Seanad debates

Wednesday, 19 October 2022

Consumer Rights Bill 2022: Committee Stage

 

10:30 am

Photo of Niall Ó DonnghaileNiall Ó Donnghaile (Sinn Fein) | Oireachtas source

Thunder and lightning, it is no lark. Tá mé sásta go bhfuil an seal agam na leasuithe seo a phlé leis an Aire Stáit. Tá díomá orm nach raibh an seans againn bualadh le chéile roimhe seo chun na leasuithe a phlé, go háirithe mar gur iarr sé orainn é sin a dhéanamh. Chuir muid comhfhreagras isteach chuig oifig an Aire Stáit ag lorg cruinnithe chun na leasuithe seo a phlé roimh an gCéim seo, mar a bhí molta aige. Seo an áit ina bhfuilimid faoi láthair agus tá súil agam go mbeimid in ann idirghníomhaíocht dhearfach a bheith againn maidir leis na leasuithe.

Labhróidh mé faoi na leasuithe ina iomláine, Uimh. 2 go Uimh. 5. An méid atá i gceist leo ná, ar dtús báire, go gciallóidh eolas curtha ar fáil "in a comprehensible manner", de réir an Bhille seo, go mbeidh an t-eolas sin i nGaeilge nó sa dá theanga. Chomh maith leis sin, bheadh pacáistiú ar tháirgí sna siopaí i nGaeilge nó sa dá theanga, leis an nGaeilge chun cinn. Táimid ag lorg eisceachtaí le haghaidh iompórtálaithe speisialta nó táirgí tástála agus áitiúla, de réir múnla Cheanada. Ba chóir go mbeadh comharthaíocht i siopaí agus gnóthaí dhátheangach, leis an nGaeilge chun cinn. Táimid ag lorg eisceachtaí le haghaidh comharthaí sealadacha i dteanga iasachta nó rud a léiríonn ainm nó branda. De réir leasú Uimh. 5, bheadh rogha Gaeilge cinntithe ar innill fhéinfhreastail, meaisíní ticéid, ATManna, féinfreastalaithe i siopaí agus mar sin de, agus ligfeadh siad do dhaoine ainmneacha Gaelacha le síntí fada a úsáid.

Déanann na leasuithe iarracht teacht timpeall ar locht mór a bhain le hAcht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2021, sé sin, nár ligeadh d'aon phlé ar ról na Gaeilge sa ghnó nó cearta tomhaltóra an phobail Gaeilge. Rinne mo chomhghleacaí an Teachta Ó Snodaigh iarracht leasuithe ina leith sin a bhrú ach diúltaíodh leo. Anois agus reachtaíocht faoi chearta an tomhaltóra á plé, níl aon leithscéal gan na nithe seo a phlé i gceart agus dul chun cinn suntasach a lorg do phobal na teanga agus do stádas na príomhtheanga oifigiúla. Is mór an trua go bhfuil polasaí Béarla amháin á bhrú i saol an ghnó ó thús. Teip iomlán ar an sprioc bhunreachtúil gur Stát dátheangach a bheadh againn nach bhfuil ach Béarla le feiceáil ar bheagnach gach táirge sna siopaí, i gcomparáid le tíortha dátheangacha eile ar nós Ceanada, An Bheilg, Tír na mBascach agus araile. Mar a dúirt mé ar an gCéim dheireanach, tréaslaím leis an bhfeachtas ag Cian Ward agus Conradh na Gaeilge do phacáistiú dátheangach, ach go háirithe mar go bhfuil sé seo curtha i mbéal an phobail acu. Tá súil agam go dtacóidh na Seanadóirí sin a léirigh tacaíocht do Chian leis na leasuithe atá molta agamsa anseo inniu.

Le leasú Uimh. 1, táimid ag lorg aitheantais nach bhfuil eolas ar fáil "in a comprehensible manner" muna bhfuil sé comprehensible sa dá theanga oifigiúil.Más i mBéarla amháin atá an t-eolas, níl sé intuigthe don Ghaeilgeoir, seachas má iompaíonn siad ar an Bhéarla. Mar sin tá Béarla brúite ar dhaoine ar mhian leo maireachtáil trí Ghaeilge agus léirítear go soiléir gurb é an Bhéarla an teanga oifigiúil sa Stát seo. Tá a fhios againn ón mbrú atá ann sa Ghaeltacht, áit nach bhfuil ach 23% de theaghlaigh ag tógáil clainne le Gaeilge anois agus ina bhfuil líon na gcaointeoir laethúil ag titim, an tionchar a bhíonn ag brú leanúnach an Bhéarla. Tá sé mar dhualgas againn é sin a stopadh.

I leasú Uimh. 3 táimid ag cur plean i bhfeidhm chun pacáiste dhátheangach a thabhairt isteach. Sa tríú leasú táimid ag déanamh an rud céanna do chomharthaíocht eolais i siopaí agus i ngnóthaí, ó bhialainne, go gruagairí.

I leasú Uimh. 4 táimid ag cinntiú rogha Gaeilge ar innill féinfhreastail. Cuimsíonn sé seo: meaisíní ticéid don traein nó san aerfort; meaisíní féinfhreastail i Tesco nó McDonalds, mar shampla; agus uathmheaisíní bainc, ATMs. Ní hamháin go mbeadh rogha Gaeilge cinntithe orthu ach bheadh gá dóibh ligean do dhaoine le hainmneacha Gaelacha an t-ainm sin a chur isteach agus a úsáid i gceart le síntí fada. Tá a fhios againn an fhadhb leanúnach atá ag cur isteach ar dhaoine ag taistil le hAer Lingus, ag úsáid cártaí bainc nó le pasanna ar a bhfuil an síneadh fada ann ach nach réitíonn leis an ainm ar an inneall.

Mar a luaigh muid i gcomhfhreagras le hoifig an Aire Stáit, tá le feiceáil i leasuithe Uimh. 2, 3 agus 4 go bhfuil muid ag lorg run-in period chun gnóthaí a chur ar an eolas faoina gcuid dualgas agus chun deis a thabhairt dóibh ullmhú ar shlí nach ndéanfadh costas a chur orthu. Bheadh an tAire in ann a rogha dáta a roghnú idir chríoch 2023 agus tús 2026, ach ní roimh críoch 2023, mar tuigimid go bhfuil an spás sin ag teastáil ó ghnóthaí. Freisin ní bheadh feidhm ag na leasuithe seo ar tháirgí atá le díol, comharthaí curtha in airde nó innill féinfhreastail curtha in úsáid roimh an dáta atá le roghnú, rud a chiallaíonn nach mbeidh aon chostas breise i gceist chun rudaí a uasdátú chun cloí leis na leasuithe seo. Ní bhainfeadh siad ach le rudaí nua atá le huasdátú nó le hathchóiriú ar aon nós.

Thug mé faoi deara an méid a dúirt an tAire Stáit faoin bhuairt go mbeadh costais breise ar ghnóthaí. Níl anseo ach coinníollacha nua faoi eolas atá ag teastáil agus is minic a bhíonn ar ghnóthaí lipéid nua a dhearadh agus a chló nó comharthaí nua a chruthú chun cloí le coinníollacha nua rialacháin faoin eolas sin cheana féin. Le cúpla bliain chun ullmhú, ní chóir go ndéanfadh sé dochar airgeadais anuas ar na hathruithe a bheadh ag teastáil cheana féin. Freisin, tá seirbhísí ar fáil ag leithéidi Foras na Gaeilge chun tacú le haistriúcháin do ghnóthaí. Tá eisceachtaí molta againn fosta. Nílimid ag iarraidh pacáiste dhátheangach a bhrú ar iompórtálaí speisialta nó tairgí tástála agus áitiúla. Tá eisceacht mar seo ann i gCeanada mar shampla. Nílimid ag brú dhátheangachas ar chomharthaí sna siopaí, ach oiread más comharthaí sealadacha, i dteangacha iasachta nó a léiríonn ainm nó branda atá iontu.

Seans go bhfuil eisceachtaí eile ag teastáil agus seans nach bhfuil an foclaíocht foirfe mar ba chóir. Sin an fáth go bhfuilimid anseo; chun an reachtaíocht seo a phlé agus chun cearta tomhaltóirí a fheabhsú. Cearta tomhaltóirí iad cearta teanga. D'fhéadfadh an Bille seo dul chun cinn as cuimse a dhéanamh d'fheiceálacht na Gaeilge, a chabhródh le foghlaimeoirí, le daoine nár úsáid an Ghaeilge ón scoil, le thuismitheoirí ag iarraidh tacú lena bpáistí, le Gaeilgeoirí líofa atá ag iarraidh maireachtáil trí Ghaeilge agus le pobal na Gaeltachta, atá seasta á mbrú i dtreo an Bhéarla. D'fhéadfadh na leasuithe seo poist nua a chruthú sa bhrandáil agus sa mhargaíocht Gaeilge. Ag deireadh an lae bheadh saol níos éasca agus deiseanna nua ann do Ghaeilgeoirí agus chun daoine a mhealladh i dtreo na Gaeilge. Tuigim go dtacaíonn an tAire Stáit agus mo chomhghleacaithe sa Seanad, as gach páirtí, leis na spriocanna sin. Mar sin impím orthu machnamh a dhéanamh ar na moltaí seo.

Gabhaim buíochas le hEoghan Finn in oifig mo chomhghleacaí, an Teachta Ó Snodaigh, atá sárobair déanta aige ó thaobh na leasuithe seo a chur le chéile ar mo shon. Tá mé breá sásta go raibh an seal seo againn iad a phlé. Tá mé ag dúil go mór le cluinstin ón Aire Stáit faoi caidé atá beartaithe aige a dhéanamh ar an Chéim seo den Bhille.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.