Seanad debates

Wednesday, 10 November 2021

Bille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2019: An Dara Céim - Official Languages (Amendment) Bill 2019: Second Stage

 

10:30 am

Photo of Lorraine Clifford-LeeLorraine Clifford-Lee (Fianna Fail) | Oireachtas source

Is mór an onóir dom a bheith anseo chun an reachtaíocht fhíorthábhachtach seo a phlé. Gabhaim buíochas leis an Aire Stáit as an mbéim a chuir sé ar an reachtaíocht seo. Tosaíocht ón tús a bhí sa Bhille seo ag an Aire Stáit.

Tá lucht labhartha na Gaeilge ag fanacht ar an reachtaíocht seo le fada an lá agus is céim chun tosaigh ollmhór í an Bille seo. Ó bunaíodh Oifig an Choimisinéir Teanga in 2004, tá gearáin déanta ag an gCoimisinéir Teanga nach bhfuil a dhóthain cumhachta aige chun cearta phobal na Gaeilge a chosaint mar gheall ar bhearnaí agus easpa soiléire sa reachtaíocht. Is mór an frustrachas a bhíonn air i gcónaí agus tá sé sin soiléir. Neartaíonn an Bille seo go mór cearta phobal na Gaeilge agus muid ag déileáil leis an Stát. Mar is eol dúinn go léir, baineann deacrachtaí suntasacha le teagmháil á dhéanamh trí Ghaeilge nó fiú amháin le hainmneacha agus seoltaí Gaelacha a aithint i gceart. As seo amach, ní bheidh na fadhbanna seo ann de bharr an Bhille seo.

Dar liom is é an tiomantas go mbeidh 20% d’earcaíocht nua sa tseirbhís phoiblí ar ardchaighdeán Gaeilge an gné is suntasaí den Bhille seo. Beidh na fostaithe ann chun gach seirbhís phoiblí a chur ar fáil agus, faoi mar a luaigh an tAire Stáit, tá an t-éileamh ann. Chomh maith leis seo, léiríonn an beartas seo gur fiú go mór ó thaobh na heacnamaíochta de ardchaighdeán Gaeilge a bhaint amach sa chead áit agus an ardchaighdeán seo a choinneáil taobh amuigh den chóras oideachais.

Níl an Rialtas ag tabhairt béalghrá don teanga a thuilleadh. Tá sé tar éis beartas suntasach a chruthú le spriocanna cuí, cinnte, soiléir chun freastal ar an bpobal agus an beartas sin a chur ar bhonn reachtaíochta. Molaim an tAire Stáit go hard as seo agus is léir go dtuigeann sé an t-athrú córais atá ag teastáil. Faoi mar a dúirt sé, is í an earcaíocht croílár na ceiste seo.

Cinnteoidh an méid sa Bhille ó thaobh na fógraíochta de go mbeidh tacaíocht chuí ar fáil do na meáin Ghaeilge sa todhchaí. Is rud iontach é sin.

Tá go leor eile leagtha síos sa Bhille freisin. Tá a fhios agam go raibh plé cuimsitheach ag Comhaltaí na Dála maidir leis an mBille seo, agus neartaíodh an Bille seo trí na leasuithe sin, ach tá cúpla bearna ann fós agus tá súil agam go mbeidh mé in ann iad a cheartú ar Chéim an Choiste.

Ag an bpointe seo, ba mhaith liom díriú isteach ar Ghaeil ar an taobh eile den Teorainn. Tá siad fós ag fanacht ar chearta teanga, ar choimisinéir teanga chun a gcearta mionlaigh a chosaint agus ar reachtaíocht. Is ionann cearta teanga agus cearta daonna. Impím ar an Aire Stáit a dhícheall a dhéanamh brú a chur ar Rialtas na Breataine maidir leis an gceist seo.

Mar fhocal scoir, táim ag tnúth go mór leis an díospóireacht inniu. Guím gach rath ar an Aire Stáit maidir leis an mBille seo.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.