Seanad debates

Wednesday, 8 March 2017

Seachtain na Gaeilge: Statements

 

10:30 am

Photo of Rónán MullenRónán Mullen (Independent) | Oireachtas source

Cuirim fáilte roimh an Aire Stáit. Is breá an rud é go bhfuilimid anseo. Is traidisiúin é ag an pointe seo go mbíonn plé i nGaeilge go mór mór faoi chúrsaí Gaeilge agus cúrsaí Gaeltachta sa Seanad ag an tráth seo den bhliain. Aontaím leis an méid atá ráite ag mo chomhghleacaithe faoi na rudaí éagsúla atá tábhachtach inár sochaí, na grúpaí, na himeachtaí agus na hiarrachtaí atá á ndéanamh ag go leor daoine chun an Gaeilge agus an cultúr Gaelach a chur chun cinn. Is Ball mé, ní le fada an lá ach le déanaí, de Chomhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus na nOileán anseo san Oireachtas agus tá áthas orm go bhfuil sé ann agus go n-éirí an comhchoiste sin lena chuid oibre.

Tá sé tábhachtach freisin go n-admhaímid go bhfuil dúshláin ann agus muid ag iarraidh an Ghaeilge a chur chun cinn sa tír seo. Tosnaíonn an dúshlán anseo san Oireachtas agus go háirithe leis an Státseirbhís. De réir mar a thuigim, mar shampla, ní caitear le stádas an chomhchoiste sin ag an gcaoi céanna ina gcaitear le coistí eile anseo san Oireachtas. Mar shampla, chuala mé tuairiscí go raibh litreacha á gcur ón gcoiste sin chuig Airí éagsúla agus nach raibh an coiste ag fáil freagraí orthu. Is fiú dul i muinín an Béarla chun an méid seo a rá ar fhaitíos nach gcloisfear é ós rud é go ndeirim i nGaeilge é but it is a disgrace if, despite having a joint Oireachtas committee responsible for the Irish language and to ensure the rights of lrish language speakers and of people in the Gaeltacht, Government Ministers and Departments ignore letters coming from that committee in a way that would never happen with letters or correspondence from other Oireachtas committees. There is a real need for a change of attitude around here if that is the case. Admhaímid é.

Bhí tráth ann ina raibh sé riachtanach Gaeilge a bheith ag duine chun post a fháil sa Státseirbhís. Má táimid dairíre go mbeidh daoine in ann a gcuid gnó a dhéanamh trí Ghaeilge ba chóir go mbeidh Gaeilgeoirí sa Státseirbhís. Ba chóir go mbeidh dóthain Gaeilgeoirí sa Státseirbhís chun déileáil le daoine agus nach favour a bheadh ann ach go mbeadh ceart ag an duine a chuid gnó a dhéanamh trí Ghaeilge. Ba bhreá liom tuairim an Aire Stáit faoi sin. Nár chóir go mbeadh athrú treo anseo agus go gníomhóimid le go mbeadh sé ina riail arís amach anseo go mbeadh Gaeilge ag duine le post a fháil sa Státseirbhís? Muna bhfuil Gaeilge aige bheadh tréimhse áirithe aige chun snas a chur uirthi nó fiú dóthain Gaeilge a fhoghlaim le gur féidir leis a dhualgas a dhéanamh maidir le cearta mhuintir na hÉireann ar mhian leo a gcuid gnó a dhéanamh trí Ghaeilge. Sin an brí. If we are serious about being serious about Irish that is the direction we must go. Nílim a rá go gcaithfidh sé tarlú thar oíche, ach ba chóir go mbeadh sé ina phlean go mbeimid ag dul sa treo seo arís.

Nílimid ag caint faoi 10% sa bhreis a thabhairt don dhuine san ardteist má dhéanann sé a chuid scrúduithe trí Ghaeilge, táimid ag labhairt faoi rud i bhfád níos dairíre. Ós rud é gurb í an Ghaeilge príomhtheanga oifigiúil na tíre seo, cén fáth go bhfuil an Státseirbhís chomh bocht sin maidir lena cumas gnó a dhéanamh trí Ghaeilge nuair a iarrann daoine uirthi? Glacaimid leis go bhfuil go leor coinníoll eile ann má tá duine chun post a fháil sa Státseirbhís - go mbeadh caighdeán áirithe oideachais aige, mar shampla. Ní éagóir é a rá gur chóir go mbeadh Gaeilge ag duine má tá sé ag dul ar obair don Stát.

Maítear go labhartar os cionn céad teanga ar bhonn laethúil sa tír seo, an Ghaeilge san áireamh. Is sa Ghaeltacht a bhfuil formhór na cainteoirí dúchais ach, mar sin féin, deireann gach tuairisc go bhfuil meath ag teacht ar an nGaeilge, mar is eol don Leas-Cheann Comhairle, mar theanga phobal agus níos práinne arís, mar a dúirt mé, nach bhfuil an Státchóras ag cabhrú leis an scéal. Is cosúil nach bhfuil mórán tionchair le feiceáil de thairbhe Acht na Gaeilge agus b'fhéidir go bhfuil an Statchóras ag útamáil faoi cheist na Gaeltachta agus pobal na Gaeilge mar a bhí le blianta fada, in ainneoin an window dressing agus na focail binne. Tá dóthain ráite agam faoi seo go dtí seo ach feictear domsa go bhfuil airgead poiblí á chur amú ag an Rialtas maidir le cur chun cinn na Gaeilge agus go bhfuil dea-mhéin agus dea-spiorad an phobal á gcur amú ar phleanáil teanga i gceantair a n-airítear fós mar Ghaeltachtaí oifigiúla, mar shampla, ach nach raibh an Ghaeilge á labhairt iontu le fada an lá.Má tá áiteanna ar nós Tirellan Heights ainmnithe agus aitheanta mar Gaeltachtaí, nach léiríonn sé sin go bhfuil easpa dairíreacht sa Státchóras? Déantar a leithéid in ionad a bheith ag cabhrú leis na mionlaigh teanga a bhfuil an Ghaeilge sna croíthe acu. Ní féidir teanga a choinneáil beo beathach le cód Stáit agus le tuariscí bladhmannacha neamhréalaíocha.

Nach díol suntais é go bhfuil todhchaí na Gaeilge i mbéal an phobal agus ina cnámh spairne ó Thuaidh, fiú agus an Ghaeilge ag creimeadh ó Dheas? Nach bhfuil sé suntasach go raibh stádas na Gaeilge agus cearta mhuintir na Gaeltachta in cnámh spairne le déanaí ó Thuaidh i gcómhthéacs an coimhlint idir na hAontachtaithe agus Sinn Féin? Tréaslaím leis na polaiteoirí, Sinn Féin ina measc, a dhéanann sárobair chun cur chun cinn na Gaeilge a bhaint amach. Bheinn ag siúl leis freisin go bhfuil gach duine ag déanamh a dhícheall chun bheith cinnte nach bhfeictear an Ghaeilge mar ghné d'achrann stairiúil idir daoine. Caithfimid ár seacht ndícheall a dhéanamh le cinntiú go dtuigeann daoine go bhfuil an Ghaeilge ann dóibh uilig, is cuma cén traidisiúin a bhaineann siad leo. Ní leor é sin a rá. Caithfimid cinntiú go bhfuilimid ag gníomhú de réir sin agus go bhfuil meon fáilteach ann uilig maidir leis an chuireadh seo do gach réimse agus grúpa denár sochaí ó Thuaidh agus ó Dheas, gur leo an Gaeilge.

Ní mhaith liom go mbeadh airgead agus dea-thoil na ndaoine á gcur amú ar pháipéarachas agus ar phleananna teanga muna bhfuil bun agus barr leo. Bhíomar ag céiliúradh ár neamhspleáchas agus ár bhféinaitheantas mar Ghaeil go náisiúnta agus go hidirnáisiúnta le comóradh 1916. Is tragóid é, mar sin, go bhfuil meath suntasach tagtha ar an nGaeilge laistigh den Státchóras, mar a dúirt mé, le 20 bliain anuas. Sin fadhbh mór a chaithfimid réiteach go práinneach. Táim ag iarraidh go mbeidh an Rialtas dairíre amach anseo agus go bhfeicfimid rudaí praicticiúla den sórt ar luaigh mé leis an nGaeilge a chur chun cinn ar mhaithe le cearta lucht labhartha na Gaeilge agus lucht na Gaeltachta.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.