Seanad debates
Tuesday, 6 October 2015
Commencement Matters
Departmental Budgets
2:30 pm
Trevor Ó Clochartaigh (Sinn Fein) | Oireachtas source
Cuirim céad fáilte roimh an Aire Stáit. Táim ag ardú ceiste bunaithe ar thuairiscí sna meáin agus ar thuarascáil a d'fhoilsigh an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste an tseachtain seo caite maidir le caiteachas na Roinne Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta. Bhí mé ag éisteacht ar maidin lena mhuintir féin as Tír Chonaill ag caint faoin easpa caiteachais atá ar na hoileáin Gaeltachta ó thuaidh i dTír Chonaill. Is dócha go gcuireann sé olc orthu i ndáiríre píre nuair a chloiseann siad go bhfuil €8 milliún den bhuiséad a bhí ag an Roinn nach bhfuil caite. Cuireann sé olc ar go leor daoine ar fud na Gaeltachta atá ag plé le tograí éagsúla agus a bhíonn ag déanamh éilimh ar an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta ar thacaíocht airgid toisc go ndeirtear leo nach bhfuil an t-airgead sin ar fáil.
Ba mhaith liom soiléiriú a fháil ón Aire Stáit ar an chaoi a bhféadfadh sé seo a tarlú. Cén chaoi nár chaith an Roinn €8 milliún den bhuiséad a bhí ann? De réir an taithí atá agam féin ag plé le tograí ar an talamh, caithfidh mé adhmháil go raibh Roinn na Gaeltachta, go háirithe, an-mhaith ag deireadh na bliana, sna blianta a caitheadh, má bhí airgead fágtha sa chiste, ag tabhairt tograí eile chun cinn. Tograí iad seo a bhí réidh le himeacht. Bhí an Roinn ábalta an t-airgead a chur ar fáil do thograí, b'fhéidir, nach raibh ar bharr an liosta i dtosach báire ach a tháinig chun cinn de bharr go raibh airgead fágtha sa bhuiséad.
Tá sé dochreidte nach gcuirfí an t-airgead ar fad atá ar fáil don bhuiséad Gaeilge, Gaeltachta, ealaíon agus oidhreachta ar fáil don phobal a bhfuil sé sin ag dul dóibh. Léiríonn sé seo domsa cineál mí-stuamacht ó thaobh bhainistiú airgid agus ó thaobh ábaltacht na Roinne na tograí a bhí an Roinn ag plé leo a thabhairt chun cinn sách sciobtha nó léiríonn sé nach raibh an Roinn ag déanamh an faisnéis airgeadais agus cuntasaíochta de réir a chéile i rith na bliana le go mbeadh a fhios ag an Roinn go mbeadh farasbarr i dtreo deireadh na bliana agus go bhféadfaí sin a roinnt ar thograí fiúntacha eile.
Ní gá dom ach dul tríd chuid de na tograí éagsúla atá fíor-thábhachtach dúinn ó thaobh phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta. Bíonn muid á bplé anseo go rialta. Ó thaobh an phleanáil teanga, ní leor an méid airgid atá curtha ar fáil. Tá sé sin ráite ag an Aire Stáit é féin roinnt uaireanta. Nuair a fheiceann muid go bhfuil milliúin curtha ar ais ó Roinn na Gaeltachta nach raibh caite in 2014, is é an trua nach raibh sé sin curtha ar fáil le caitheamh ar an bpleanáil teanga do na grúpaí pobail sin atá ag iarraidh an teanga a chur chun cinn. Tá na comharchumainn bánaithe ag Roinn na Gaeltachta le roinnt blianta anuas. Bhí sé sin ag tosú sula raibh Rialtas an Aire Stáit tagtha i gcumhacht, leis an gceart a thabhairt, ach is trua é nach bhféadfaí airgead breise a chur ar fáil dóibh siúd. Tá go leor tograí éagsúla ag na comharchumainn ar fad ó thuaidh, ó dheas agus san iarthar agus mar sin de agus obair fiúntach á dhéanamh acu a bheadh an-tábhachtach sna ceantair Ghaeltachta agus a bhainfeadh an-leas go deo as an airgead sin.
Bhí cás an-bheag ag an irisleabhar An tUltach. Ní raibh na daoine ansan ag lorg ach €20,000 le fanacht ag imeacht ó thaobh an foilsiúchán sin a chur i gcló. Léirigh siadsan a gcuid díoma an tseachtain seo caite nuair a chonaic siad go raibh €8 milliún á chur ar ais agus nach bhféadfaí €20,000 de sin a bhaint as an gciste agus a thabhairt dóibh siúd le deis a thabhairt dóibh maireachtáil. Tá grúpaí ealaíne agus amharclainne ar fud na tíre. Táimid ag cloisteáil go bhfuil ganntan airgid ag na hinstitiúidí cultúrtha, go bhfuil gearradh siar déanta ar na huaireanta oscailte agus go bhfuil deacrachtaí acu ó thaobh líon foirne.
Tá Teach an Phiarsaigh luaite go sonrach sna hailt a fhoilsíodh an tseachtain seo caite a luann nár caitheadh €250,000 air. Cuireann sé sin olc orm. I bhfad sula raibh an tAire Stáit ceaptha mar Aire Stáit, bhí muid ag ardú cás Theach an Phiarsaigh, ag rá go raibh brú ama ann ó thaobh 2016 de agus go raibh gá an áit a bheith réitithe. Cuireann sé olc orainn nuair a fheicfimid gur cuireadh ar ais €4 milliún toisc nach raibh an Roinn agus an dream a bhí ag plé leis an obair sin á dhéanamh sách sciobtha.
Gearradh buiséad caipitil Údarás na Gaeltachta ó €26 milliún in 2008 anuas go dtí €5 milliún. D'ardaigh sé rud beag anuraidh ach tá ganntan airgid caipitil ar Údarás na Gaeltachta ó thaobh chruthú fostaíochta sa Ghaeltacht. Cén fáth nár tugadh cuid den airgead dó sin? Ghearr an Roinn an deontas ó thoabh an bháid farrantóireachta go hInis Mór. Dúirt an Roinn nach raibh dóthain airgid sa chiste. Bhí deacrachtaí againn le deireanaí ó thaobh Aer Arann agus an Roinn ag iarraidh gearradh siar ansin. Tá na hoileáin eile ó thuaidh, mar a luaigh mé, ag lorg sciar níos mó den airgead. Bhí airgead sa bhreis anseo go bhféadfadh a bheith caite ansin ach níor chaith an Roinn é. Tá Comhar na nOileán i bponc agus an chosúlacht air, muna n-aithreoidh cúrsaí, go mbeidh fíor-dheacrachtaí ag an gcomhar an bhliain seo chugainn.
Tá seans ann go mbeidh an Aire Stáit ag rá liom gan bheith buartha agus go bhfuil cuid den airgead sin iompraithe ar aghaidh go dtí an bhliain seo chugainn. De réir mar a thuigim an chaoi ina oibríonn sé, bainfear na milliúin seo as chiste 2015. Dá bhrí sin, tá an t-airgead sin imithe agus ní raibh sé caite. Níl sé seo maith go leor. Níl sé ceart go mbeadh muintir na Gaeltachta, muintir na n-ealaíon nó muintir na hoidhreachta fágtha siar leis ós rud é nach raibh an Roinn ábalta a jab a dhéanamh mar is ceart. Tá súil agam go bhfuil míniú sásúil ag an Aire Stáit dúinn ar an fáth gur tharla sé sin. An féidir an t-airgead sin a fháil ar ais ar bhealach ar bith?
No comments