Seanad debates

Wednesday, 10 November 2021

Bille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2019: An Dara Céim - Official Languages (Amendment) Bill 2019: Second Stage

 

10:30 am

Photo of Seán KyneSeán Kyne (Fine Gael) | Oireachtas source

Cuirim fáilte roimh an Aire Stáit, an Teachta Chambers, agus roimh an stiúrthóir Gaeilge sa Roinn, Dr. Aodhán Mac Cormaic. Tar éis próiseas fada sa Dáil agus sa roghchoiste, cuirim fáilte roimh an Dara Céim den Bhille seo sa Seanad inniu. Mar iarAire Stáit ar a raibh freagracht as an nGaeilge agus as an nGaeltacht, fuair mé cead ón Rialtas an Bille a fhoilsiú in 2019. Chuir muid tús leis an Dara Céim sa Dáil roimh dheireadh na bliana 2019, mar a luaigh an tAire Stáit ina óráid. Níor éirigh linn an Dara Céim a chríochnú roimh lánscor na Dála in 2020. Ag an am, dúirt mé go mbeadh mé sásta éisteacht leis na tuairimí ar fad ón bhFreasúra faoin mBille agus oibriú leis an gcomhchoiste chun a chuid smaointe faoi a fháil. Tá mé sásta gur atosaigh an tAire Stáit, an Teachta Chambers, an Dara Céim den Bhille sa Dáil agus gur sheoladh chuig an roghchoiste é, áit a raibh díospóireacht fhada ann. Molaim an obair a rinne Conradh na Gaeilge agus an Coimisinéir Teanga thar na blianta maidir leis an mBille freisin.

Tá rudaí nua sa Bhille, mar shampla, alt 6 a bhaineann le fógraíocht ag comhlachtaí poiblí. Cuirim fáilte roimh an athrú sin. Tá rudaí nua ann maidir le dualgais dhlíthiúla comhlachtaí Stáit freisin. Beidh athrú ann faoi alt 4, a bhaineann le cumarsáid tríd na meáin shóisialta, rud nach raibh ann in 2003. Beidh ar eagraíochtaí Stáit freagra a thabhairt ar chomhfhreagras sa teanga chéanna ina bhfaightear é. Tá alt nua, alt 9E, molta freisin. Baineann sé sin le seirbhísí pobal-inrochtana agus cuirim fáilte roimhe sin.

Ar an ábhar sin, bhí mé ag léamh alt le Méabh Ní Thuathaláin ar an suíomh Idirlín tuairisc.ie. Bá é an ceannteideal a bhí air ná "I mBéarla amháin a bhíonn a seirbhísí a deir Childline agus iarrtha ar oibrí gan Gaeilge a labhairt". Tá sé sin dochreidte. Deirtear san alt:

Tá sé deimhnithe ag Childline gur i mBéarla amháin a chuirtear a gcuid seirbhísí ar fáil in Éirinn i ndiaidh do Tuairisc.ie fiosrú a dhéanamh leo faoi chás inar dúradh le hoibrí deonach gan labhairt le páiste i nGaeilge.

Bhain an cás sin le páiste a bhí i mbun cainte i nGaeilge le hoibrí deonach de chuid Childline nuair a dúradh leis an oibrí iompú ar an Bhéarla.

Tá sé sin dochreidte cé nach eagraíocht Stáit é Childline agus cé go bhfuil a fhios agam go ndéanann sé sárobair, obair atá fíorthábhachtach. Sílim go bhfuil easpa tuisceana in eagraíochtaí nach bhfuil ach an Ghaeilge amháin ag a lán gasúr sa Ghaeltacht. Tá easpa measa don teanga á léiriú ag go leor eagraíochtaí agus comhlachtaí trasna na tíre. Ní thuigim cén fáth. Is ábhar tábhachtach é sin nuair a bhíonn páistí óga ag lorg tacaíochta, eolais nó daoine chun labhairt leo. Bhí páiste ag labhairt na Gaeilge ach ní raibh Childline sásta leis sin. Déanann an eagraíocht jab fíorthábhachtach ach ba cheart go mbeadh seirbhísí ar fáil trí Ghaeilge. Bhí an duine atá i gceist in ann an glaoch a thógáil trí Ghaeilge. Ba chóir go mbeadh an duine sin in ann an teanga a úsáid. Is rud amháin é sin ach is rud tábhachtach é ag an am céanna.

Tá an earcaíocht ag croílár an Bhille. Tá sé soiléir le fada an lá go dteastaíonn níos mó oibrithe poiblí le cumas sa Ghaeilge atá in ann seirbhísí a chur ar fáil trí mheán na Gaeilge. Mar sin, mhol mé sa Bhille go mbeadh céatadán de 20% ar a laghad den fhoireann a earcófar ag comhlachtaí poiblí in ann an Ghaeilge a labhairt. Cé go gcuirim fáilte roimh an spriocdháta den 31 Nollaig 2030 chun é seo a chur i bhfeidhm, an gceapann an tAire Stáit go mbeadh an Stát in ann é sin a chomhlíonadh? Cé go bhfuil an-réamhobair déanta ag an Roinn chun an céatadán a bhaint amach go gearrthéarmach, an bhfuil sé indéanta é seo a bhaint amach roimh 2030? Táim dóchasach go bhfuil.

Maidir leis an gcoiste comhairleach um sheirbhísí Gaeilge, an mbeidh ról nó suíochán ex officioar an mbord ag an Aire Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe chun go mbeidh sé ar an eolas ar na dualgais a bheidh air agus ar an obair atá á déanamh chun an céatadán de 20% a bhaint amach? Bíonn sé ráite go minic nuair a bhíonn muid ag plé an straitéis 20 bliain don teanga gur cheart go mbeidh an Taoiseach ina chathaoirleach ar an gcoiste chun go mbeadh béim ar an gcoiste agus ar an obair a dhéanann sé. Déanann sé ciall go mbeadh suíochán ag Aire sinsearach, an Aire Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe, ar an mbord sin, bord a bheidh tábhachtach ó thaobh na teanga de. Is é seo an chéad uair a bheidh an Ghaeilge ag croílár an próiseas earcaíochta sa tír. Is rud fíorthábhachtach é go mbeadh an Ghaeilge i lár an aonaigh sa phróiseas sin. Dhéanfadh sé sin difríocht mhór. Tá sé an-tábhachtach don teanga go mbeadh an Ghaeilge i lár an aonaigh ansin. Molaim an obair atá déanta chun é sin a chur chun cinn.

Tá a lán leasuithe molta ag Conradh na Gaeilge. Tá a fhios againn gur glacadh le cuid de na rudaí sin tar éis iad a phlé i rith an Dara Céim sa Dáil agus sa roghchoiste. Tá rudaí eile curtha ar aghaidh ag an gconradh. B'fhéidir go mbeidh an tAire Stáit in ann iad sin a thabhairt san áireamh freisin i rith Chéim an Choiste sa Seanad. Tá a lán rudaí eile a bhí á lorg ag an gconradh, ag an bhFreasúra agus ag an gCoimisinéir Teanga le feiceáil sa Bhille seo. Cuirim fáilte roimhe sin. Táim ag caint faoi rudaí tábhachtacha a ndéanfaidh an Ghaeilge níos feiceálaí sa chóras poiblí. Beidh daoine in ann an síneadh fada a úsáid ar fhoirmeacha oifigiúla de chuid an Stáit. Beidh ainmneacha chomhlachtaí Stáit nua sa dá theanga agus é sin le feiceáil ar a lógónna. Is rudaí beaga iad sin ach rudaí fíorthábhachta ag an am céanna. Ba cheart go mbeidh na rudaí sin ar fáil.

Is deis fhíorthábhachtach é sin. Cé go ndearna Bille 2003 an-jab chun tús a chur le cearta Gaeilge sa Stát, tá an Bille seo fíorthábhachtach chun leanúint ar aghaidh leis sin agus chun níos mó cearta a thabhairt dóibh siúd a bhíonn ag úsáid na Gaeilge sa Ghaeltacht agus taobh amuigh di. Bheadh níos mó cearta acu siúd seirbhísí a fháil trí mheán na Gaeilge. Tá ionadaithe ón tseirbhís sláinte os comhair Chomhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge faoi láthair agus iad ag labhairt faoi na hábhair seo. Bhí díospóireacht maidir leis an gcóras oideachais ag an gcoiste an tseachtain seo caite. Thosaigh muid amach leis an straitéis 20 bliain, a fhoilsíodh in 2010, agus anois tá an plean gníomhaíochta ann. Táimid ag cur an straitéis ó thaobh seirbhísí oideachais i bhfeidhm freisin. Is céim eile an Bille seo chun seirbhísí níos fearr a chur ar fáil do mhuintir na Gaeltachta agus do na daoine a bhíonn ag úsáid na Gaeilge trasna na tíre. Cuirim fáilte roimh thús an phróisis seo anseo sa Seanad.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.