Seanad debates

Wednesday, 10 November 2021

Bille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2019: An Dara Céim - Official Languages (Amendment) Bill 2019: Second Stage

 

10:30 am

Photo of Niall Ó DonnghaileNiall Ó Donnghaile (Sinn Fein) | Oireachtas source

Ar dtús báire, cuirim fáilte roimh an Aire Stáit. Táim iontach sásta go bhfuil seal agam páirt a ghlacadh sa díospóireacht seo um thráthnóna. Tréaslaím leis an méid a bhí le rá ag an Seanadóir Clifford-Lee mar fhocal scoir le linn a óráid féin. Nuair a ardaím chun labhairt sa chathair seo, tuigim go bhfuil cearta agam mar Ghael nach bhfuil agam sa dara chathair d'Éirinn, mo chathair féin, Béal Feirste cois cuain. Tá orainn go léir cuimhneamh air sin agus muid ag plé cúrsaí Gaeilge mar is pobal uile-Éireann é pobal labhartha na Gaeilge. Mar a dúirt mé, tréaslaím leis an Seanadóir as a ceist. Tá súil agam go mbeidh an tAire Stáit in ann a bheith níos gníomhaí agus níos glóraí faoin éileamh ar Acht na Gaeilge a chur i bhfeidhm sna Sé Chontae gan a thuilleadh moille.

Dar ndóigh, tá Bille i bhfad níos láidre os ár gcomhair anois ná mar a bhí curtha os comhair na Dála in 2019. Léiríonn sé sin an tábhacht a bhaineann le plé parlaiminte. Tá súil agam go mbeidh an tAire Stáit chomh hoscailte le leasuithe anseo sa Seanad is a bhí sé sa Dáil, áit inar ghlac sé sa deireadh le scata mór de na leasuithe a mhol mo chomhghleacaithe i Sinn Féin, an Teachta Ó Snodaigh agus an Teachta Daly, toisc gur aithin Teachtaí ó gach páirtí go raibh siad de dhíth. A bhuí le brú ó Shinn Féin, tá forálacha sa Bhille teanga anois nach raibh i gceist ag an Aire Stáit nuair a thosaigh an plé sa choiste. Deirtear sna forálacha go mbeidh seirbhísí Stáit ar fáil sa Ghaeltacht roimh dháta atá le socrú ag an Aire Stáit; go mbeidh Gaeilge ag 20% d’earcaithe sa státseirbhís faoi 2030; go mbeidh córas IT ag comhlachtaí poiblí ainmnithe ag an Aire in ann an síneadh fada a úsáid, ainmneacha agus seoltaí a thaifeadadh, agus iad a úsáid i gceart; go mbeidh foirmeacha oifigiúla ar fáil i nGaeilge ar líne agus i gcló; nach mbeidh iachall ar dhuine teideal ar nós "Mr." nó "Ms" nó "Dr." a roghnú; go mbeidh ar chomhlachtaí poiblí freagra a thabhairt ar na meáin shóisialta sa teanga ina scríobhtar chucu; go mbeidh ainmneacha na gcomhlachtaí reachtúla i nGaeilge amháin as seo amach; go ndéanfaidh comhlachtaí poiblí 20% dá gcuid fógraíocht bhliantúil i nGaeilge agus 5% sna meáin Ghaeilge; go mbeidh ionadaí ag pobal labhartha na Gaeilge lasmuigh den Ghaeltacht ar an gcoiste comhairleach um sheirbhísí Gaeilge agus cead ag daoine Gaeilge a labhairt ann; go ndéantar tuairisc rialta ar dhul chun cinn na gceart teanga i gcomhlachtaí poiblí; go mbeidh grúpa buan de shaineolaithe ann a bheidh freagrach as comhairle faoi logainmneacha; agus go mbeidh dualgas teanga ar fhochonraitheoirí tríú páirtí i seirbhísí poiblí. Ní bheadh na forálacha sin sa Bhille murach obair Shinn Féin agus eagraíochtaí ar nós Conradh na Gaeilge agus oifigigh phleanála teanga na hÉireann chun cearta Gaeilgeoirí a chur chun cinn.

É sin ráite, tá bearnaí fós sa Bhille gur ghá a líonadh isteach. Ar an gcéad dul síos, in ainneoin go bhfuil dul chun cinn déanta ag an Aire Stáit, tá foclaíocht róchasta i gcás a lán forálacha. Mar shampla, ní gá do chomhlacht ainm an duine a úsáid nó a thaifeadadh i gceart mura n-ainmníonn an tAire iad i Sceideal 1, agus ansin iad a ainmniú arís le teacht faoin alt sin den Bhille, agus ansin na seirbhísí a sholáthraíonn siad a ainmniú i bhfo-alt (2) den alt sin. Níl aon spriocdháta ann lena chinntiú go dtiocfaidh sé i bhfeidhm go huathoibríoch do gach comhlacht tar éis cúpla bliain.

Chomh maith leis sin, tá solúbthacht ann i gcás seirbhísí a sholáthar trí Ghaeilge sa Ghaeltacht. Chomh fada siar le 1926, d’aithin Coimisiún na Gaeltachta go ndéanann seirbhísí as Béarla amháin dochar d’úsáid na Gaeilge sa Ghaeltacht. Beagnach 100 bliain níos déanaí, tá rudaí fós trína chéile ann. Níl Gaeilge ag gardaí sa Ghaeltacht. Níl teiripeoir urlabhra in ann páistí le Gaeilge a scrúdú, agus feicimid an toradh i bhfigiúirí an daonáirimh. Tháinig laghdú ar líon na nGaeilgeoirí laethúla sa Ghaeltacht in 2016, agus tá an baol ann go dtiocfaidh deireadh leis an nGaeilge mar theanga labhartha an phobail, fiú i gceantair láidre Gaeltachta, roimh dheireadh na ndeich mbliana atá amach romhainn, sula dtiocfaidh na forálacha i bhfeidhm fiú. Is é sin atá ráite ag na saineolaithe. Ní mór don Rialtas a aithint go bhfuil géarchéim as cuimse sa Ghaeltacht agus cearta Gaeltachta a chosaint.

Bhí a lán plé sa Dáil ar na lochtanna atá sa Bhille ó thaobh foclaíocht de, ar nós easpa spriocdhátaí, agus forálacha a deir "féadfaidh an tAire" rud a dhéanamh in áit dualgas a chur ann agus "déanfaidh an tAire" a úsáid. Níl aon chóras luaite chun pionós a ghearradh ar chomhlachtaí poiblí a dhéanann neamhaird ghlan ar a gcuid dualgais teanga ach an oiread. Léirigh an tAire Stáit nach bhfuil suim dá laghad aige dualgas a chur air féin nó ar chomhlachtaí poiblí trí na forálacha seo a láidriú.

Is iad na rudaí nach bhfuil feicthe againn ar chor ar bith na rudaí is measa fós. Tá a lán den Bhille seo ag brath ar chaighdeáin teanga, rud a thiocfaidh in áit na scéimeanna teanga atá ann faoi láthair, ach níl aon dréacht de na caighdeáin seo feicthe againn go fóill. Cá bhfuil na caighdeáin?

Rud eile atá fágtha ar lár sa Bhille seo go hiomlán ná cearta teanga. I dtíortha eile, ar nós Ceanada agus sa Bhreatain Bheag, tá cearta sonraithe go soiléir sa dlí, agus is féidir le lucht labhartha na dteangacha mhionlaigh brath ar a gcuid cearta dá réir. Ní féidir é sin a dhéanamh anseo, cé gurb í an Ghaeilge an teanga náisiúnta agus príomhtheanga oifigiúil an Stáit.

Beidh leasuithe ann ag Seanadóirí Shinn Féin chun cearta teanga a chur chun cinn, agus tá súil agam go mbeidh plé fiúntach againn anseo, mar a bhí sa Dáil, go n-éistfidh an tAire Stáit linn agus go dtacóidh na Seanadóirí as gach páirtí agus grúpa lenár n-iarrachtaí cearta teanga na nGael a threisiú. Más sna Sé Chontae, nó sna Sé Chontae Fichead atá duine, tá cearta teanga uainn go léir.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.