Seanad debates

Wednesday, 3 April 2019

Forbairtí maidir leis an Ghaeilge: Ráitis

 

10:30 am

Photo of Rónán MullenRónán Mullen (Independent) | Oireachtas source

Cuirim fáilte roimh an Aire Stáit agus gabhaim buíochas dó as an méid atá ráite aige. Tugann an díospóireacht seo seans dúinn breathnú siar ar an méid atá déanta chun an Ghaeilge a chur chun cinn, agus breathnú ar aghaidh ar an méid atá le déanamh fós chun todhchaí na Gaeilge agus pobal na Gaeilge a chinntiú. Tá an teanga náisiúnta ar cheann de sheoda na tíre seo agus ní féidir cur síos iomlán a dhéanamh ar an tábhacht chinniúnach atá léi dá réir. Amanta, feictear dom nach n-amharcaimid ar an nGaeilge mar sheoid. Tá idir muid a bheith ina bhfabhar go teoiriciúil ach ina gcoinne go praiticiúil nuair atá cinntí le déanamh a mbeadh de thionchar acu an Ghaeilge a shealbhú inár measc.

Is minic a deirtear gur beatha theanga í a labhairt, agus aontaím leis an ráiteas sin. Caithfear an Ghaeilge a labhairt nó caillfear í. Labhraíonn thart ar 20% den daonra an Ghaeilge dár le daonáireamh 2016, ach ní labhraíonn gach duine acu an Ghaeilge gach lá. Ní mar sin atá sé sna Gaeltachtaí. Bhí mé ar thoscaireacht i nGaeltacht Chiarraí ag tús na seachtaine seo i mBaile an Fheirtéaraigh le Comhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus na nOileán agus chuala mé go leor faoi na fadhbanna atá ag muintir na háite maidir le cúrsaí oideachais, cúrsaí airgeadais agus mar sin de. Bhí mé an-tógtha freisin le cé chomh bríomhar agus atá muintir na Gaeilge agus cé chomh tugtha agus dúthrachtach do chúis na Gaeilge agus saol i nGaeilge do mhuintir na Gaeltachta a bhí na daoine ar bhuaileamar leo, ach tá sé ag éirí níos deacra ná a bhí sé riamh an Ghaeilge a chothú de bharr easpa acmhainní agus de bharr an bhrú a bhíonn roimh mhionteangacha ar fud an domhain. Tá sé sin fíor i gcás na Gaeilge freisin ós é gur mionteanga í, agus sin an fáth go gcaithfimid ár seacht ndícheall a dhéanamh gach rud a dhéanamh chun an Ghaeilge a shábháil mar tá an Ghaeilge mar theanga labhartha laethúil i mbaol, in ainneoin dúthracht na mílte daoine sa tír seo.

Labhraíomar le go leor múinteoirí agus chualamar faoi na fadhbanna maidir le teacht ar acmhainní ceart ar nós téacsleabhair do na scoileanna. Déanann an Chomhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta, COGG, obair mhaith ag cur acmhainní ar fáil, ach dar le muintir na Gaeltachta agus múinteoirí na Gaeltachta, is minic go mbíonn siad róchasta lena bheith oiriúnach do na scoileanna agus is minic nach mbíonn idirdhealú ceart á dhéanamh idir na canúintí éagsúla. D'fhéadfadh téacsleabhair a bheith scríofa i gcanúint amháin, gan a bheith oiriúnach do dhaltaí i nGaeltacht eile, agus is minic go mbíonn orthu fanacht go dtí go mbíonn na téacsleabhair ar fáil. Is minic nach mbíonn ach rogha amháin de théacsleabhair i gceist agus b'shin ceann de na dúshláin ar luadh linn maidir leis an tréaniarracht atá muintir na Gaeltachta ag déanamh chun oideachas a chur ar fáil trí Ghaeilge. Luaigh siad freisin cé chomh deacair agus a bhíonn sé amanta teacht ar aoichainteoirí le Gaeilge. Tuigimid uile cé chomh tábhachtach agus atá sé don scolaíocht sa lá atá inniu ann go mbíonn grúpaí, eagraíochtaí agus daoine ag teacht isteach agus amach. Bíonn dúshlán níos mó le sárú ag scoileanna lán-Ghaeilge sa chomhthéacs sin freisin. Luaigh siad na hionaid oideachais freisin. Dúirt siad gur minic a bhfuil cúrsaí ar fáil do mhúinteoirí i mBéarla ach nach bhfuil cúrsaí oiriúnach ar fáil do mhúinteoirí scoileanna lán-Ghaeilge. Bíonn na constaicí ansin agus feictear dom go mbíonn níos mó de na constaicí ansin le sárú ag múinteoirí sa Ghaeltacht ná mar a bhíonn in áiteanna eile.

Dár ndóigh, ní stopann an fhadhb laistigh de na scoileanna nó fiú na Gaeltachtaí. Dár le daonáireamh 2016, an daonáireamh is déanaí atá ar fáil dúinn, dúirt 73,000 duine go labhraíonn siad Gaeilge gach lá lasmuigh den chóras oideachais, laghdú de 3,382 duine ar fhigiúr dhaonáireamh 2011. Ní aon ionadh dúinn an figiúr sin agus an laghdú sin. Molaim Conradh na Gaeilge agus eagraíochtaí eile as ucht an misneach agus an díograis atá acu i leith na hoibre seo ag iarraidh an Ghaeilge a spreagadh agus a chur chun cinn mar theanga bheo i measc na ndaoine.

Tagraím d’acmhainní ar nós seirbhísí trí Ghaeilge a chinntiú dóibh siúd atá ag iarraidh Gaeilge a labhairt agus iad ag dul i mbun a ghnó. Tá scéal mór ansin, mar is eol don Aire Stáit. Glacaim leis an méid a dúirt sé faoin chuspóir atá sa Bhille atá le teacht go mbeadh an Ghaeilge ar a gcumas ag 20% d'earcaigh nua sa seirbhís phoiblí. Tá sé ráite agam roinnt uaireanta sa Seanad go gcaithfí tosú leis an Státchóras. Chuala mé scéal an lá cheana faoi dhaoine ag lorg seirbhís trí Ghaeilge. Cuireann siad glaoch ar oifig áirithe sa Státchóras, brúnn siad an cnaipe chun Gaeilge a úsáid, tá rírá agus ruaille buaille ar an taobh eile agus ansin tagann duine ar an líne agus deir sé nó sí that the person who speaks Irish is not here today and offers their help. Níl sé sin inghlactha sa lá atá inniu. Mar is eol dúinn, bhí an t-am ann nuair a bhí gá le Gaeilge dá mbeadh duine chun post a fháil sa Státseirbhís. Caithfimid dul sa treo sin arís. Ní hionann sin agus a rá nach mbeidh aon deis ag an duine gan Gaeilge nó ag duine nach raibh an deis aige nó aici scolaíocht mhaith Gaeilge a fháil. Is féidir cuspóir a leagan amach don té a fhostaítear agus a rá go bhfuil trí bliana aige nó aici go mbainfeadh sé nó sí caighdeán sách maith Gaeilge amach le go mbeidh sé nó sí in ann seirbhís a chur ar fáil trí Ghaeilge. Má tá an toil ann, tá bealaigh le gur féidir é seo a chur i bhfeidhm arís gan fadhbanna eile a chothú, mar shampla, dímheas ar an nGaeilge, éad nó mothúcháin dhiúltacha maidir leis an nGaeilge, mar tá sé fíorthábhachtach go dtiocfaimid ar an lá arís go bhfuil an Státchóras agus an Stát 100% dáiríre faoi thábhacht na teanga.

Cé go bhfuil bás na Gaeilge réamh-mheasta go minic agus cé go mbeimis ag teipeadh inár ndualgas gan na dúshláin atá os ár gcomhair a aithint, tá go leor cúiseanna ann freisin le bheith dearfach. Ní mór leas a bhaint as an dea-thoil atá le feiceáil ag an oiread sin de dhaoine sa tír seo i leith na teanga, agus an Ghaeilge a úsáid agus a spreagadh thart timpeall na sochaí.

Bhí mé ag caint le déanaí le daoine ó Thuaidh agus dúirt siad, dar leo, go bhfuil an teanga Ghaeilge weaponised ó Thuaidh agus nár mhaith leo go mbeadh sé ceangailte leis an gceist faoi aontacht na tíre.Téim go huile agus go hiomlán leis sin. Caithfimid é a bhrú ar aghaidh mar pholasaí dul le muintir na tíre uile, is cuma cén traidisiún a bhaineann siad leis, ó thaobh an Ghaeilge, saibhris na Gaeilge agus oidhreacht na Gaeilge de. Tá sé fíorthábhachtach go dtuigfidh páirtí polaitiúla ar nós Sinn Féin go bhfuil sé fíorthábhachtach go mbeadh an teachtaireacht faoin nGaeilge i gcónaí dearfach i súile gach duine ó Thuaidh ach go háirithe. Mar sin, ní maith liom é go bhfuil an méid sin conspóid faoin nGaeilge agus stádas na Gaeilge ó Thuaidh. Ní maith liom go bhfuil sí ina chnámh spairne idir na páirtithe éagsúla i gcomhthéacs an Tionól agus é a chur ar siúl arís agus mar sin de. Tá sé fíorthábhachtach go dtiocfaimid ar bhealaí chun an pholaitíocht a thógáil amach as ceist na Gaeilge agus chun leas na Gaeilge agus chun leas na tíre uile.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.