Seanad debates

Wednesday, 7 March 2018

Seachtain na Gaeilge: Statements

 

10:30 am

Photo of Joe O'ReillyJoe O'Reilly (Fine Gael) | Oireachtas source

Ba mhaith liom fáilte a chur roimh an Aire Stáit go dtí an Teach seo. Creidim go bhfuil sé dáiríre, gníomhach agus éifeachtach sa ról atá aige. Thug sé dea-shampla dúinn nuair a chuaigh sé ar ais chun a chuid Gaeilge a athfhoghlaim. Rinne sé sár-jab leis sin. Tugann an dea-shampla sin dúshlán dúinn go léir an rud céanna a dhéanamh. Ba chóir dúinn go léir ár ndícheall a dhéanamh an Ghaeilge a labhairt sa Teach seo, agus i dTeach Laighin i gcoitinne, leo siúd atá sásta í a labhairt linn. Ba chóir dúinn a rá ar an gcéad dul síos gur fiú an Ghaeilge a labhairt agus a fhoghlaim. Tá ár n-oidhreacht agus ár ndúthracht ceangailte leis an nGaeilge. Is eochair é an teanga do bhéaloideas, litríocht, ceol, rince agus drámaíocht na tíre seo. Ba chóir í a úsáid agus a fhoghlaim. Is iontach an rud é go bhfuil Seachtain na Gaeilge ar siúl, agus ba chóir go mbeadh.

Tréaslaím leis an jab iontach atá ar siúl ag eagraíochtaí cosúil le Foras na Gaeilge agus Conradh na Gaeilge. Tá an-mheas pearsanta agam ar Chomhaltas Ceoltóirí Éireann. Sílim go ndéanann an eagraíocht sin jab speisialta chun ceol agus rince na tíre seo a choimeád beo. Ba chóir gur chúis bhróid atá ann dúinn go bhfuil iarSheanadóir, Labhrás Ó Murchú, mar ardstiúrthóir ar Chomhaltas Ceoltóirí Éireann. Tá an-mheas agam ar an obair a dhéanann lucht an chomhaltais.

Is maith an rud é go bhfuil na Gaelscoileanna ag dul ar aghaidh go maith agus ag méadú, go háirithe sna cathracha agus sna bailte móra. Ag an am céanna, is cúis díomá agus cúis bhróin é dúinn go léir go bhfuil cineál meath ag teacht ar an nGaeilge sna Gaeltachtaí. Tá ísliú agus laghdú ag teacht ar líon na gcainteoirí líofa sa Ghaeltacht. Molaim don Aire forbairt agus fostaíocht a chruthú sa Ghaeltacht chun é sin a athrú. Ba cheart iarracht mhór a dhéanamh sa Ghaeltacht chun na daoine a choimeád ann agus an Ghaeilge a choimeád beo ann.

Aontaím leis an mhéid a bhí le rá ag an Seanadóir Ó Ríordáin mar gheall ar mhodhanna múinte. Ós rud é go bhfuil daoine ag fágáil na scoile gan Gaeilge líofa, is léir go bhfuil rud éigin cearr inár modhanna múinte ag an bomaite. Ba chóir dúinn níos mó béime a chur ar an teanga labhartha. Go háirithe, ba chóir dúinn béim a chur ar dhaltaí a mhealladh go dtí an Ghaeltacht ar feadh an tsamhraidh. Tá mé an-chinnte gurb é sin an rud is fearr gur féidir linn a dhéanamh. Nuair a chuaigh mo chlann go dtí an Ghaeltacht, mo mhac ina measc, chabhraigh sé go mór mór leo. Fuair siad grá dár gcultúr sa Ghaeltacht. Chuaigh mé féin ann nuair a bhí mé óg agus bhí sé go hiontach. Molaim don Aire Stáit níos mó a dhéanamh. Tá a fhios agam go bhfuil an tAire Stáit dáiríre faoin gceist seo, ach caithfear níos mó a dhéanamh chun na mic léinn a mhealladh. Ba cheart dúinn cabhair a thabhairt dóibh, go háirithe dóibh siúd nach bhfuil chomh saibhir, b'fhéidir. Sílim gurb é seo an eochair is tábhachtaí agus molaim don Aire Stáit é. Ba mhaith liom é a chloisteáil ar an gceist seo.

Tá mé lán i bhfábhar na comharthaí bóthair a chur suas as Gaeilge ar fud na tíre. Ba chóir é sin a dhéanamh go tapaidh leis na logainmneacha a choimeád beo. Tá a fhios agam go bhfuil sé leagtha amach ag an Aire Stáit ina ráiteas go bhfuil sé an-chinnte agus an-dáiríre faoin ábhar seo. Sílim gur fiú é seo a dhéanamh. Tá sé iontach tábhachtach freisin go mbeadh seans ag daoine a gcuid gnó a dhéanamh leis an Státsheirbhís agus leis na comhairlí contae, srl., trí mheán na Gaeilge. Ba cheart go mbeadh dóthain Státsheirbhísigh ar fáil chun dul i dteagmháil le daoine i nGaeilge agus an deis seo a thabhairt don phobal. Tá a fhios agam go bhfuil sé seo sa straitéis. Ba chóir dúinn é seo a dhéanamh chomh maith leis na comharthaí. Mar fhocal scoir, sílim go bhfuil athrú ag teastáil ní hamháin i dtaobh na modhanna múinte ach freisin i dtaobh líon na ndaoine a théann go dtí an Ghaeltacht.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.