Seanad debates

Wednesday, 7 March 2018

Seachtain na Gaeilge: Statements

 

10:30 am

Photo of Fintan WarfieldFintan Warfield (Sinn Fein) | Oireachtas source

Cuirim fáilte roimh an Aire Stáit. Is maith an rud é go bhfuil Bliain na Gaeilge againn le h-aitheantas a thabhairt do thábhacht na Gaeilge mar sheoid cultúrtha atá beo, bríomhar agus mar chuid lárnach de phobal na Gaeltachta. Ní féidir, mar sin féin, an Ghaeilge a cheiliúradh gan dianscrúdú a dhéanamh ar na nithe gur gá dúinn a dhéanamh chun í a chosaint. Tá líon na gcainteoirí laethúla ag titim go tapaidh. Tá 11% níos lú cainteoirí laethúla againn sna ceantair Gaeltachta de réir an daonáireamh is déanaí. Is ábhar mór imní é seo, mar gan Ghaeltacht agus tobar beo na Gaeilge, beidh an teanga féin go mór i mbaol.

Leis an nGaeilge a threisiú, is gá don Rialtas díriú isteach ar bhealaí difriúla chun an aidhm sin a bhaint amach. Is fiú go mór breis maoiniú a chur ar fáil d'Údarás na Gaeltachta gan amhras, ach is gá infheistíocht a dhéanamh sa chóras oideachais fosta - sa Ghaeltacht agus sa Ghalltacht araon. Tá gá le cultúrlann a bhunú i mBaile Átha Cliath. Tá sé dochreidte nach bhfuil ceann againn cheana féin. Is áit é a fhreastalóidh ar lucht labhartha na Gaeilge inár bpríomhchathair.Tá cultúrlann ann do lucht na Fraince, na Gearmáine agus na Spáinne, ach níl cultúrlann ann do na Gaeil. Is gá don Rialtas meas a léiriú dár dteanga agus do phobal na Gaeltachta. Ní hionann meas agus béalghrá. Ní hionann teanga a shábháil agus rudaí deasa a rá fúithi. Táimid ar fad ar aon fhocal maidir le luach na Gaeilge. Tá sé in am don Rialtas beart a dhéanamh de réir a bhriathar. Tá sé in am dúinn uilig treabhadh le chéile le cinntiú go slánófar an Ghaeilge.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.