Seanad debates

Wednesday, 7 March 2018

Seachtain na Gaeilge: Statements

 

10:30 am

Photo of Aodhán Ó RíordáinAodhán Ó Ríordáin (Labour) | Oireachtas source

Gabhaim mo bhuíochas leis an Aire Stáit as a bheith linn inniu chun an ábhar tábhachtach seo a phlé. Cuireann sé ladhar orm go minic agus mé ag éisteacht le polaiteoirí ag caint faoi chúrsaí Gaeilge agus ag iarraidh pointí polaitiúla a scóráil in ionad b'fhéidir todhchaí na Gaeilge a phlé go praiticiúil agus go réalaíoch. Aontaím go huile is go hiomlán leis an méid atá ráite ag an Aire Stáit maidir leis an dualgas atá ar phobal na tíre an Ghaeilge a chur cinn. Ní bhaineann sé sin le cúrsaí polaitiúla.Baineann sé le muintir le hÉireann mar is le muintir na hÉireann an teanga. Tá todchaí na teanga ag brath go príomhá ar an bpobal. Tá a fhios agam go bhfuil dearcadh dearfach ag tromlach an phobail i leith an teanga. Tá orainn timpeallacht a chruthú ina mbraitheann daoine muiníneach agus compórdach as a gcuid Gaeilge a úsáid. Aontaím go huile agus go hiomlán leis an Aire Stáit faoin méid sin.

Caithfimid a bheith macánta faoi stádas na Gaeilge sa tír seo. Tá an-chuid pháistí amuigh ansin i mBaile Átha Cliath agus in áiteanna eile ar fud na tíre a bhfuil dearg-ghráin acu ar an nGaeilge. Is fuath leo an teanga agus an t-ábhar. Theip orainn mar Stát ó thaobh múineadh na teanga de. Cén fáth a bhfuil an méid sin páistí amuigh ansin atá tar éis 14 bliana a chaitheamh ag foghlaim na Gaeilge agus nach bhfuil in ann dhá fhocal a chur le chéile? Cén fáth a bhfuil an méid sin daoine amuigh ansin a bhfuil an ardteistiméireacht déanta acu agus fós nach bhfuil siad compórdach a gcuid Gaeilge a úsáid ar chor ar bith? Cén fáth a bhfuil an méid sin páistí ag dul ar aghaidh go dtí an dara leibhéal gan móran Gaeilge acu? Táimid ag múineadh an Gaeilge ar feadh uair a chloig gach aon lá do gach páiste idir ceithre bliana agus 13 bliana d'aois ar a laghad agus fós níl caighdeán ard Gaeilge acu.

Bhí mise díreach mar an gcéanna nuair a bhí mé níos óige. D'fhreastal mé ar ghnáth-bhunscoil i Mullach Íde. Bhí an Ghaeilge mar ábhar ann agus ní raibh mórán spéise agam inti. B'fhéidir go raibh an locht ar an modh múinte nó b'fhéidir go raibh sé ormsa mar dhalta ach, chun an fhírinne a rá, ní raibh spéis dá laghad agam féin ná ag aon duine eile a raibh in éineacht liom sa rang i gcúrsaí Gaeilge. B'é an fáth gur athraigh an meon a bhí agam ó thaobh na Gaeilge de ná gur fhreastal mé ar Ghaelscoil ar feadh bliana nuair a bhí mé ró-óg le dul ar aghaidh go dtí an dara leibhéal. Is é sin an t-aon fáth amháin go bhfuil Gaeilge agam anois.

Ní dóigh liom gur rud conspóideach é seo a rá, ach i mo thuairim theip orainn an Ghaeilge a mhúineadh dóibh siúd nach bhfuil Gaeilge acu ó dhúchas. Caithfimid rud éicint a dhéanamh faoi sin. Ní féidir teanga a fhoghlaim ó leabhar. Ní féidir. Ní féidir teanga ar bith a fhoghlaim ó leabhar. Caithfidh an teanga a bheith ann mar teanga labhartha. B'fhéidir gur chóir dúinn é seo a phlé níos mó, ach tá sé thar am dúinn mar pholaiteoirí teacht le chéile, breathnú ar an gcóras oideachais atá againn ag bunleibhéal, agus a rá gur chóir dúinn bliain faoi leith a mhúineadh go huile agus go hiomlán trí Ghaeilge. Is é sin ná Gaelscoil a dhéanamh de gach aon scoil in Éirinn ar feadh bliana. Tá an méid sin ama caite againn ag múineadh na Gaeilge i ngach aon bhunscoil in Éirinn agus níl ag éirí linn, so b'fhéidir gur chóir dúinn rud éicint i bhfad níos réabhlóidí a dhéanamh.

B'fhéidir, mar shampla, gur chóir dúinn gach aon ábhar a mhúineadh trí Ghaeilge sa tríú rang i ngach aon bhunscoil in Éirinn. Rachadh na páistí ar aghaidh go dtí an ceathrú, cúigiú agus séú rang agus beidh Gaeilge acu go nadúrtha mar teanga labhartha. B'fhéidir gur chóir dúinn freisin scéim a chur le chéile chun daltaí san idirbhliain sna meánscoileanna a chur chun na Gaeltachta ar feadh coicíse.

Tá a fhios agam go bhfuil mé ag cur béime ar dhaltaí sa Ghalltacht, mar a tugtar air, agus tá an-chuid rudaí ar siúl ag an Aire Stáit ó thaobh fhorbairt na nGaeltachtaí de. Bíonn sé ag caint faoi fhostaíocht, tithíocht agus chúrsaí eacnamaíochta, agus tá na rudaí sin thar a bheith tábhachtach chomh maith. Ag an am céanna, sílim go ndeireann daoine na rudaí céanna arís agus arís eile i ndíospóireachtaí ar nós na díospóireachta seo agus faighimid na torthaí céanna arís agus arís eile. Ní dóigh liom go bhfuil sé maith a dhóthain do pholaiteoirí teacht isteach anseo agus a bheith ag cáineadh Fhine Gael, Fianna Fáil, an Rialtas seo ná an Rialtas a bhí ann cheana. Tá sé sin leadránach agus ní chuireann sé leis an ndíospóireacht. Is fadhb í seo a bhaineann leis an dearcadh atá ag mórphobal na tíre. Cinnte, baineann sé le cúrsaí polaitíochta, infheistíochta, airgid agus chuile shórt, ach is é an meon atá againn ar an teanga mar shochaí an rud is tábhachtaí.

Tá fás mór millteach tagtha ar an méid Gaelscoileanna atá ann ar fud na tíre le 20 bliain anuas. Tá sé sin thar cionn ach, ag breathnú ar an scoilt sin, ní dóigh liom go bhfuil sé maith a dhóthain go bhfuil páistí ann sa tír seo a bhfuil Gaeilge acu agus páistí nach bhfuil Gaeilge acu agus a bheith breá sásta faoi sin. Is fíor go bhfuil mé ag díriú isteach ar an gcóras oideachais ach sin an áit gur féidir linn an méid is mó agus an difríocht is mó a dhéanamh. Tá baol ann go mbeidh an Ghaeilge ina rud meánaicmeach dóibh siúd a bhfuil airgead acu chun dul go dtí an Ghaeltacht, chun a gcuid páistí a chur chuige, agus chun ranganna breise a fháil dóibh siúd a bhfuil ag iarraidh Gaeilge a dhéanamh ar ardleibhéal san ardteistiméireacht. Tá an baol sin ann.

Tá a fhios agam féin ó mo thaithí sa scoil ina raibh mé mar phríomhoide agus ó mo thaithí mar mhúinteoir i scoil a bhí faoi mhíbhuntáiste, scoil bhocht, nár ceapadh go raibh an Ghaeilge tábhachtach dúinn. Ní raibh cumas labhartha ná léitheoireachta Béarla maith a dhóthain ag na daltaí. Bhí an méid sin deacrachtaí againn i lár chathrach Bhaile Átha Cliath leis na trioblóidí sóisialta éagsúla nach raibh cur chun cinn na Gaeilge mar phríomhaidhm na scoile. B'fhéidir nach raibh an ceart againn. Sin an fáth a cheapaim nár chóir é sin a dhéanamh a thuilleadh agus gur chóir go mbeidh sé mar chuspóir ag gach aon scoil in Éirinn cainteoirí flúirseacha líofa a chur go dtí an dara leibhéal. B'fhéidir gur chóir dúinn, in ionad na pointí polaitiúla sin a scóráil ar a chéile, teacht le chéile agus breathnú ar an gcóras oideachais atá againn. Cosnódh sé airgid agus bheadh orainn múinteoirí a thraenáil agus chuile shórt. Ní bheadh sé sin éasca. B'fhéidir gur chóir dúinn plean cúig bliana a chur le chéile chun an rud a chur i gcrích. Ag an am céanna, dá mbeadh gach aon rang agus ábhar múinte trí Ghaeilge i ngach aon bhunscoil in Éirinn ar feadh bliana, samhlaigh an caighdeán Gaeilge a bheadh ag na páiste ag deireadh na bliana sin.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.