Seanad debates

Wednesday, 8 March 2017

Seachtain na Gaeilge: Statements

 

10:30 am

Photo of Trevor Ó ClochartaighTrevor Ó Clochartaigh (Sinn Fein) | Oireachtas source

Cuirim céad fáilte roimh an Aire Stáit. Is maith an rud go bhfuil sé ar ais anseo ag caint faoina pholasaithe ó thaobh na Gaeilge de taobh istigh de chúpla seachtain. Fáiltím roimhe sin. Níor mhaith liom go mbeadh muid i gcónaí ag caint trí mheán na Gaeilge díreach faoi chúrsaí Gaeilge. B'fhearr liom go mbeadh a thuilleadh díospóireachtaí againn maidir le hábhair eile trí mheán na Gaeilge ó am go chéile, ach de réir a chéile a thógtar na caisleáin.

Déanaim comhghairdeachas leis an dream ar fad atá bainteach le Seachtain na Gaeilge, cé gur ainm b'fhéidir míchruinn é sin ar an rud atá ag tarlú mar tá coicíos d'imeachtaí ar bun i ngach áit agus inár bpobail féin ar fad. Tá siad ag tarlú ar fud an domhain. Is iontach go deo an rud é an dul chun dinn atá á dhéanamh ag na pobail éagsúla. Tréaslaím leis na heagraíochtaí atá luaite ag an Seanadóir Reilly. Ní rachaidh mé tríothu arís uilig.

Ba mhaith liom buíochas a ghabháil agus comhghairdeachas a dhéanamh leis na meáin Gaeilge. Déanann siad sárobair, go minic ar buiséid i bhfad níos lú ná buiséid na meán i mBéarla ó thaobh clúdach a thabhairt don méid a bhíonn ag tarlú ó thaobh na Gaeilge de chomh maith leis na scoileanna agus mar sin de.Tá sé tábhachtach freisin aitheantas a thabhairt d'fhostaithe an Stáit atá ag feidhmiú trí mheán na Gaeilge. Feicim go bhfuil stiúrthóir nua na Gaeilge, Aodhán MacCormaic, leis an Aire Stáit inniu. Gabhaim gach dea-ghuí air ina chuid oibre mar Stiúrthóir na Gaeilge sa Roinn. Gabhaim buíochas le feidhmeannaigh na Roinne ar fad agus an dream atá ag obair leis na heagraíochtaí Stáit atá ag plé le cúrsaí trí mheán na Gaeilge chomh maith. Déanann siad sár-obair cé go mbíonn siad go minic faoi bhrú ó thaobh buiséid nó áiseanna.

Ós rud é gur phléigh muid cúrsaí ginearálta faoin nGaeilge le deireanaí, ba mhaith liom díriú ar an dualgas atá ann ó thaobh chúrsaí Gaeilge sna Tithe seo. Is é an tAire Stáit féin a dúirt go bhfuil dualgas ar an Stát aeráid bisiúil a chur ar fáil don Ghaeilge. Sílim go bhfuil na pobail ag déanamh sár-oibre i ndáiríre ach tá ceisteanna móra ann maidir leis an aeráid bisiúil seo atá an Stát ag cur chun cinn.

Ó thaobh Thithe an Oireachtais, tréaslaím leis an obair atá ar bun ag Rannóg an Aistriúcháin. Agus muid ag caint anseo, tá duine éigin ag déanamh ateangaireachta comhuainí - glacaim leis - agus bíonn an t-am ar fad. Tugann siad an-tacaíocht dúinn agus go minic ní thugtar faoi deara go bhfuil siad ann. Gabhaim míle buíochas leo. Rinne siad freisin an leagan leasaithe den chaighdeán oifigiúil a fhoilsiú, rud a cuireadh mór-fháilte roimhe.

An rud atá feicthe agamsa leis na blianta beaga anuas agus mé sna Tithe seo ná go bhfuil an t-uafás Gaeilgeoirí sna Tithe. Tá Gaeilge ag cuid mhaith de na tuairisceoirí parlaiminte a bhíonn ag tógaint na nótaí de gach rud a bhíonn muid ag rá agus ag cuid mhaith de na feidhmeannaigh a bhíonn ag obair sna Tithe. Na huiseirí a bhíonn ag cur fáilte romhainn agus muid ag teacht isteach agus amach, tá cuid acu líofa agus tá go leor eile acu ag foghlaim Gaeilge. Labhraíonn siad Gaeilge liomsa an chuid is mó den am, nuair a bhíonn siad in ann. Is féidir liom mo bhéilí a ordú trí mheán na Gaeilge agus labhraim Gaeilge le lucht foirne na bialanna. Tá cuid acu atá líofa agus cuid acu as ceantair Ghaeltachta. Is féidir liom dul isteach sa mbeár agus cupán caifé a fháil trí mheán na Gaeilge - rud atá go maith. Ní bhíonn aon chead agam aon phionta a ordú i ndáiríre, ach an caifé ar a laghad. Tá daoine le Gaeilge sa rannóg cumarsáide chomh maith. Chomh maith céanna, tá Gaeilge mhaith ag cuid mhaith de na hiriseoirí atá ag obair sna Tithe agus atá ag tuairsciú ar an méid a bhíonn ag tarlú.

Tá Gaeilgeoirí sna páirtithe éagsúla agus, mar fheiceann muid inniu, tá ionadaithe tofa atá ag seasamh ar a gcosa sna Tithe seo a bhfuil Gaeilge ar a dtoil acu agus tá cuid eile acu á fhoghlaim. Is iomaí clamhsán a bhíonn agam le hionadaithe tofa maidir le ceisteanna polasaí ach ní bhfuair mé locht riamh ar aon duine - Seanadóirí nó Teachtaí Dála - a dhéanann iarracht ó thaobh na Gaeilge. Molaim iad ar fad as an iarracht atá siad ag déanamh agus tabharfaidh mise chuile tacaíocht dóibh nuair atá siad i mbun na hoibre sin.

Faraor, teipeann ar an gcóras anseo go rialta. Bhí cruinniú le deireanas ag an gcomhchoiste um maoiniú ar sholáthar sheirbhísí uisce tí sa todhchaí ar a raibh finné ann ag iarraidh a chuid cainte a thabhairt as Gaeilge. Nuair a dúradh leis nach raibh na hacmhainní ar fáil sa seomra coiste sin, cuireadh an seisiún ar fionraí chun teacht ar réiteach. Ar deireadh, dúradh leis a chuid cainte a thabhairt as Béarla. Faraor, cé gur labhraítear an Ghaeilge go minic sa Teach seo agus go ndéantar ateangaireacht chomhuaineach air, ní fhaightear tuairisc nó cur síos ar an méid sin sna meáin. An uair seo, áfach, bhí go leor scríofa faoi easpa sheirbhís ateangaireachta agus fiú daoine ag ceistiú cén fáth go bhfuil an tseirbhís ann sa gcéad áit. Má táimid ag iarraidh teachtaireacht dhearfach a sheoladh ón áit seo le linn Sheachtain na Gaeilge, ba chóir dúinn ár gcuid gnóthaí féin a bheith in ord is in eagar ar dtús sna Tithe seo.

Is rathúil an chaint a rinne le deireanaí ar Acht na Gaeilge ó Thuaidh. Aontaíodh an méid seo ag Comhaontú Chill Rimhinn agus táthar ag iarraidh múnla an Achta seo a bhunú ar dhea-chleachtas idirnáisiúnta, go háirid ag díriú ar shampla na Breataine Bige agus ar shampla Cheanada. Chonaic mé féin, nuair a bhí mé ar thuras anonn go dtí an Comhthionól sa Bhreatain Bheag, gur féidir le ball parlaiminte ar bith an Breatnais a úsáid in áit ar bith ag am ar bith le linn a chuid oibre. Ní gá fógra a thabhairt roimh ré má tá an ball le dul ag labhairt as Breatnais i gceann de na comhchoistí. Is féidir díreach dul isteach agus labhairt. Go deimhin, cuirtear an méid a bhíonn á rá i mBéarla ar fáil i mBreatnais an lá arna mhárach le bheith ar fáil sa gcaoi go bhfuil taifead oifigiúil Stáit ó thaobh na Breatnaise de ar gach a ndeirtear i mBéarla agus i mBreatnais.

Inné bhí raic eile sa Teach seo mar gheall ar cheist a chur mo chomhghleacaí an Teachta Peadar Tóibín ar an Aire Ealaíon, Oidhreachta, Gnóthaí Réigiúnacha, Tuaithe agus Gaeltachta. Is minic a bhíonn conspóid sna Tithe seo faoi cé acu an bhfuil nó nach bhfuil an córas ateangaireachta agus na cluasán a théann leis ag feidhmiú i gceart. Is cur amú airgid foireann a bheith fostaithe nuair nach bhfuil an t-airgead nó an cúram céanna á léiriú i dtaobh an trealaimh. Bhí ateangairí ar fáil agus bhíodar ag cur an aistriúchán ar fáil, ach theip ar an gcóras teicniúil. Is mór an trua í sin. Arís, bhí na meáin ag trácht faoi cé chomh greannmhar is a bhí sé Aire Gaeltachta ag brath ar chóras ateangaireachta chun Gaeilge a thuiscint ar Lá na Gaeilge agus nach raibh an córas ag obair fiú. Is náireach an rud é sin do na Tithe seo.

Bhí bua le deireanaí ag Conradh na Gaeilge san Ard-Chúirt i mBéal Feirste agus tréaslaím leis an gconradh as ucht an cás sin a thógáil. Tá dualgas ar an bhFeidhmeannas ó Thuaidh straitéis a chur i bhfeidhm maidir le hAcht na Gaeilge a chur chun cinn. Cuirim i gcuimhne don Aire Stáit agus don Rialtas go bhfuil dualgas ar an Rialtas, mar chomh-shínitheoirí ar Comhaontú Aoine an Chéasta, brú i bhfad níos mó a chur ar Rialtas na Breataine agus ar na páirtí polataíochta ó Thuaidh Acht na Gaeilge a chur i bhfeidhm.

Mar a dúirt an tAire Stáit, i mí Dheireadh Fómhair seo caite sheol an Taoiseach polasaí an Rialtais i leith oideachas Gaeltachta ó 2017 go 2022. Seoladh é i mo pharóiste féin ar an gCeathrú Rua. Bhí an tAire Stáit ann. Féachann an polasaí seo le hoideachas trí mheán na Gaeilge a láidriú. Féachann sé freisin le cur le líon na ndaoine a labhraíonn an Ghaeilge sa Ghaeltacht mar theanga bheo. Faoin straitréis nua, ní bhainfidh scoil stádas Gaeltachta amach ach amháin nuair atá gach rud á mhúineadh trí mheán na Gaeilge.

Chun soláthar agus caighdeán na múinteoirí a fheabhsú, tá clár nua ann le hoiliúint Gaeilge a chur ar mhúínteoirí, ach níor thosaigh an Roinn Oideachais agus Scileanna ag leagan amach an próiseas chun tairiscintí don chúrsa sin a chur i bhfeidhm fós. Bhí clamhsáin faoi seo ó eagraíochtaí ar nós an INTO a d'ardaigh ceist faoi seo. Munar féidir an tairiscint a chur amach ó thaobh an Roinne Oideachais agus Scileanna leis an gcúrsa a chur ar bun, cén chaoi is féidir a chinntiú go mbeidh oiliúint ann le múinteoirí a chur ar fáil i mí Mheán Fómhair seo chugainn, rud a chiallódh go mbeidh an Rialtas i bhfad taobh thiar de na spriocanna? Caithfidh na soláthraithe an beart féin a dhéanamh.

An bhfuil an tAire Stáit sásta leis an méid sin? Céard tá sé chun a dhéanamh le déanamh cinnte go dtarlóidh rudaí le gur féidir múinteoirí breise, mar atá geallta, a chur ar fáil i mí Mheán Fómhair seo chugainn. Tá daoine an-imníoch go gcuirfeadh an moill seo isteach ar scoileanna a bheith in ann na cuspóirí atá sa pholasaí oideachas Gaeltachta a bhaint amach. An féidir leis an Aire Stáit muid a chur ar an eolas maidir leis an bpróiseas tairisceana faoi láthair agus cá seasann sé? An féidir leis muid a thabhairt suas chun dáta arís ar céard iad na spriocanna den pholasaí a bheidh á bhaint amach i mbliana?

Tá ceisteanna móra maidir le gnóthaí eile anseo sna Tithe seo. Tá cuid mhaith reachtaíochta fós nach bhfuil aistrithe go Gaeilge. Braithim gur de bharr easpa acmhainní ó thaobh Rannóg an Aistriúcháin é sin. Ó thaobh Acht na dTeangacha Oifigiúla, táimid ag fanacht go dtiocfaidh an tAire Stáit chun cinn leis an mBille sin ó thaobh an Acht a láidiriú. Tá acmhainní láidir déanta ag pobal na Gaeilge go ndéanfaí sin mar ní féidir linn ár gcuid cearta a bhaint amach mar saoránaigh mura bhfuil Acht na dTeangacha láidrithe.

Ó thaobh fostaíocht sa Státseirbhís, bhí díospóireacht an-mhaith sa gComhchoiste Gaeilge, Gaeltachta agus Oileáin anseo inné. Bhí dream ó Ghaelcholáiste an Eachréidh, Gaelcholáiste Choilm agus Pobalscoil Chloich Cheannfhaola ag labhairt linn. Bhíodar thar barr ar fad. D'ardaigh duine acu an pointe seo: Nuair a cuireadh ceist ar na Ranna Stáit ar fad cé mhéad duine ó thaobh an Státchórais a bhí ag teastáil le freastal ar phobal na Gaeilge, dúirt siad gur 15 duine a bhí ag teastáil. Sin as 18,000 atá fostaithe sa Státseirbhís. Dar liomsa, ní ghlacann an Stát leis go bhfuil an gá seo le i bhfad i bhfad níos mó daoine atá inniúil ar an nGaeilge. Sa gcomhchoiste sin, tá an Taoiseach agus na hAirí, a bhfuil an dualgas orthu maidir leis an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge, ag fanacht glan orainn. Níor tháinig siad isteach ar an gcomhchoiste dubh, bán nó riabhach go fóill.

Caithfimid aitheantas a thabhairt ó thaobh an obair atá á dhéanamh ach, i ndáiríre, ó thaobh na Tithe seo agus ó thaobh an Rialtais de, tá i bhfad i bhfad níos mó le déanamh. Coinnigh muid an Rialtas faoi bhrú. Tuigim go bhfuil an tAire Stáit féin go pearsanta ag iarraidh na rudaí seo a bhrú chun cinn ach caithfear tiomantas iomlán Rialtais a bheith taobh thiar de na hiarrachtaí seo.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.