Seanad debates

Wednesday, 19 October 2022

Consumer Rights Bill 2022: Committee Stage

 

10:30 am

Photo of Dara CallearyDara Calleary (Mayo, Fianna Fail) | Oireachtas source

Gabhaim buíochas leis an Seanadóir Ó Donnghaile agus a chomhghleacaithe, an Teachta Ó Snodaigh agus Eoghan Finn in oifig an Teachta Ó Snodaigh, as na leasuithe seo. Táimid ann chun leasuithe a dhéanamh sa Bhille seo agus bhí sin soiléir sa Dáil, nuair atá na rialacha in ann é a dhéanamh. Aontaím go mór le spiorad na leasuithe seo. Seasaim leis an spiorad sin ach tá cúpla fadhb leis na leasuithe agus is fadhbanna móra iad. Leis na fadhbanna sin is é an cinneadh ná dul i gcoinne na leasuithe. Tá an cinneadh sin bunaithe ar chúrsaí dlíthiúil agus anailís polasaí de na leasuithe atá curtha. Tá cúpla focal ginearálta le rá ar dtús agus rachaimid tríd na leasuithe ar fad tar éis sin.

Beidh an Bille foilsithe i nGaeilge agus i mBéarla nuair a táimid críochnaithe sa phróiseas seo. Níl aon rud sa Bhille ag cur in iúl go gcaithfidh muintir ghnó teanga faoi leith a úsáid nuair atá siad ag díol rudaí. Tá rogha acu an Ghaeilge a úsáid sa ghnó agus iad ag díol rudaí. B'fhéidir go gcaithimid obair air sin. Caithimid uilig cabhrú agus cuidiú le gnóthaí agus le díoltóirí ionas go mbainfidh siad mórán úsáide as an teanga. Mar a dúirt an Seanadóir, tá cuidiú ann ó ghrúpaí cosúil le Foras na Gaeilge ach nuair a bhí an Seanadóir ag caint ansin bhí mé ag ceapadh go raibh i bhfad níos mó Gaeilge thart blianta ó shin ná mar atá anois sa siopaí agus ar líne. B'fhéidir go bhféadfaimis dul ar ais go dtí sin. Bhí i bhfad níos mó Gaeilge i gcúrsaí ghnó tráth ná mar atá ag an nóiméad seo mar sin caithimid go léir rudaí a dhéanamh faoi sin.

Is é príomhaidhm an Bhille seo ná ceartaí tomhaltóirí a chosaint. Caithimid obair leis an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, leis an Aire, an Teachta Catherine Martin, agus leis an Aire Stáit, an Teachta Chambers, chun cúrsaí Gaeilge a spreagadh freisin. Mar sin, tá mé chun scríobh go dtí an Aire, an Teachta Catherine Martin, agus go dtí an Aire Stáit, an Teachta Chambers, chun spiorad na leasuithe seo a leagan amach. Déanfaimid iarracht a fháil amach conas mar a bheimid in ann obair le chéile chun déileáil leis an bhfadhb seo i gcúrsaí difriúla, ní hamháin i gcúrsaí dlíthiúil. Nuair a théimid tríd na leasuithe b'fhéidir go mbeidh tuiscint againn nach raibh mórán ama againn impacts na leasuithe seo a phlé. Mar gheall air sin ní raibh seans againn iad a phlé le gnóthaí. Níor tháinig na leasuithe seo tríd pre-legislative scrutiny; ní raibh aon chomhrá dá leithéid faoi seo mar sin ní raibh seans ag na gnóthaí caint faoi na hathruithe a bheas ag teacht as na leasuithe.

Tagraím do leasú Uimh. 2. Leagann sé amach, ó thaobh cúrsaí Gaeilge de, go mbeidh comtharthaí eolasi siopaí, oifigí agus rudaí mar sin sa Ghaeilge agus sa Bhéarla. Toisc sin táimid buartha go bhfuil ceist dlí anseo. Má tá dual language obligations i gcomhthéacs an ghnó, beidh troid ann leis an EU. Ní raibh an t-am againn dul tríd sin agus caint leis an EU. Freisin, mar a dúirt mé, sa dréacht-iniúchadh reáchtála, ní raibh seans againn é seo a phlé. Ní raibh seans againn na cúrsaí seo a chur os comhair siúd a bheadh páirteach sa phróiseas sin. Sin pre-legislative scrutiny. Seans go ndéanfaí athruithe do chúrsaí gnó agus ní raibh seans againn é sin a phlé. Mar a dúirt mé ar an Dara Céim, táim buartha faoi ghnóthaí beaga ach go háirithe. Tuigim go bhfuil run-in period ann sna leasuithe ach níl tuiscint againn ag an nóiméad seo faoi na costais breise. Bheinn i bhfad ní ba shásta dul leis na leasuithe seo nuair a bheidh an tuiscint sin agam agus nuair a bheimid in ann plé le daoine agus a chur in iúl dóibh go mbeidh costais breise ann ach gur fiú é. Caithimid suim na costais breise a thabhairt dóibh. Freisin, bheadh sé tábhachtach na hathruithe seo a phlé leis an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán agus le Ranna Rialtais eile.

Tagraím do leasú Uimh. 3. Tuigim go bhfuil an Seanadóir ag lorg eolais i signs i nGaeilge nó sa dá teanga. Tá deacracht ann le cúrsaí margaíochta, cosúil le packaging agus labelling. Níl na cúrsaí sin i gceist sa dlí seo.Baineann an dlí seo le conarthaí consumers agus leis na rights, remedies agus freagrachtaí atá ann nuair nach bhfuil rudaí ag obair. Maidir leis an dlí seo, tá an Roinn den tuairim go bhfuil an leasú seo taobh amuigh d'aidhmeanna an Bhille agus go gcaithfidh muid dul ar ais agus cead a fháil chun leanúint ar aghaidh le leasú Uimh. 3. Cuirfidh sé seo moill ar an mBille.

Baineann leasú Uimh. 4, ina moltar section nua i gCuid 2 den Bhille, le packaging agus labelling freisin. Tá sé ceangailte leis an leasú deireanach. I gcás rudaí a fhaigheann gnólachtaí Éireannacha ó thar lear agus iad marcáilte mar tháirgí Éireannacha, bheadh costais bhreise agus brú breise ar chomhlachtaí idirnáisiúnta atá ag díol rudaí i margadh na hÉireann an t-eolas breise seo a chur orthu. Tagann sé ar ais go dtí na buairimh a bhí agam nach mbeidh seans againn na hathruithe seo a phlé leis na cumainn ghnó, go háirithe iad a bhaineann le gnólachtaí beaga. Tá ceisteanna ann freisin maidir le technical barriers to trade, mar a deirtear as Béarla, ó thaobh an WTO. Tuigim go bhfuil exceptions ann ach tá siad limited. Ní raibh mórán seans againn na rudaí seo a phlé. Táim buartha freisin go mbeidh troid ann idir an leasú agus Article 5(1) den consumer rights directive a bhfuilimid ag iarraidh é a transpose anseo. Táim buartha faoi seo freisin.

Tuigim an spiorad agus cad atá an Seanadóir ag iarraidh a dhéanamh. Ba mhaith liom gach duine a chuidiú leis sin. B'fhéidir nach é an Bille seo an áit chun é seo a dhéanamh. Ceapaim nach bhfuil ach caithfimid oibriú chun é a dhéanamh. Mar a dúirt mé, táim chun scríobh chuig an Aire, an Teachta Catherine Martin, agus chuig an Aire Stáit, an Teachta Chambers. Chomh maith leis sin, táim chun iarracht a dhéanamh i mo Roinn féin a fháil amach cad iad na feithiclí lena mbeimid in ann spiorad na leasuithe a bhaint amach agus cén cuidiú a bheimid in ann a thabhairt do ghnólachtaí, agus do ghnólachtaí beaga ach go háirithe, chun rudaí Gaeilge a spreagadh agus chun níos mó Gaeilge a bheith in úsáid gach lá sa ghnó, sa tseirbhís leighis, in oifigí dochtúirí agus oifigí dlí agus i siopaí agus mar sin de. Táim sásta obair leis an Seanadóir, leis an Teachta Ó Snodaigh agus le Comhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge chun é sin a dhéanamh.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.