Seanad debates

Wednesday, 8 March 2017

Seachtain na Gaeilge: Statements

 

10:30 am

Photo of Robbie GallagherRobbie Gallagher (Fianna Fail) | Oireachtas source

Ar dtús ba mhaith liom fáilte mór a chur roimh an Aire Stáit go dtí an Teach seo inniu. Mar is eol dúinn ar fad, Seachtain na Gaeilge atá ann. Tugann an tseachtain seo seans dúinn ár dteanga náisiúnta a chéiliúradh. Tugann an Ghaeilge aitheantas dúinn. Is ár chéad teanga í, mar sin caithfimid níos mó a dhéanamh chun í a chur chun cinn. Níl seachtain nó dó sa bhliain go leor. Is cinnte go gcaithfimid níos mó airgead a chaitheamh ar a son. Ba chóir dúinn infheistíocht a dhéanamh sa Ghaeltacht agus sna coláistí samhraidh, a dhéanann sárobair ar son na teanga i rith na bliana. Ba chóir go dtugtar pointí breise do Ghaeilge ar ardleibhéal san ardteist chun scoláirí a spreagadh an ábhar a dhéanamh. Tá sé ag obair go an-mhaith don Mhatamaitic, cén fáth nach n-oibreoidh sé don Ghaeilge?

Is teanga álainn í an Ghaeilge ar chóir dúinn bheith bródúil aisti. Is cuid tábhachtach don stair í agus caithfimid, mar náisiúin, troid chun í a choinneáil beo agus ag fás.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.