Seanad debates

Wednesday, 8 March 2017

Seachtain na Gaeilge: Statements

 

10:30 am

Photo of Brian Ó DomhnaillBrian Ó Domhnaill (Fianna Fail) | Oireachtas source

Cuirim fáilte roimh an Aire Stáit. Ba mhaith liom glacadh leis an deis seo inniu aird a dhíriú isteach ar phointe amháin nó dhá phointe a bhaineann le cúrsaí Gaeilge agus Gaeltachta anseo sa tír. Tá dualgas ar an Stát an Gaeilge a chur chun cinn, í a neartú agus í a fhás ach chomh maith le sin, mar a dúirt an tIar-Chomisinéir Teanga, Seán Ó Currain, seirbhís a chur ar fáil ar chomchéim, is é sin comhchéim idir an Ghaeilge agus an Béarla, do shaoránaigh an Stáit. Níl sé sin ag tarlú. Sin an fáth a d'éirigh an tIar-Chomisinéir Teanga as a phost ag deireadh 2013.

Ó sin ar aghaidh, tá rudaí ag éirí níos measa de réir a chéile in áit a bheith ag éirí níos fearr. Ó bhunaíodh an Stát go dtí 1974 bhí cumas na Gaeilge ina riachtanas do dhaoine ar mhian leo poist a bhaint amach sa Státchóras nó sa Státseirbhís. Bhí tréimhse trí bliana tugtha do dhaoine chun feabhas a chur ar an gcuid Gaeilge a bhí acu. Ó 1974 tháinig córas nua i bhfeidhm. I leith chórais earcaíochta agus arduithe céime, tugadh 10% sa bhreis do na daoine a bhí Gaeilge acu. Rinne leasú ar an chóras sin sa bhliain 1990 agus íslíodh na marcanna ó 10% síos go dtí 6% ó thaobh buntáiste de dóibh siúd a bhí ag dul i mbun postanna sa Státchóras nó ag iarraidh ardú céime a bhaint amach. Bhí amhras faoi éifeacht an chórais in imeacht na bliana sin. Tháinig sé chun solas dornán blianta ó shin nach raibh leath na Ranna Stáit ag ceadú na marcanna bónais sin ag an am.Dá bhrí sin, cuireadh deireadh leis an chóras sa bhliain 2013. Cé go raibh an córas ann ag an Rialtas ó 1974 ar aghaidh, ní raibh na Ranna Stáit ag baint úsáid as.

Tháinig córas úr i bhfeidhm in 2013 agus san chóras sin - an córas reatha atá i bhfeidhm go fóill - cruthaítear painéil trí chomórtais earcaíochta do dhaoine a bhfuil líofacht sa Ghaeilge acu. Déantar iad a cheapadh ó phainéil éagsúla atá bunaithe taobh istigh de na Ranna éagsúla do phostanna a bhfuil riachtanas Gaeilge ag baint leo. Mar atá leagtha amach sa straitéis 20 bliain, tá sé ar gach Ranna Stáit na poist sin a aithint. Faoin chóras nua seo, is féidir le suas le 6% de na daoine atá cáilithe do phost sa Státchóras a bheith ar na painéil Gaeilge ach ní cheaptar iad gan post a bheith folamh.

An bhfuil an córas sin ag obair? Níl. Is cosúil nach bhfuil na Ranna Rialtas éagsúla sásta poist a aithint a bhfuil an Ghaeilge riachtanach leo. Níl sé ag tarlú. Tar éis eolas a fháil ó freagraí ar cheisteanna parlaiminte, chuir tuairisc.iesuirbhé le chéile ar na mallaibh agus tá sé soiléir, mar a luaigh an Seanadóir Ó Clochartaigh, nach raibh riachtanas Gaeilge ag ach 15 post trasna na 15 Ranna as 18,775 post sa Státchóras. Sin 0.08% de na poist go léir a bhfuil aitheanta ag an Rialtas seo mar phoist a bhfuil gá le Gaeilge leo. Tá feall uafásach á dhéanamh ag an Stát i gcoinne ár dteanga náisiúnta. Dúirt an Coimisinéir Teanga reatha, Rónán Ó Domhnaill, go bhfuil ag teip go huile is go hiomlán ar an Rialtas i dtaca leis seo.

Cad a thig a dhéanamh? Tá rudaí éagsúla a chaithfidh a bheith déanta. Labhair an tAire Stáit faoin reachtaíocht úr. Cá bhfuil an reachtaíocht sin agus cén uair a bheidh sé os comhair na Tithe seo? Ó thaobh an chomhchoiste a luaigh an Seanadóir Mullen, tá an cohórt coistí bunaithe agus táimid ag iarraidh a bheith ag plé leis na hAirí agus na Ranna Rialtais ach nílimid ag fáil freagraí ar na litreacha fiú atá rúnaíocht an chomhchoiste ag cur ar na Ranna Rialtais sin. Níl an córas mar atá sé ag obair.

Tá athbhreithniú ar siúl ar an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge ach ní féidir na spriocanna atá leagtha amach sa straitéis a chur i bhfeidhm muna bhfuil an Stát féin sásta seirbhís trí mheán na Gaeilge a chur ar fáil. Ní féidir an tseirbhís sin a chur ar fáil muna bhfuil na daoine sa Státchóras in ann é a chur ar fáil. Sin bun agus barr an scéil.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.