Seanad debates

Wednesday, 8 March 2017

Seachtain na Gaeilge: Statements

 

10:30 am

Photo of Aidan DavittAidan Davitt (Fianna Fail) | Oireachtas source

Cuirim fáilte roimh an Aire Stáit. Nílim líofa ach tá fhios agam go bhfuil blas an-deas ag na Seanadóirí here; Seanadóir Uí Chlochartaigh, Seanadóir Gallagher agus Seanadóir Uí Dhomhnaill. Ceapaim go bhfuil blas deas ag na Seanadóirí de chuid Fine Gael freisin.

Tá sé ar chinn do chuspóirí Fhianna Fáil bunráta na Gaeilge a chur chun cinn mar teanga bheo i measc na daoine agus cearta na daoine a labhraíonn an teanga a chosaint. Is í an teanga náisiúnta seoid cultúrtha na tíre seo. Ní feídir cur síos ar an tábhacht caomhnú a ghabhann léi dá réir. Agus 100 bliain caite ó tharla Éirí Amach 1916, tá sé ríthábhachtach idir bhorradh agus bhrí a chur an athuair sna hiarrachtaí chun Gaeilge a mhúineadh agus a fhorbairt.

Seasann Fianna Fáil go daingean leis an Straitéis 20-Bliain don Ghaeilge faoi mar a thug an páirtí chun cinn í agus é sa Rialtas. Chun é a chur i bhfeidhm, thug an páirtí Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 isteach chun tacaíocht reachtaíochta a chur faoi na cearta maidir leis an teanga atá ina ndlúthchuid den Bhunreacht don chéad uair.

Is ábhar mór díoma dúinn a fheiceáil go bhfuil an cistiú maidir leis an Gaeilge don bhliain 2017 9% níos lú, i gcomórtas leis an mbliain 2016. Chuir an ciorrú sin úafás orainn agus chuir Fianna Fáil feachtas ar bhun ag iarraidh cistithe breise. D'éirigh linn €1 billiúin breise a aimsiú don Ghaeilge i rith 2017 sa mheastachán forlíontach.

Deirtear nach bhfuil aon thintéan mar do thinteán fein. Sa Mhuileann gCearr tá dhá Ghaelscoil ann. Tá Gaelscoil an Mhuilinn ann, atá ar an mbóthar 23 bliain, agus tá Gaelscoil Coillin ann. Tá Gaelscoil i mBaile Átha Luain, san Uaimh agus i dTulach Mhór fresin sa midlands ach níl aon mheánscoil Gaeilge. Níl aon mheánscoil Gaeilge ar fáil sa Mhuileann gCearr nó i gContae na hIarmhí nó in aon áit sa midlands. Tá an éileamh ann. Má bhíonn tú ag caint leis an Aire, an Teachta Bruton, an chuirfeá ceist air maidir le haon phlean atá aige meánscoil lan-Ghaeilge a bhunú sa cheantar?

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.