Seanad debates

Wednesday, 7 March 2018

Seachtain na Gaeilge: Statements

 

10:30 am

Photo of Rónán MullenRónán Mullen (Independent) | Oireachtas source

Cuirim fáilte roimh an Aire Stáit. Agus Lá Idirnáisiúnta na mBan beagnach tagtha, guím gach rath ní hamháin ar mhná na hÉireann ach freisin ar mhná Gaelach na hÉireann ag an am seo. Tá áthas orm go bhfuil deis againn uilig labhairt ar an ábhar seo i gcomhthéacs Seachtain na Gaeilge. Mar Ghaillmheach, tá spéis faoi leith agam i dtodhchaí na Gaeilge mar theanga Eorpach agus mar theanga phobail. Ba cheart dúinn an Ghaeilge a chur chun cinn ar bhonn poiblí agus i ngach réimse de shaol na tíre seo.

De réir gach tuairisc, tá meath fós ag teacht ar an nGaeilge mar theanga phobail sna Gaeltachtaí ina bhfuil formhór na gcainteoirí dúchasacha ag cur fúthu. Níos práinní arís, níl an Státchóras ag cabhrú leis an scéal. Tá brón orm a rá gur chosúil nach bhfuil mórán tionchar le feiceáil de thairbhe Acht na Gaeltachta 2012. Nach mór deich mbliana ó shin, fógraíodh sa straitéis 20 bliain don Ghaeilge go ndéanfaí forbairt ar chearta an phobail an Ghaeilge a úsáid agus iad ag plé leis an Stát. Bhí sé mar sprioc sa straitéis 2010-30 go ndéanfaí líon na ndaoine a úsáideann seirbhísí Stáit trí Ghaeilge a ardú. Le bheith macánta faoi, is beag an dul chun cinn atá déanta i leith na gceisteanna sin ó shin. Is léir do chách go bhfuil meath suntasach tagtha ar an nGaeilge laistigh den Státchóras le 20 bliain anuas. Caithfear an fhadhb mhór seo a réiteach go práinneach. Mura dtugtar aghaidh ar an bhfírinne seo ar shlí oscailte agus macánta, leanfaidh creimeadh na Gaeilge ní hamháin sa Ghaeltacht, ach lasmuigh de chomh maith.

Ba mhaith liom tacú leis na héilimh phraiticiúla indéanta atá curtha chun cinn ag cainteoirí Gaeilge agus ag na heagrais Gaeilge le blianta anuas. Caithfear gníomhú láithreach maidir leis na trí rudaí is tábhachtaí: na fadhbanna a bhaineann leis na scéimeanna teanga, cúrsaí earcaíochta sa Státseirbhís agus dualgais an Stáit maidir le seirbhísí a chur ar fáil do phobal na Gaeltachta. I mo thuairim, an áit a dtéann an earnáil phoiblí, is ansin a rachaidh an earnáil phríobháideach agus neamhspleách. Mura gcinntítear go bhfuil íosmhéid foirne le Gaeilge i ngach eagraíocht Stáit a chuireann seirbhís ar fáil don phobal, agus mura méadaítear ar líon na bhfostaithe le Gaeilge sa Státchóras, beidh an chosmhuintir amhrasach nach bhfuil ach cur i gcéill i gceist ag an Stát maidir le cearta lucht labhartha na Gaeilge agus cainteoirí mionteangacha eile i gcoitinne.Cuimhnímís go labhraítear os cionn 100 teanga ar bhonn laethúil in Éirinn ilteangach ár linne agus an Ghaeilge san áireamh dar ndóigh.

Go bunúsach, caithfidh cúrsaí earcaíochta sa Ghaeltacht agus lasmuigh de a bheith ag freagairt do na pleananna cuimsithe do sholáthar seirbhísí poiblí trí Ghaeilge a chur na saineolaí éagsúla chun cinn le tamall de bhlianta anuas. Ní dhéanfar seo gan na caighdeáin is airde ó thaobh úsáid na Gaeilge a leagan síos trí chóras rialacháin ar na heagraíochtaí sin is mó a bhíonn ag soláthar seirbhísí don phobal, go háirithe iad siúd a fheidhmíonn sna Gaeltachtaí. Ní féidir teanga a choinneáil beo beathach ar chomhaid Stáit agus ar thuairiscí bladhmannacha neamhréalaíocha. Díol suntais é go bhfuil todhchaí na Gaeilge i mbéal an phobail agus ina cnámh spairne ó Thuaidh fiú agus an Ghaeilge ag an am céanna ag creimeadh ó Dheas. Is ait an mac an tsaoil, mar a deir an seanfhocal.

Ag caint ar an Tuaisceart agus ar ár gcomharsain sa Bhreatain agus san Eoraip, le déanaí bhí sé de phribhléid agam féin labhairt faoin nGaeilge is faoin Ultaise san Eoraip ar an mallaibh i Strasbourg, san Fhrainc, ag an gcéiliúradh 20 bliain den European Charter for Regional or Minority Languages, mar a thugtar as Béarla air. Ar an ócáid céanna, chuir mé ina luí ar chomhghleacaithe san Eoraip agus muintir na Breataine, ar shínitheoirí den ráiteas céanna iad, gur ar scáth a chéile a mhaireann na ndaoine agus go ndéanfaimid ár ndícheall le chéile chun todhchaí na Gaeilge mar theanga Eorpaigh ar bhonn phoiblí agus i ngach réimse de shaol na tíre seo a threisiú is a chinntiú.

Is iad seo mo fhocail deireannach. Agus deich mbliana na gcuimhneachán á gcéiliúradh ag Stát seo na hÉireann, tá sé thar am go dtabharfaimid gach tacaíocht ar féidir linn ar bhonn sóisialta, teangeolaíoch, agus eacnamaíche don theanga dúchais is sine san Eoraip.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.