Seanad debates

Wednesday, 3 April 2019

Forbairtí maidir leis an Ghaeilge: Ráitis

 

10:30 am

Photo of Catherine ArdaghCatherine Ardagh (Fianna Fail) | Oireachtas source

Gabhaim buíochas leis an Aire Stáit as ucht a bheith tagtha go dtí an Teach inniu agus leis an gCathaoirleach. Léifidh mé amach óráid ghearr mo pháirtí anois.

Ó bunaíodh Fianna Fáil sa bhliain 1926, tá an Ghaeilge a chur cinn mar cheann de theangacha beo na ndaoine agus a chinntiú go dtugtar cosaint do chearta na gcainteoirí Gaeilge ina bpríomhchuspóirí polasaí ag ár bPáirtí Fhianna Fáil. Is taisce chultúir, nach féidir luach a chur air, í ár dteanga náisiúnta. Tá stair láidir ag Fianna Fáil maidir lenár dteanga dhúchais. Idir 1997 agus 2011, thug Fianna Fáil tús áite don Ghaeilge agus baineadh na nithe suntasacha seo amach faoin bpolasaí. Airítear orthu sin Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003; bunú Oifig an Choimisinéara Teanga; bunú Fhoras na Gaeilge; cearta teanga a áireamh i ndlíthe éagsúla, sna hAchtanna oideachais agus sna hAchtanna pleanála, mar shampla; forbairt fhíseach Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge, agus glacadh léi; caitheamh suim shuntasach ar bhunstruchtúr na Gaeltachta agus na Gaeilge; bunú na Comhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta; agus maoiniú ollmhór a infheistiú chun cur le líon na nGaelscoileanna le linn ár dtéarma oifige.Le linn ár dtréimhse sa Rialtas, tháinig ardú ar líon na gcainteoirí Gaeilge laistigh agus lasmuigh den Ghaeltacht. Le hocht mbliana anuas, áfach, tá teipthe ar Rialtas Fhine Gael tacú go hiomlán leis an nGaeilge agus le ceantair Ghaeltachta. Mar shampla, tá ísliú suntasach tagtha ar líon na ndaoine a bhíonn ag labhairt Gaeilge agus ar líon na ndaoine a labhraíonn Gaeilge gach lá. Níor cuireadh an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge i bhfeidhm go hiomlán ag Fine Gael. Cuireadh deireadh le hionadaithe as pobal na Gaeltachta a thoghadh ar bhord Údarás na Gaeltachta. Nuair a aontaíodh an socrú muiníne agus soláthair chun an Rialtais a bhunú agus síneadh a chur le téarma an Rialtais a éascú, fuair Fianna Fáil gealltanais ó Fhine Gael go gcuirfí tacaíochtaí maoinithe breise don Ghaeilge ar fáil. Cé go bhfuil ardú i bpáirt tagtha ar na buiséid le gairid, tá ardú mór ar mhaoiniú agus ar acmhainní breise ag teastáil go práinneach.

Deirimid gach uair a thagann sé seo isteach sa Seanad go gcaithfimid níos mó a dhéanamh, níos mó caint a dhéanamh eadrainn féin agus tuilleadh obair a dhéanamh trí mheán na Gaeilge. Gabhaim buíochas don Aire Stáit as an deis labhairt anseo inniu agus cuirim fáilte roimhe arís chuig an Seanad.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.