Seanad debates

Wednesday, 8 March 2017

Seachtain na Gaeilge: Statements

 

10:30 am

Photo of Joe O'ReillyJoe O'Reilly (Fine Gael) | Oireachtas source

Ar dtús báire, ba mhaith liom fáilte a chur roimh an Aire agus a chuid oibre díograisí ar son na teanga a mholadh agus ba mhaith liom tréaslú leis. Gan amhras ar bith, is ceann de na hacmhainní is luachmhara atá againn ná ár dteanga dúchais. Tá ár stair, ár mbéaloideas agus ár litríocht bunaithe uirthi nó measctha tríthi. Is í an teanga an fhoinse chun na rudaí seo a fháil agus sult a bhaint astu.

Tá eagraíochtaí sa tír seo ag déanamh sár-obair, obair den chéad scoth, ar son na teanga. Ar dtús báire ba mhaith liomsa iad a mholadh go poiblí. Ar dtús báire, Foras na Gaeilge, déanann sé sár-obair; Gael Linn; Conradh na Gaeilge; agus Comhaltas Ceoltóirí Éireann. I gcás Comhaltas Ceoltóirí Éireann tá craobhacha aige i ngach baile beag sa tír seo agus thar lear agus iad ag déanamh an-jab. Tá iar-Seanadóir as an Teach seo, Lábhras Ó Murchú, mar Ard-Rúnaí ar an eagraíocht agus déanann seiseann agus an eagraíocht an-jab don teanga, don chultúr agus d'oidhreacht na tíre.Molaim agus tréaslaím RTE as an obair atá ar siúl ann, san áireamh an nuacht agus na cúrsaí reatha atá as Gaeilge. Tá TG4 iontach mhaith agus tá an-mheas air. Bíonn a lán daoine ag féachaint air. Féachaim féin air go minic agus tá sé an-taitneamhach agus spéisiúil. Taobh amuigh den teanga de, tá na cláir go hiontach agus i bhfad níos fearr ná na cláir ar aon stáisiún eile. Molaim an obair iontach atá ar siúl ag TG4.

Níl amhras ar bith agam go bhfuil an-jab déanta don teanga i rith na mblianta ag múinteoirí bunscoile - na baill den INTO - thart ar an tír seo. Tá sár-jab déanta acu. Obair díograiseach ar son na teanga atá ar bun acu lá i ndiaidh lae agus molaim an obair sin agus tréaslaím leo. Ba chóir go mbeadh gach duine sa Teach seo iontach buíoch de na múinteoirí sin agus ba chóir go mbeadh an meas ceart againn orthu, mar atá, buíochas le Dia.

Is fiú agus is maith an rud é Seachtain na Gaeilge a cheiliúradh agus a chomóradh. Is iontach an rud é mar is seachtain faoi leith é. Tugann sé seans dúinn smaoineamh ar an teanga agus rudaí thart ar an teanga. Ba chóir do gach duine sa Teach seo, mé fein san áireamh, dea-shampla a thabhairt. Ba chóir dúinn iarracht laethúil a dhéanamh giota beag Gaeilge a labhairt, fiú amháin sna corridors lenár gcairde, taobh amuigh den Seomra seo, sa Seomra seo agus i ngach áit phoiblí. Níl gá ach cúpla abairt agus iarracht bheag. Tá muidne in áit lárnach chun dea-shampla a thabhairt agus an teanga a fhorbairt agus a chothú. Molaim do gach duine anseo é sin a dhéanamh. Mar a dúirt an tAire Stáit, "Beatha teanga í a labhairt." Mar a dúirt an tAire Stáit fosta, tá tromlach an phobail dearfach faoin nGaeilge. Má dhéanfaimis iarracht bheag, bheadh daoine sásta glacadh leis agus iarrfaidh siad cúpla focal a rá linn.

Labhair mé leis an Aire Stáit anseo cúpla seachtain ó shin. Tá mé an-dáiríre faoi seo agus cinnte go bhfuil sé tábhachtach. Tá sé thar a bheith tábhachtach daoine óga a mhealladh do na Gaeltachtaí i rith an tsamhraidh. Níl go leor déanta chun níos mó daoine óga a mhealladh do na Gaeltachtaí. B'fhéidir gur fiú dúinn deontais níos fearr a thabhairt dóibh agus é a thabhairt díreach do na teaghlaigh chun cash a fháil saor. B'fhiú dúinn dul isteach sna scoileanna chun labhairt faoi na Gaeltachtaí agus molaim don Aire Stáit béim mhór a chur air sin.

An fáth go bhfuilim anseo inniu ag caint as Gaeilge agus go bhfuil grá agam don tír agus meas faoi leith agam ar an tír ná go ndeachaigh mé go dtí an Ghaeltacht nuair a bhí mé óg. Chaith mé tréimhse gach bliain thart ar ghleanntáin ghlasa Ghaoth Dóbhair, an áit óna dtagann an Seanadóir Ó Domhnaill. Bhí mé thart ar Ghaoth Dóbhair, An Bun Beag, agus na háiteanna sin. Is iad na háiteanna sin a chruthaigh mo mheas agus mo ghrá don teanga. Táim iontach cinnte gurb é sin an eochair chun níos mó daoine óga a chur ag labhairt na teanga agus ag obair ar son na teanga. Bheadh saibhreas na teanga agus ár gcultúr soiléir dóibh de dheasca turas dá leithéid. Sílim go bhfuil sé sin iontach tábhachtach agus molaim don Aire Stáit go mbeadh níos mó deontais ann.

Is maith an rud go bhfuil 40% de na marcanna don teastas sóisearach agus don ardteistiméireacht tugtha don scrúdú béil anois. Is iontach an rud agus cabhair mór an t-athrú sin. Tá mo mhac, Dara, an duine is óige i mo chlann, ag déanamh an teastas sóisearach ag an bomaite. Beidh an scrúdú béil ar siúl i gceann seachtaine agus gach oíche atáim sa bhaile, cé nach mbíonn muide sa Teach seo sa bhaile gach oíche, déanann sé iarracht labhairt liom as Gaeilge. Tá sé ag iarraidh cleachtadh don scrúdú béil. Tá an t-athrú sin iontach tábhachtach agus is dul chun cinn mór é. Molaim don Aire Stáit é a choiméad agus a leathnú.

Tá athrú ann i modhanna múinteoireachta agus a leithéid agus bíonn sé sin riachtanach an t-am ar fad mar tá sé soiléir nach bhfuil go léir déanta againn. B'fhéidir go bhfuil riachtanas ann do níos mó béime ar litríocht nua-aoiseach, ar an teanga labhartha agus ar dhrámaíocht. B'fhéidir gur fiú do scoileanna corpoideachais a dhéanamh as Gaeilge nó rudaí mar sin ionas go mbeadh gnáthteanga ag na daltaí agus go mbeadh siad ag déanamh rud sultmhar agus ag baint pléisúir as úsáid na teanga agus nach mbeadh an teanga chomh éigeantach agus dúr dóibh. Tá se sin an-tábhachtach agus tá go leor le déanamh air.

Molaim na Gaelscoileanna, atá ag déanamh jab iontacht, thart ar an tír seo. Aontaím leis an Seanadóir Davitt gur fiú Gaelscoil a chruthú in aon áit is féidir agus i ngach contae. Níl meánscoil Gaeilge againn i gContae an Chabháin fosta. B'fhéidir go n-athródh sé sin roimh i bhfad. B'fhiú é a dhéanamh.

Is fiú straitéis na Gaeilge a leanúint go géar agus níos mó a dhéanamh chun an teanga a fhorbairt tríd an straitéis sin agus, go háirithe, chun an Ghaeltacht a chothú. Tá polasaí ann anois chun níos mó airgid a chaitheamh ar scoileanna atá ag úsáid Gaeilge sna Gaeltachtaí chun níos mó acmhainní a chur sna scoileanna ata dáiríre faoin nGaeilge. Is fiú é sin a leanúint ar aghaidh.

Is lá maith é seo agus is seachtain iontach é. Lá stairiúil é i mbealach. Molaim do gach duine sult a bhaint as an tseachtain seo agus iarracht a dhéanamh giota beag Gaeilge a labhairt taobh amuigh den áit seo. Is iontach an rud é go bhfuil tús maith déanta againn. Tá mise agus an Seanadóir Davitt tar éis labhairt as Gaeilge. Is tús maith é sin agus tús maith leath na hoibre.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.