Seanad debates

Wednesday, 8 March 2017

Seachtain na Gaeilge: Statements

 

10:30 am

Photo of Fintan WarfieldFintan Warfield (Sinn Fein) | Oireachtas source

Táim neirbhíseach mar is é seo mo chéad uair a bheith ag labhairt as Gaeilge sa Seanad. Beidh mé ag déanamh mó dhícheall í a úsáid níos minice as seo amach. Molann Sinn Féin dúinn úsáid a bhaint as an dteanga nuair is féidir linn agus tugtar a lán tacaíochta dúinn. Caithfidh an Rialtas an rud céanna a dhéanamh sa Teach seo agus ar fud an Stáit.

Ní aithníonn an Ghaeilge aon teorainn agus ní ghlacfaimid le aon teorannú ar ár bhféiniúlacht nó ar ár n-oidhreacht. Tuigimid go bhfuil ár dteanga agus ár n-oidhreacht fite fuaite lenár neamhspleáchas mar náisiúin agus ár saoirse mar phobal. I ngach glúin dearbhaíodh muintir na hÉireann a cheart chun saoirse agus flaitheas an náisiúin agus táimid á dhearbhú anois. Tuigimid go bhfuil freagracht agus dualgas orainn go léir ár seoid luachmhar a chosaint, a neartú agus a shlánú do na glúine atá romhainn agus dár sinsir. Ar fud na hÉireann tá Sinn Féin ag glacadh an freagracht sin agus ag seasamh le pobal na Gaeilge i dtaobh chur chun cinn ár teanga agus an cultúr doimhin agus saibhir a bhaineann léi.

Ó Thuaidh, táimid ag seasamh leis an bpobal Gaelach agus ag iarraidh dul chun cinn a bhaint amach sa Tionól i dtaobh Acht na Gaeilge agus straitéis a chur i bhfeidhm in ainneoin cur i gcoinne na hAontachtaithe. Leanfaimid orainn ag troid ar son aitheantas.

Ó Dheas tá moltaí curtha os comhair an phobail ag Sinn Féin i dtaobh na Gaeilge agus na Gaeltachta. Ba chóir go mbeidh Aire sinsearach le freagracht as chur chun cinn an teanga agus forbairt na Gaeltachta, ach is léir go bhfuil easpa toil agus tromchúiseacht i leith na Gaeilge ag na páirtí eile. Níl le haon duine nó dream amháin an Ghaeilge. Le misneach agus le neart glacfaimid go léir seilbh agus úinéireacht dár bhféiniúlacht agus dár dteanga. Caithfidh an Rialtas in Éirinn agus sa Bhreatain níos mó a dhéanamh chun tacú leis an bpobal Gaelach agus beidh Sinn Féin ag cur brú orthu é sin a dhéanamh.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.