Seanad debates

Wednesday, 10 November 2021

Bille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2019: An Dara Céim - Official Languages (Amendment) Bill 2019: Second Stage

 

10:30 am

Photo of Marie SherlockMarie Sherlock (Labour) | Oireachtas source

Cuirim fáilte roimh an Aire Stáit don Seanad agus roimh an mBille tábhachtach seo. Cé go bhfuil stádas ar leith ag an nGaeilge i mBunreacht na hÉireann mar chéad teanga na tíre, tá difríocht mhór idir an stádas agus an scéal i measc an phobail. Is léir go bhfuil géarghá ann chun níos mó acmhainní agus tacaíochtaí a chur in áit ar son forbairt na teanga sa tír seo. Mar sin, tá áthas orm go bhfuil an Bille seo os ár gcomhair um thráthnóna. Níl sé foirfe. Is oth liom a rá nach bhfuil dóthain spriocdhátaí nó sonraí maidir le buiséid fhógraíochta sa Bhille. Mar a dúirt mo chomhghleacaí sa Dáil, níl sé ceart go bhféadfadh An Post agus eagraíochtaí eile opt-out a fháil agus a gcuid dualgas a sheachaint.

Is Bille tábhachtach é seo, go háirithe an plean do 20% d’oibrithe seirbhíse poiblí nua a bheith ina gcainteoirí Gaeilge. Caithfear spriocanna ciallmhara a chur i bhfeidhm chun an teanga a chur chun cinn go héifeachtach. Má bhíonn an teanga riachtanach nó cabhrach chun obair a fháil, ba mhór an spreagadh í don teanga, go háirithe sna scoileanna agus go ginearálta sa tír freisin. Ar ndóigh, tá spriocanna móra sa Bhille seo agus tá an baol ann nach mbainfear na spriocanna amach. Tá sé de dhualgas orainn ár n-oidhreacht a chaomhnú agus a bhorradh. Labhair an tUachtarán Mícheál D. Ó hUigínn i rith an tsamhraidh faoin gcaoi a bhfuil ár dteanga agus ár n-oidhreacht fite fuaite lena chéile. Ní dhéanfar aon dul chun cinn, áfach, muna bhfuil Gaeilge á thuiscint agus á labhairt go leathan sna heagraíochtaí poiblí, ionas go mbeidh appreciation ann go bhfuil sé sin tábhachtach. Murach sin, ní bheadh ann ach tokenism. Is cuimhin liom cúpla bliain ó shin nuair a osclaíodh stáisiún iarnróid nua i nDroichead Broome, i gCabra, Baile Átha Cliath 7. Tugadh an t-ainm Gaeilge "Droichead an Scuab" air. Is féidir leis na Comhaltaí a bhfreagraí féin a thabhairt air sin.

Maidir le spriocdháta, aithním go bhfuil níos mó sa Bhille anois de bharr leasuithe ar glacadh leo sa Dáil. Cuirim fáilte roimh seo ach tá níos mó le déanamh. Ba chóir go mbeadh spriocdháta ann do na lógónna agus spreagadh breise á thabhairt do na lógónna i nGaeilge amháin. Um an dtaca seo sa Bhille, tá rogha ag comhlachtaí Stáit Gaeilge agus Béarla nó Gaeilge amháin a úsáid.

Mar fhocal scoir, tá leasuithe eile molta ag Conradh na Gaeilge, mar a dúradh. Admhaím an méid ar glacadh leis sa Dáil ach tá níos mó le déanamh sa Teach seo.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.