Seanad debates

Wednesday, 3 April 2019

Forbairtí maidir leis an Ghaeilge: Ráitis

 

10:30 am

Photo of Seán KyneSeán Kyne (Galway West, Fine Gael) | Oireachtas source

Gabhaim buíochas do na Seanadóirí uile as ucht teacht anseo agus as ucht na moltaí agus na smaointe a chuir siad i láthair i rith na díospóireachta.

Tagraím don mhéid a dúirt an Seanadóir Ardagh. Aontaím léi go bhfuil stair láidir ag Fianna Fáil ó thaobh cuid de na cúrsaí atá luaite aici ansin ó thaobh an straitéis agus cúrsaí mar sin de. D'fhoilsigh Fianna Fáil an straitéis ag deireadh a thréimhse, thart ar an 12 bhliain a bhí sé i gcumhacht, agus ansin ní raibh an t-airgead againn chun an straitéis a chur i bhfeidhm ach tá dul chun cinn déanta. Aontaím gur polasaí maith a bhí ann ó thaobh an straitéis de. Sin an fáth go rabhamar sásta glacadh leis mar Rialtas agus go raibh gach uile Theachta Dála agus Seanadóir ag tacú leis an bpolasaí agus an straitéis sin freisin. Tá stair láidir ag Fine Gael freisin ó thaobh an Ghaeilge de. Bhunaigh muid Roinn na Gaeltachta i 1956 agus d'fhoilsigh muid an polasaí oideachas na Gaeltachta, an chéad pholasaí riamh don oideachas Gaeltachta. Mar a dúirt mé, aontaím go bhfuil stair láidir ag an dá pháirtí. Tá an-mheas ag gach uile pháirtí agus Teachta agus Seanadóir i dTithe an Oireachtais ó thaobh cúrsaí Gaeilge de.

Tagraím don mhéid a dúirt an Seanadóir Mullen. Luaigh sé acmhainní agus tá ardú suntasach ó thaobh acmhainní de le tamall. Ní rabhamar in ann breis acmhainní a chur ar fáil mar nach raibh na hacmhainní ann. An ról a bhí ag gach uile Aire ag tús ár dtréimhse sa Rialtas ná laghdú a dhéanamh ar gach uile bhuiséad, an Roinn I bhfeighil cultúr, oidhreacht agus an Ghaeltacht ina measc. Tá a fhios agam go bhfuil obair mhaith ag dul ar aghaidh ag COGG. Leanfar leis an obair sna blianta atá amach romhainn.

Tagraím do na figiúirí cainteoirí sa daonáireamh. Bhí díomá agus iontas orm ag an am ó thaobh na figiúirí sin de. Tá iarrachtaí móra ar bun ag an bpobal Gaeltachta le tacú le mo Roinn agus le hÚdarás na Gaeltachta chun pleananna teanga a fhorbairt agus a chur i bhfeidhm. Tá an obair sin ag dul ar aghaidh. Tá an obair ag dul ar aghaidh freisin ó thaobh obair an daonáireamh amach anseo de.

Tá impleachtaí ag seirbhísí poiblí na Gaeilge don obair seo agus beimid ag brú ar aghaidh le foilsiú an Bille nua teanga dá réir, agus tá sé sin luaite ag an Seanadóir Ó Donnghaile freisin. Aontaím go bhfuil moill ar an mBille sin. Tá sé ar an bpríomhliosta reachtaíochta arís a d'fhoilsigh muid i rith na seachtaine. Tá a fhios ag gach uile Bhall nach raibh mórán dul chun cinn ar an mBille sin le tréimhse bheag mar gheall ar an dualgas a bhí ar Oifig an Ard-Aighne agus na dréachtóirí obair a dhéanamh ar reachtaíocht maidir leis an mBreatimeacht ó thaobh an Bille de agus ó thaobh na huirlisí straitéiseach a theastaíonn maidir leis an bhagairt ón mBreatimeacht. Sin an fáth nach raibh aon dul chun cinn déanta i mbliana, ach beidh dul chun cinn i rith an téarma seo agus táimid dóchasach go mbeidh an Bille seo foilsithe roimh an samhradh. Tá an obair sin ag dul ar aghaidh, tá na dréachtóirí ag déileáil leis agus táimid i dteagmháil leo.

Tagraím d’Acht na Gaeilge sa Tuaisceart. Tá an Rialtas ag iarraidh go mbeidh Acht ann. Tá an Seanadóir Ó Donnghaile ceart gur cearta do dhaoine atá meas acu ar an teanga é agus ba cheart go mbeadh Acht ann. Pléitear an cheist sin go minic ag an Tánaiste mar Aire Gnóthaí Eachtracha agus Trádála.

Luaigh an Seanadóir O'Reilly siollabas na hardteistiméireachta. Tá a fhios agam go bhfuil obair ar bun ag an Roinn Oideachais agus Scileanna chun an siollabas a leasú, agus cuirim fáilte roimhe sin. Tá sé sin tábhachtach agus aontaím freisin gur cheart go mbeadh níos mó daltaí ón dara leibhéal, múinteoirí agus státseirbhísigh ag dul go dtí an Ghaeltacht. Táim sásta an cheist seo a scrúdaigh. Sin an smaoineamh a bhí ag an Seanadóir ansin. Tá na cúrsaí eile a luaigh an Seanadóir O'Reilly pléite agam cheana. Is é an príomhrud a mbeidh á bhrú ar aghaidh againn i rith na tréimhse atá amach romhainn ná Acht na dTeangacha Oifigiúla. Tá sé sin fíorthábhachtach. Tá a fhios againn go bhfuil daoine ag fanacht tamall fada ar an Acht sin agus go dteastaíonn athrú, go mór mór ó thaobh cúrsaí earcaíochta. Tá sé molta go mbrúfar ar aghaidh níos mó daoine a bheith sa tseirbhís phoiblí a mbeidh in ann freastal agus obair a dhéanamh trí mheán na Gaeilge. Tá sé sin fíorthábhachtach do chearta na ndaoine sa Ghaeltacht agus dóibh siúd atá lasmuigh den Ghaeltacht. Mar a luaigh an Seanadóir Mullen, beidh deis ansin ag aon duine a dteastaíonn agus a bhfuil ag iarraidh seirbhísí trí mheán na Gaeilge iad sin a fháil. Tá daoine ag teastáil sa Státseirbhís, agus cé go bhfuil laghdú ar fhigiúirí na gcainteoirí Gaeilge sa daonáireamh, tá a fhios againn go bhfuil obair mhaith ar siúl trasna na tíre maidir leis na Gaelscoileanna agus go bhfuil níos mó daoine ag freastal orthu. Táimid ag iarraidh deiseanna a chruthú do na daoine sin agus go mbeidh siad in ann dul ar aghaidh agus poist a fháil sa tseirbhís phoiblí, ní hamháin san Aontas Eorpach ach, níos tábhachtaí fós, anseo sa tír seo, chun seirbhísí a chur ar fáil do gach uile dhuine trí mheán na Gaeilge.

Tá a lán smaointe maithe luaite ag na Seanadóirí agus beidh mé sásta teacht ar ais le freagraí ar chuid acu, mura bhfuil na freagraí sin agam anseo inniu. Gabhaim buíochas leis an gCathaoirleach Gníomhach as an deis seo teacht isteach anseo chun cúrsaí na Gaeilge agus na Gaeltachta a phlé sa Seanad.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.