Seanad debates

Wednesday, 3 April 2019

Forbairtí maidir leis an Ghaeilge: Ráitis

 

10:30 am

Photo of Niall Ó DonnghaileNiall Ó Donnghaile (Sinn Fein) | Oireachtas source

Tá fáilte roimh an Aire Stáit. B'fhearr liom i bhfad dá mbeimis ag baint úsáide as ár gcuid ama chun reachtaíocht cheart a bhaineann leis an Ghaeilge agus le staid na Gaeltachta a phlé inniu. Ar dtús báire caithfidh mé tagairt a dhéanamh don chlár reachtaíochta don téarma amach romhainn a foilsíodh le gairid. Tá tiomantas nó gealltanas ann go bhfoilseofar Bille na dteangacha oifigiúla (leasaithe) an téarma seo. Tá mé féin i mo Sheanadóir le trí bliana nach mór agus ó thosaigh mé anseo, chuala mé an gealltanas céanna á thabhairt ag an Rialtas. Bhí an Bille seo le foilsiú roimh dheireadh na bliana seo caite agus tá súil agam go dtarlóidh seo agus go mbeidh íosleibhéal 20% maidir le hearcú daoine a bhfuil Gaeilge acu sa tseirbhís phoiblí chomh maith.

Ní ba luaithe inniu, pléadh an tuairisc maidir le staid eacnamaíochta na gceantair Ghaeltachta a cuireadh le chéile ag an Seanadóir Ó Céidigh. Tréaslaím leis an obair sin agus is maith an rud é go bhfuil sé anois á cur os comhair an Rialtais féin. Chuala mé gurb ionann staid eacnamaíoch roinnt de na ceantair Ghaeltachta agus tíortha sa Tríú Domhan. Fuair mo chomhghleacaí, an Teachta Quinlivan, eolas maidir le méid na n-aonad fiontraíochta a bhaineann le hÚdarás na Gaeltachta a bhí folamh, agus chuir sin idir iontas agus náire orm. Tá talamh agus foirgnimh ar fáil faoi láthair sa Ghaeltacht ach nár baineadh úsáid astu ar mhaithe le fostaíocht le deich nó fiú 20 bliain anuas. Caithfear plean nua a leagan amach maidir le fostaíocht a mhealladh chun na Gaeltachta. Tá a fhios agam go bhfuil roinnt moltaí sa tuairisc a chur an Seanadóir Ó Céidighle chéile ar na mallaibh.

Ba mhaith liom mo bhuíochas a chur in iúl do Rannóg an Aistriúcháin fosta atá mar chuid de Sheirbhís Thithe an Oireachtais. Tá Gluais na mBillí thar a bheith áisiúil agus muid ag réiteach do dhíospóireachtaí. Molaim an tseirbhís seo do gach aon Bhall i dTithe an Oireachtais, ach tá píosa díomá orm inniu mar a chím ar an dteilifís. De ghnáth, nuair atáimid ag plé cúrsaí Gaeilge, bíonn an grafach beag i nGaeilge, ní i mBéarla.Don chéad uair eile, b'fhéidir gur féidir leis an Roinn Cumarsáide, Gníomhaithe ar son na hAeráide agus Comhshaoil, nó cibé duine atá freagrach as, breathnú ar sin.

Ba mhaith liom tiontú ó Thuaidh, an áit atá mise i mo chónaí agus an áit a bhfuil an Ghaeilge bheo, bríomhar. Ar na mallaibh, bhí an phribhléid agam freastail ar oscailt oifigiúil Raidió Fáilte, áis nua atá ag cur an Ghaeilge ar fáil, ní hamháin ar fud Béal Feirste ach ar fud na Sé Chontae, ar fud an oileáin agus ar fud an domhain. Is foirgneamh agus is tionscadal inspioráideach é Raidió Fáilte, stáisiún a thosaigh amach go mídhleathach fadó i seomra i mbarr Cultúrlann McAdam Ó Fiaich. Anois, tá infheistíocht breis is £1 milliún faighte aige chun an foirgneamh seo a oscailt. Ba mhaith liom mo chomhghairdeas a dhéanamh agus mo bhuíochas a ghabháil le gach duine atá páirteach - Fergus O'Hare, Eoghan Ó Néill, agus a leithéid - as an tsárobair atá déanta acu ar na mallaibh.

Tagraím don mhéid a bhí an tAire Stáit ag rá faoin Ghaeilge san Eoraip agus an Breatimeacht. Ó Thuaidh, beidh an creat Eorpach an t-aon chosaint nó reachtaíocht atá ar fáil de shíor ó thaobh cearta Gaeilge s'acu ó Thuaidh de in easpa Acht na Gaeilge. Bheadh sé úsáideach agus an tAire Stáit istigh anseo ag plé cúrsaí Gaeilge go dtiocfadh leis cur leis an méid atá ráite ag an Rialtas cheana féin ó thaobh an choimitmint gur ceart Acht na Gaeilge fiúntach, aonarach a chur i bhfeidhm sna Sé Chontae.

Tagraím don mhéid a bhí le rá ag an Seanadóir Mullen. Caithfidh mé a rá go gcuireann sé isteach go mór orm nuair a chloisim a leithéid den mhéid a bhí á rá aige ag deireadh a chur i láthair. Tá ceist na Gaeilge polaitiúil. Tá polaitíocht ag baint le heaspa cearta. Nuair nach léirítear meas agus nuair nach dtugtar reachtaíocht chomhionann do dhaoine atá ag iarraidh saol s'acu a chaitheamh trí mheán na Gaeilge, beidh freagairt pholaitiúil ó dhaoine. Níl sin ag teacht ó Shinn Féin amháin. Tá an Seanadóir Mullen i ndiaidh a rá dúinn nach maith leis go mbeadh an t-ábhar seo polaitiúil. Déarfainn nach cuma leis na mílte Gaeil óga, na crogaill dhearga a bhí amuigh ar na sráideanna agus atá orthu glacadh chun na sráideanna chun cearta s'acu a éileamh. Sin an fáth go bhfuilimid istigh ag plé leis an Aire Stáit faoin easpa infheistíochta agus faoi fhadhbanna ó thaobh reachtaíochta ag baint leis an Ghaeilge de mar gheall go bhfuil sé polaitiúil sa Stát seo chomh maith. Caithfidh mé a rá go gcuireann sé isteach ormsa. Cuireann sé isteach ar na mílte Gaeilgeoirí nárbh iarraidh riamh roimhe ina shaol chun cur isteach ar nó dímheas a léiriú do dhuine ar bith mar gheall go raibh siad ag iarraidh saol trí Ghaeilge a chaitheamh. Sin an fáth go bhfuil sé polaitiúil. Sin an fáth, má táimid dáiríre faoi shaol trí Ghaeilge a chur ar fáil do dhaoine, faoi Acht na Gaeilge a bhaint amach agus na cearta céanna a thabhairt do Ghaeil ó Thuaidh agus atá ag an Seanadóir Mullen, clann s'aige agus daoine i gceantar s'aige a thabhairt do dhaoine ó Thuaidh, go bhfuil sé polaitiúil agus go bhfuil mise fíor bhródúil ceist pholaitiúil a thógáil ó thaobh easpa reachtaíochta Gaeilge ó Thuaidh de.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.