Seanad debates

Wednesday, 19 October 2022

Consumer Rights Bill 2022: Committee Stage

 

10:30 am

Photo of Niall Ó DonnghaileNiall Ó Donnghaile (Sinn Fein) | Oireachtas source

Tá cúpla rud le rá agam air sin. Gabhaim buíochas leis an Aire Stáit. Maidir leis an méid iomlán atá ráite aige, tá díomá orm ach níl dóchas caillte agam go hiomlán ach an oiread. Creidim go mór mór gur féidir linn teacht ar réiteach ar na hábhair atá luaite ag an Aire Stáit agus ní hamháin an spiorad, ach na rudaí praiticiúla atáimid ag iarraidh a dhéanamh trí na leasuithe seo, a bhaint amach. Déarfaidh mé cúpla rud maidir leis an méid atáimid ag iarraidh a bhaint amach agus an fáth go mbeadh na leasuithe seo ina gcuidiú ollmhór i dtaca leis na cuspóirí sin.

Den chuid is mó, níl muid ach ag iarraidh an dátheangachas a bheith infheicthe ar lipéadú táirgí sna siopaí. Is é seo an cineál rud atá déanta in áiteanna eile. Chímid ar fad go bhfuil dhá theanga ar chomhchéim ar tháirgí i gCeanada agus ar fud an Aontais Eorpaigh. Ní mo chuid Fraincise chomh maith agus a bhí ach feictear leithéidí chocolat au laitar lipéadú. An bhfuil sé sin i gceart? Does Senator Boyhan know if that is right?

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.