Seanad debates

Wednesday, 8 March 2017

Seachtain na Gaeilge: Statements

 

10:30 am

Photo of Seán KyneSeán Kyne (Galway West, Fine Gael) | Oireachtas source

Mar Aire Stáit le freagracht as an nGaeltacht fáiltím roimh an deis seo labhairt sa Seanad inniu. Tá sé tráthúil go bhfuil an deis seo agam agus Seachtain na Gaeilge faoi lán seoil. Ní call a rá gurb í an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge an chloch is mó ar mo phaidrín mar gur chloch coirnéil don Ghaeilge agus a cur chun cinn í. Mar thacaíocht dó sin, is gá leas a bhaint as gach uirlis ar féidir linn chun é sin a dhéanamh.

Ag féachaint gurb í seo Seachtain na Gaeilge tá sé chomh maith dom tosú leis. Creidim gur meicnicíocht iontach é Seachtain na Gaeilge chun an Ghaeilge a chur chun cinn i measc réimse leathan den phobal, anseo in Éirinn agus go deimhin thar lear. Is ócáid fad-bhunaithe í Seachtain na Gaeilge atá fíor-thábhachtach ó thaobh na teanga de. Is é Conradh na Gaeilge a bhunaigh an coincheap an chéad lá riamh, siar i 1902. Ba é an rún a bhí acu ag an am ná teanga agus an cultúr Gaelach a chur chun cinn, ní amháin ar fud na tíre, ach thar sáile chomh maith. D’éirigh leo, chomh fada is gur fhéile Ghaeilge idirnáisiúnta í Seachtain na Gaeilge anois, atá ar cheann de na hócáidí ceiliúrtha is tábhachtaí dá cineál sa lá atá inniu ann. Feictear dom go bhfuil an fhéile ag dul ó neart go neart gach bliain agus an tseachtain ar cheann de na himeachtaí is tábhachtaí i bhféilire bhliantúil phobal labhartha na Gaeilge.

Is féidir le gach duine blas a fháil de spiorad na féile seo. Tréaslaím go láidir leis na grúpaí deonacha agus pobail, údaráis áitiúla, scoileanna, leabharlanna agus gach eagraíocht eile a ghlacann páirt ghníomhach ann agus a eagraíonn imeachtaí ina gceantair féin i gcaitheamh na féile.

Ar ndóigh, an rud is fearr faoi Sheachtain na Gaeilge ná go dtugtar deis do dhaoine páirt a ghlacadh san fhéile ar shlite éagsúla - is cuma cén leibhéal cumais atá acu sa teanga - trí a bheith ag labhairt na teanga le cairde agus gaolta nó a bheith ag glacadh páirte sna himeachtaí. Airíonn daoine ar a gcompord agus iad ag glacadh páirte sna himeachtaí, scaoiltear le srian an chúthaileacht i labhairt na teanga agus ardaítear leibhéal na féinmhuiníne. Tréaslaím le Seachtain na Gaeilge as a mana tarraingteach "Bain Triail Aisti – Surprise Yourself!" Meabhraíonn sé gur le gach duine an Ghaeilge agus is le gach pobal Seachtain na Gaeilge.

Cuireann sé áthas orm go bhfuil an Ghaeilge á cur chun cinn ar fud na tíre ar bhealaí éagsúla nua-aimseartha. Níl bealach níos fearr ná úsáid na teicneolaíochta faisnéise agus cumarsáide chun daoine a choinneáil ar an eolas faoi céard atá ag tarlú sa phobal. Ar ndóigh, tá Seachtain na Gaeilge chun cinn sa réimse seo agus iad ag iarraidh ar dhaoine na meáin shóisialta atá acu a úsáid trí mheán na Gaeilge le linn Sheachtain na Gaeilge 2017, ach go háirithe ar 16 Márta 2017 mar chuid de Lá na Meán Sóisialta. Sa chaoi seo, gheobhaidh daoine tuiscint níos fearr ar na féidearthachtaí atá ann maidir leis seo, mar shampla is féidir Facebook, Gmail agus Twitter uilig a úsáid as Gaeilge.

Ag caint ar na meáin shóisialta agus an dul chun cinn atá déanta go ginearálta ó thaobh na teicneolaíochta faisnéise de, is léir gur iomaí casadh atá tagtha ar an saol ónar bunaíodh Conradh na Gaeilge os cionn 120 bliain ó shín. Ní raibh an réamh-fheiceáil ag ár sinsir ar na hathruithe móra a bhí le teacht ar an saol sna réimsí sin, agus an éascaíocht a chuirfeadh sé lenár saol. Cá bhfios cén dóigh ina mbeidh daoine ag maireachtáil faoi cheann 120 bliain eile. Bimís ag déanamh ár gcion chun a chinntiú gur ann don Ghaeilge agus don Chonradh agus do Sheachtain na Gaeilge.Má choinníonn muid ar fad ag labhairt na Gaeilge, ní feictear dom cén fáth nach mbeadh sé sin indéanta.

Go deimhin, tá sé ráite cheana ach is fiú é a rá arís gur ábhar bróid dúinn ar fad an sár-obair atá déanta ag Conradh na Gaeilge don teanga ó bunaíodh é. Tá ardmholadh ag dul do na heagraíochtaí ar fad ar fud na tíre a dhéanann obair na gcapall ar son na Gaeilge. Tuigeann muid ar fad nach bhfuil sé éasca ach tugann ócáidí mar seo misneach dúinn gan ár maidí a scaoileadh le sruth.

Ba mhaith liom cúpla focal a rá faoin bpróiseas pleanála teanga. Mar is eol don Teach, tugann Acht na Gaeltachta 2012 feidhm reachtúil don phróiseas pleanála teanga faoina mbeidh pleanála teanga á n-ullmhú ag leibhéal an phobail i gceantair a bhféadfaí aitheantas a thabhairt dóibh faoin Acht mar limistéir pleánala teanga Ghaeltachta, mar bhailte seirbhíse Gaeltachta nó mar lionraí Gaeilge. Is fiú a lua go bhfuil allúntas breise de €250,000 ar fáil i mbliana chun cabhrú tuilleadh le cur i bhfeidhm na straitéise agus an chórais pleanála teanga araon. Fágann sé seo go bhfuil cistíocht ar fiú €1.25 milliún in iomlán ar fáil i mbliana lena haghaidh.

Ina theannta sin, tá ardú ar an gcistíocht atá ar fáil do na gnáthchláir reatha ar thaobh na Gaeilge agus na Gaeltachta de, a bhfuil dlúthbhaint acu chomh maith le cur i bhfeidhm na straitéise 20 bliain. Leis an allúntas méadaithe atá curtha ar fáil don Gaeilge agus don Ghaeltacht trí chéile, tá mé cinnte go mbeifear in ann tacú tuilleadh le cur i bhfeidhm na straitéise agus an phróisis pleanála teanga mar a bhaineann sé leis an nGaeltacht, leis na bailte seirbhíse Gaeltachta agus leis na líonraí Gaeilge.

Mar is iondúil ag an tráth seo den bhliain, tá an pleanáil chuí idir lámha ag mo Roinn i gcomhar le Údarás na Gaeltachta, le Foras na Gaeilge agus le páirtithe leasmhara eile chun cúram cuí a dhéanamh den chistíocht shuntasach seo sa chaoi is go mbainfear an leas is fearr as ar son na Gaeilge agus na Gaeltachta. Tá súil agam a bheith in ann a chur in iúl don dá eagraíocht gan mhoill cén cistíocht a bheidh ar fáil acu chun cúram a dhéanamh den phróiseas sa bhliain reatha.

Ina theannta sin, tá obair idir lámha chun an próiseas a bhrú ar aghaidh mar a bhaineann sé leis na bailte seirbhíse Gaeltachta. Chuige sin, tá an t-údarás agus Foras na Gaeilge i mbun oibre le páirtithe leasmhara i Leitir Ceanainn, Cathair na Gallaimhe agus Daingean Uí Chúis chun an próiseas pleanála teanga sna bailte sin a bhrú chun cinn. Chomh maith leis sin, tá tús curtha leis an bpróiseas pleanála teanga i gCluain Doláin, in Inis agus i mBaile Locha Riach i dtreo a bheith in ann aitheantas mar líonraí Gaeilge a bhronnadh ar na ceantair sin. Tá sé beartaithe an ghné seo den phróiseas a fhorbairt tuilleadh sa bhliain atá romhainn agus tús a chur le hullmhú pleananna teanga i mbailte eile nach iad atá ar an liosta de bhailte a fhoilsíodh in 2014 a d'fhéadfadh a bheith aitheanta chomh maith faoin bpróiseas mar bhailte seirbhíse Gaeltachta.

Leis an gcistíocht bhreise atá curtha ar fáil in 2017, tá súil agam a bheith in ann féachaint chuige go gcuirfear tús le feidhmiú na pleananna teanga ar bhonn áitiúil i mbliana i gcomhréir le mianta phobail na Gaeltachta. Is dul chun cinn suntasach é seo agus ba mhaith liom an deis seo a thapú chun tréaslú leis na ceanneagraíochtaí ar fud fad na Gaeltachta atá i mbun ullmhú pleananna teanga. Tá obair mhór déanta agus idir lámha ag na heagraíochtaí sin ar son na Gaeilge, na Gaeltachta agus na pobail ina bhfuil siad ag maireachtáil. Is é an spiorad sin - spiorad na meithle - atá ag croílár an phróisis agus is cóir agus is ceart é sin a aithint.

Nuair a luaitear an straitéis agus an próiseas pleanála teanga agus an chaoi a bhfuil an Roinn ag déanamh cúram díobh, is baolach go ndéantar dearmad uaireanta ar an gcistíocht shuntasach atá á cur chun fónaimh bliain i ndiaidh bliana mar a bhaineann sé le clár caipitil agus reatha mo Roinne ó thaobh na Gaeltachta de. De thoradh an chúnaimh seo ar fiú breis agus €7.8 milliún é i mbliana, tá an Roinn ag leanúint ar aghaidh i gcomhar le páirtithe leasmhara eile chun bonneagar na Gaeilge a threisiú tuilleadh. Leis an infheistíocht seo, táimid in ann raon leathan eagraíochtaí Gaeltachta a chumasú chun a gclaír oibre a fheidhmiú atá ar leasa na Gaeilge agus na Gaeltachta trí chéile. Ní call dom a rá, ar ndóigh, go bhfuil sé seo uile ag tacú le fíorú chuspóirí na straitéise.

Ba mhaith liom an deis a thógáil anois chun focal nó dhó a rá faoin bpolasaí don oideachas Gaeltachta. Mar a luaigh an Taoiseach agus é ag seoladh an pholasaí i mí Dheireadh Fómhair 2016, is é seo an chéad pholasaí don oideachas Gaeltachta a foilsíodh ó bunaíodh an Stát. Tá tábhacht faoi leith leis mar a bhaineann sé leis an nGaeilge sa Ghaeltacht. Is í an Ghaeltacht fearann dúchais na Gaeilge agus, de bharr seo, luíonn sé le réasún go ndéanfaí cúram den chóras oideachais ann ar mhaithe lena chinntiú go bhfuil sé ag tacú ar an gcaoi is fearr is féidir le cuspóirí an Stáit maidir leis an nGaeilge.

Tá tábhacht faoi leith leis an bpolasaí ó thaobh an phróisis pleanála teanga de chomh maith. Cé gur ar an Roinn Oideachais agus Scileanna go príomha a thiteann an fhreagracht don Polasaí don Oideachas Gaeltachta 2017 go 2022 a chur i bhfeidhm, tá ról tacúil le himirt ag mo Roinn agus, go deimhin, ag an Roinn Leanaí agus Gnóthaí Óige chomh maith. D'fhéadfaí a rá gur aisfhreagra suntasach is ea an polasaí seo ar a bhfuil ráite agus molta sa straitéis 20 bliain mar a bhaineann sé le cúrsaí oideachais sa Ghaeltacht.

Cé gur polasaí réalaíocht atá ann, tugann sé dúshlán do gach páirtí leasmhar a gcion a dhéanamh ar son na Gaeilge. Má tá rath le bheith aige, beifear ag brath ar gach pobal scoile a gcion a dhéanamh, idir fhoirne teagaisc na scoileanna, bhoird bainistíochta, choistí tuismitheoirí agus, ar ndóigh, teaghlaigh na Gaeltachta féin. Nílim ag déanamh dearmad ar an earnáil luathoideachais atá ag lár an scéil seo. Beifear ag súil leis go mbeidh an Roinn Leanaí agus Gnóthaí Óige ag imirt tionchair dhearfa ar rudaí chomh maith. Mar chuid den chur i bhfeidhm, beidh gá a bheith soiléir faoi na tacaíochtaí a bheidh á gcur ar fáil sna scoileanna lena n-áirítear an earnáil luathoideachais agus tuigtear dom go bhfuil obair tosaithe ag an Roinn Oideachais agus Scileanna cheana féin chun an talamh a ullmhú i dtreo tús a bheith curtha le feidhmiú an pholasaí san fhómhar.

Le go mbeidh an dul chun cinn is fearr is féidir déanta maidir le cur i bhfeidhm an phróisis pleanála teanga agus an pholasaí oideachais araon, is gá a bheith ag faire amach i gcaitheamh an ama ar na bealaí a d'fhéadfadh cur i bhfeidhm an dá thionscnamh a bheith ag déanamh leasa a chéile agus tá sé sin ag croílár an chur chuige. Mar shampla praiticiúil ar seo, beidh mo Roinn féin ag glacadh páirt tacúil sa choiste comhairleach atá bunaithe ag an Roinn Oideachais agus Scileanna le gairid maidir le feidhmiú an pholasaí don oideachas Gaeltachta. Ina theannta sin, tá plé leanúnach idir mo Roinn agus an Roinn Oideachais agus Scileanna i rith an ama chun a chinntiú go mbainfear an tairbhe is fearr is féidir as ár gcuid iarrachtaí trí chéile ar son na Gaeilge.

Mar a luaigh mé fein an lá a seoladh an polasaí ar an gCeathrú Rua, cabhróidh an polasaí seo le sár-oideachas trí Ghaeilge a chur ar fáil do ghasúir na Gaeltachta agus leis an nGaeilge a choinneáil agus a threisiú mar theanga pobail sna ceantair Ghaeltachta. Creidim go ndéanfaidh an polasaí oideachas agus na bearta a bhaineann leis an-difríocht do na scoileanna, do na pobail Ghaeltachta agus do stádas na Gaeilge sa Ghaeltacht. Tá se fíorthábhachtach gur ar bhonn comhpháirtíochta a chuirfear i bhfeidhm é - ar nós an próiseas pleanála teanga.

Níl aon dabht ach go dtugann sé seo ar fad ábhar machnaimh agus dúshlán do phobail agus do scoileanna Gaeltachta. De thoradh seo uile, tabharfar spreagadh do phobal na Gaeltachta le machnamh a dhéanamh ar cad atá uathu féin agus cad is féidir leo a dhéanamh mar a bhaineann sé lena bhfuil i ndán don teanga agus an cineál Gaeltachta ar mhaith leo a fhágáil ina ndiaidh don chéad ghlúin eile.

Is gá chomh maith go n-aithnítear an tairbhe don teanga a d'fhéadfadh eascairt as cur i bhfeidhm córasach an chláir Éire Ildánach. Sa chomhthéacs sin, is fiú a lua gur eagraigh mo Roinn ceardlann le gairid do pháirtithe leasmhara a mbeadh spéis agus ionchur sa chlár Éire Ildánach mar a bhaineann se le hearnáil na n-ealaíon, Gaeltachta agus Gaeilge. Ócáid thairbheach a bhí ann a chabhraigh le mo Roinn léargas a thabhairt dóibh siúd a bhí i láthair maidir le céard atá sa chlár agus, ar an lámh eile, ba dheis a bhí ann chun aischothú a lorg faoi cén chaoi a d'fhéadfadh an clár leas a dhéanamh don Ghaeilge.

In 2014, ceadaigh an Rialtas cur chuige nua chun tacú le hinniúlacht sa Ghaeilge sa Státseirbhís. Faoin gcur chuige reatha, tá beart i bhfeidhm chun an cohórt de dhaoine atá feidhmiúil go dátheangach sa Státseirbhís a mhéadú chun teacht le cur chuige atá bunaithe níos mó ar inniúlachtaí ó thaobh na hearcaíochta de agus, nuair is cuí, ó thaobh comórtais d'arduithe céime. I gcomhthéacs creataí pleanála don fhórsa oibre, iarrtar ar Ranna na post agus réimsí a shainaithint ina bhfuil gá le daoine atá feidhmiúil go dátheangach agus iad a chur san áireamh ina bpleananna gníomhaíochta don fhórsa oibre.Ag féachaint do chur i bhfeidhm Acht na Gaeltachta 2012, iarrtar ar Ranna aird ar leith a thabhairt ar phoist atá lonnaithe i gceantair Ghaeltachta nó atá ag freastal ar na ceantair sin. Is é an aidhm leis an bpróiseas sin cinntiú go ndéanfar foráil dóthanach i gcomórtais earcaíochta agus ardaithe céime idir-Rannacha do cheapacháin i bpoist ina dteastaíonn daoine atá feidhmiúil go dátheangach. I gcás comórtais earcaíochta agus ardaithe céime Rannacha, déanfar measúnú ar an riachtanas do dhaoine le Gaeilge agus, nuair is gá agus is cuí, cuirfear fo-phainéal de dhaoine le Gaeilge le chéile.

Is amhlaidh freisin go n-áirítear i bplean forfheidhmithe na Roinne Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe don Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030 bearta atá dírithe ar an soláthar seirbhísí trí Ghaeilge sa státseirbhís a fhorbairt. Sa chomhthéacs sin, tá conradh ag Foras na Gaeilge le Gaelchultúr Teoranta faoi láthair le hoiliúint sa Ghaeilge a chur ar fáil don tseirbhís phoiblí. Ó 2011 go dtí seo, tá tuairim is 1,200 seirbhíseach poiblí as níos mó ná 80 comhlacht Stáit tar éis freastal ar chúrsaí a reáchtáil Gaelchultúr Teoranta. Ina theannta sin, thug níos mó ná 400 fostaí de chuid an Rialtais, as níos mó ná 20 comhlacht sa tseirbhís phoiblí, faoi theastas Ghaelchultúr sa Ghaeilge ghairmiúil.

Tá earcú líon leordhóthanach de chainteoirí Gaeilge sa tseirbhís phoiblí ag croílár na n-iarrachtaí d’fhonn forálacha Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 a chur i bhfeidhm. Tar éis athbhreithniú a dhéanamh ar an Acht sin, foilsíodh Cinn Bhille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) in 2014. Rinneadh an Bille sin a dhréachtú ar aon dul leis an scéim ghinearálta. Rinneadh cinneadh, i ndiaidh chruinniú deireanach an choiste Rialtais, gan é a fhoilsiú go dtí go ndéanfaí athbhreithniú ar na moltaí reachtaíochta a bhí ann.

Ós rud é go bhfuil sé de fhreagracht ar gach Roinn a riachtanais maidir leis an nGaeilge a shainaithint agus aghaidh a thabhairt orthu, d’iarr mé ar m’oifigigh le déanaí plé a thosú lena gcomhpháirtithe i Ranna eile agus sna príomhfhorais phoiblí, lena n-áirítear an Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe, le scrúdú a dhéanamh ar a gcuid riachtanas i dtaca le daoine atá feidhmiúil go dátheangach. Tá an plé sin ar bun faoi láthair.

Mar fhocal scoir, a Chathaoirligh, ba mhaith liom mo bhuíochas a chur in iúl arís as ucht an deis a fháil labhairt sa Seanad inniu. Is gnéithe fíor-thábhachtacha dár n-oidhreacht chultúrtha í an Ghaeilge agus an Ghaeltacht agus is onóir agus pribhléid domsa an deis a fháil mo chion féin a dhéanamh mar Aire Stáit sa Rialtas seo chun tacú le caomhnú agus forbairt na Gaeilge mar chuid bheoga agus shainiúil dár gcultúr comhaimseartha.

Aithním agus tuigim go maith gur ag obair i gcomhar lena chéile agus ar bhonn tras-Rialtais is fearr a bhainfimid torthaí fónta amach chun an ghné lárnach seo dá gcultúr a thabhairt slán don chéad ghlúin eile.

Cé go bhfuil an Rialtas tiomanta gach is féidir a dhéanamh chun an Ghaeilge a chur chun cinn, tá todhchaí na teanga ag brath go príomha ar an bpobal. Tá a fhios againn go bhfuil tromlach an phobail dearfach i leith na teanga. Is fúinn atá sé ag leibhéal an stáit an timpeallacht chuí a chothú le go mairfidh an Ghaeilge go bisiúil mar chuid fholláin de Stát dátheangach. Is cinnte gur féidir linn uilig féachaint ar an dóigh gur féidir linn féin níos mó úsáid a bhaint as ár gcuid Gaeilge le linn ár gcuid oibre laethúil sa Seanad agus sa Dáil, ach go háirithe agus Seachtain na Gaeilge orainn as seo go Lá Fhéile Phádraig, an Aoine seo chugainn. Ag deireadh an lae, beatha teanga í a labhairt agus mar a deirtear i mana na féile seo – ‘Bain Triail Aisti’.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.