Seanad debates
Tuesday, 6 October 2015
Commencement Matters
Departmental Budgets
2:30 pm
Joe McHugh (Donegal North East, Fine Gael) | Oireachtas source
Tá díospóireacht leathan ar intinn an Seanadóir inniu. I dtosach báire, cuirim fáilte roimh an deis atá tugtha dom ag mo chuid chomhghleacaithe sa Seanad léargas gairid a thabhairt ar sheasamh caiteachais na Roinne Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta ag deireadh na bliana 2014. I dtosach báire, ní raibh fo-chaiteachas de €8 milliún i gceist in 2014. Leagtar amach i dtuarascáil an Ard Reachtaire Cuntas agus Ciste do 2014, a foilsíodh an tseachtain seo imithe thart, na figiúirí ábhartha.
Taispeánann an tábla ar leathanach 7 den chuntas leithreasa don Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta gurbh é €263.897 milliún an t-ollsoláthar caiteachais a vótáil an tOireachtas don Roinn do 2014 agus gurbh é €257.166 milliún an táirgeacht. Sin difríocht de €6.731 milliún. Léiríonn tuarascáil an Ard Reachtaire Cuntas agus Ciste freisin gur tugadh ar aghaidh 92% den iarmhéid sin i gcomhair caiteachais in 2015 agus géilleadh an fuílleach de bheagán os cionn €500,000 don Státchiste. Is gnáthghné de chuntasaíocht an Rialtais i ngach Roinn airgead a bhaineann le tionscadail chaipitil, a reáchtáiltear thar bhlianta féilire, a thabhairt ar aghaidh.
Tabharfaidh mé tuilleadh eolais anois ar na ceisteanna seo. Ba é €259.458 milliún soláthar iomlán an mheastacháin a vótáil an tOireachtas i gcomhair na Roinne don bhliain 2014. Chuimsigh sé sin ollsoláthar caiteachtais vótáilte de €263.897 milliún lúide fáltais mheasta de €4.439 milliún. Ag deireadh na bliana ba ionann an táirgeacht iarbhír agus €251.262 milliún. Sin difríocht de €8.196 milliún ón mbun-mheastachán de €259.458 milliún. Trí rud is cúis leis an difríocht seo. An chéad chúis ná beagnach €500,000 de choigiltí i gcostais riaracháin. An dara chúis ná €1.465 milliún i bhfáltais a bhí níos airde ná mar a bhíothas ag súil leis, nach mór a ghéilleadh don Státchiste mura vótálann an tOireachtais ar son a mhalairt. An tríú chúis ná €6.216 milliún i gcaipiteal a choinnigh an Roinn agus a tugadh ar aghaidh in 2015.
I ndáil leis an ollsoláthar caiteachais vótáilte de €263.89 milliún, ba €257.166 milliún an t-ollchaiteachas iarbhír agus b'shin €6.731 milliún níos lú ná an meastachán, mar a luaigh mé ag an tús. Seo a leanas mar a baineadh na coigiltí sin amach. Fuarthas coigiltí de beagnach €500,000 as bainistiú stuama ar chostais riaracháin ar nós taisteal agus cothabháil, seirbhísí comhairleoireachta agus teicneolaíochta faisnéise. Géilleadh an choigilt riaracháin sin don Státchiste ag deireadh 2014. Ní mór don Roinn coigiltí den sórt sin a ghéilleadh ach amháin má tá a mhalairt údaraithe go sonrach ag an Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe.
Bhí coigiltí €6.216 milliún ar chaipiteal ann. Tháinig na coigiltí sin chun cinn ar na cúiseanna seo a leanas. Tháinig €4.75 milliún as ionad imeachtaí Chorcaí ós rud é nár úsáideadh an soláthar ceadaithe mar gheall ar chastacht an tionscadail agus mar gheall gur thóg an próiseas tairisceana níos mó ama ná mar a bhíothas ag dréim leis. Tháinig €1.216 milliún as Deich mBliana na gCuimhneachán 1912-1922 de bharr an dul chun cinn a bhí ní ba mhoille ná mar a bhíothas ag súil leis i dtaca le roinnt tionscadal comórtha, go príomha ionad taispeántais léirmhínitheach Ard-Oifig an Phoist. Tháinig €250,000 as Teach an Phiarsaigh, áit a ndearnadh coigilt de bharr nach ndearnadh dul chun cinn ar an tionscadal chomh sciobtha agus a bhíothas ag dréim leis, mar gheall, go príomha, ar cheisteanna a bhain le talamh a fháil.
É sin ráite, níor chaill an Roinn aon cheann de na coigiltí sin, mar gur tugadh iomlán an €6.216 milliún ar aghaidh trí ghéilleadh iarchurtha sa dóigh is go dtiocfadh leis an Roinn an t-airgead a úsáid in 2015. Mar is eol don Seanadóir, is córas é seo faoi alt 91 den Acht Airgeadais 2004 trína bhféadfaidh Roinn suas le 10% dá cuid caipitil a thabhairt chun cinn trí ghéilleadh iarchurtha go dtí an bhliain ina dhiaidh sin, lena chaitheamh le linn na bliana sin ar chláir tosaíochta caipitil.
Mar sin de, tugadh an €6.216 milliún ar aghaidh go 2015 le caitheadh mar seo a leanas. Bhí €1.216 milliún le caitheamh ar Dheich mBliana na gCuimhneachán,€1 milliún le caitheamh ar ionad imeachtaí Chorcaí, €3.75 milliún le caitheamh ar oidhreacht nádúrtha, an tSeirbhís Páirceanna Náisiúnta agus Fiadhúlra, agus €250,000 le caitheamh ar Theach an Phiarsaigh. Mar shampla, rinneadh an €250,000 den choigilt a bhain le tionscadal Gaeltachta Theach an Phiarsaigh a thabhairt ar aghaidh lena húsáid in 2015. Tá tabhairt ar aghaidh na gcoigiltí caipitil chun na críocha sin leagtha amach san imleabhar meastachán athbhreithnithe do 2015 agus iad faofa ag an Oireachtas.
I dtaca le soláthar fáltas réamh-mheasta 2015 de €4.439 milliún, ba é €5.904 milliún fáltais iarbhír na Roinne, arbh ionann sin is €1.465 milliún d'airgead breise isteach don Státchiste. Tharla sin de bharr méadú ar líon na gcuairteoirí ar áiseanna ar nós Páirc Náisiúnta Chill Airne agus Teach Mhucrois agus tá sé i gcomhréir leis an méadú ar líon na dturasóirí a tugadh faoi deara ar fud na tíre le blianta beaga anuas. Ní mór don Roinn insreabhadh méadaithe den sórt sin a ghéilleadh ach amháin má údaraíonn an tOireachtas go sonrach a mhalairt.
Go hachomair, mar sin, rinneadh an difir de €8.196 milliún atá luaite thuas a thabhairt ar aghaidh go 2015 lena úsáid ag an Roinn nó a ghéilleadh don Státchiste i ndiaidh é a fháil mar gheall ar bhainistiú stuama ar chaiteachais riaracháin agus fáltais fheabhsaithe isteach sa Roinn.
Is í an teachtaireacht is mó a ba mhaith liom a chur in iúl anseo inniu ná gur tugadh ar aghaidh aon choigiltí a bhí ar fáil i Vóta mo Roinne agus a d'fhéadfaí a thabhairt ar aghaidh lena n-úsáid in 2015 agus gur méideanna beaga a bhí i gceist leis na coigiltí eile a d'eascair as bainistiú stuama ar chostais riaracháin. Tá dea-theist ar mo Roinnse maidir lena chinntiú go n-úsáidtear na hacmhainní a leithdháiltear ar a réimsí cláir ar an mbealach is éifeachtaí is féidir. Ní mór a rá thar aon rud eile gur caitheadh, nó gur tugadh ar aghaidh le húsaid i mbliana, isteach is amach le 99.8% den mhaoiniú uile a vótáladh do mo Roinn.
No comments