. Is rí-annamh a déanadh comhchomhairle chomh fairsing sin maidir le haon reachtaíocht nó struchtúrú nua maidir leis an nGaeilge.

Bhí áthas orm go luaigh an t-Aire Stáit rud amháin atá an-thábhachtach maidir le stadas na Gaeilge. Is é sin go bhfuil comh-oibriú tras-phairtí i gceist anseo. Is minic a luaigh mé féin seo sa Teach seo agus luaigh an t-Aire é freisin. Ní le haon phairtí an Ghaeilge. Is í an seans is fearr do thodhchaí na Gaeilge go mbfuilimid ag smaoineamh uirthí mar theanga náisiúnta. Teanga na ndaoine atá i gceist. Tá an-dul chun cinn déanta ag an Ghaeilge. Ar cheap éinne, 20 bliain ó shin, go mbeadh dul chun cinn chomh mór sin déanta ag an nGaeilge agus atá? Mar shampla, tá gaelscoileanna ar fud na tíre agus daoine ag iarraidh fáil isteach ins na scoileanna sin. Tá TG4 agus Raidió na Gaeltachta ag déanamh sár-jab. Chomh maith le sin, tá stádas oifigiúil oibre bainte amach don Ghaeilge san Eorap, rud nach raibh ariamh againn go dtí seo, agus tá reachtaíocht maidir leis na teangacha oifigiúila curtha i bhfeidhm. Mar "icing on the cake", tá an dréacht straitéis 20 bliain.

Deirtear go bhfuil breis agus 80,000 duine a úsádann an Ghaeilge mar ghnáth-theanga labhartha gach lá agus táimid ag caint faoi sin a mhéadú fá thrí. B'iontach go deo é sin. Táimid ag caint faoi 250,000 cainteoirí Gaeilge tar éis 20 bliain. Is sproic láidir é sin agus is cinnte nach dtarlóidh sé mura bhfuil an straitéis féin ceart, radacach agus dírithe. Ba cheart go mbeadh spriocanna den saghas sin ann agus bhí áthas orm nuair a chonaic mé an dréachtstraitéis den chéad uair go raibh an scéal amhlaidh.

Tá rudaí bunúsacha a gcaithfimid aird a thabhairt orthu, cúrsaí oideachais mar shampla, agus an Ghaeltacht. Caithfimid bheith cinnte nach bhfuil laghdú nó truailliú ag teacht ar an Ghaeltacht. Tháinig an dearcadh sin ní amháin ó mhuintir na Gaeltachta, tháinig sé ó na heagrais chomh maith.

Tá sár-obair tras-Teorainn ag tarlú. Ní dóigh liom gur cheap éinne 50 bliain ó shin go dtarlódh a leithéid. Tá gníomhaireacht ann anois, Foras na Gaeilge, atá ag saothrú na Gaeilge tras-Teorainn. Sna 1960í agus na 1970í, nuair a bhí mé féin mar thimire do Chonradh na Gaeilge, ní dhéanfaidh mé riamh dearmad ar an naimhdeas agus ar an drochthoil a bhí ann don Ghaeilge ag an am. A mhalairt ar fad atá ann anois, is rí-annamh a bhíonn naimhdeas le cloisint. Tá dea-thoil ann, tá struchtúr á chur i gcríoch agus tá mé sásta go bhfuil an tAire agus an Roinn ar an mbóthar céanna. Tá súil agam go leanfaidh an comhoibriú traspháirtí sin a bhí chomh tábhachtach agus chomh cabhrach go dtí seo.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.