Seanad debates

Thursday, 7 February 2013

Adjournment Matters

Údarás na Gaeltachta

2:50 pm

Photo of Dinny McGinleyDinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael) | Oireachtas source

Cuirim fáilte roimh an rún atá curtha síos ar an Athló ag an Seanadóir Ó Clochartaigh mar tugann sé deis dúinn an cheist seo a phlé. Chomh fada agus a bhaineann sé leis an Seanadóir agus liom féin, tá tábhacht ar leith ag an ábhar seo do na daoine atá ina gcónaí sa cheantar sin.

Mar is eol don Seanadóir, tá an comhlacht Arramara Teo. ag plé le tionscal na feamainne le blianta fada. Bunaíodh an comhlacht i 1947 agus ó shin i leith tá feamainn á próiseáil aige i gCill Chiaráin, Conamara agus, go dtí 2001, ar an Mhín Mhór, ar an Chlochán Liath i Dún na nGall i mo dháilcheantar féin. Ón bhliain 1947 go dtí an bhliain 2006, ba le Ranna Stáit difriúla an tromlach de scairshealbhaíocht an chomhlachta agus ba le húinéirí príobháideacha an fuílleach.

Tá Arramara Teo. faoi lán-úinéireacht Údarás na Gaeltachta ó mhí Dheireadh Fómhair 2006 nuair a díoladh scairshealbhaíocht an Stáit sa chomhlacht le hÚdarás na Gaeltachta ar luach ainmniúil. Ba é an bunús a bhí leis an chinneadh seo ná go raibh freagracht ar an údarás maidir le forbairt eacnamaíoch sa Ghaeltacht, gur luigh gnó feamainne Arramara Teo. go maith le fócas an údaráis ar fhorbairt acmhainní nádúrtha na Gaeltachta i gcoitinne agus go raibh saineolas agus taithí shainiúil ag an údarás ó bheith ag plé le comhlachtaí trádála sa Ghaeltacht le blianta fada.

Ó tharla an comhlacht a bheith faoi lán-úinéireacht Údarás na Gaeltachta, ní mór dom a shoiléiriú nach bhfuil aon ról agamsa mar Aire Stáit i mbainistiú an chomhlachta. Aithním ar ndóigh gur foinse tábhachtach fostaíochta é gnó na feamainne agus go bhfuil fostaíocht fhiúntach curtha ar fáil sa Ghaeltacht ag Arramara Teo. thar na blianta. I láthair na huaire, tuigim go bhfuil 250 bainteoirí feamainne ag soláthar feamainne d'Arramara Teo. Anuas ar sin, tá 21 duine fostaithe sa mhonarcha agus tá seisear eile fostaithe san oifig ag an gcomhlacht. Ar ndóigh, is acmhainn nádúrtha luachmhar é gnó na feamainne agus tairgeann Arramara Teo. feamainn thriomaithe don earnáil talmhaíochta, don earnáil chosmaidí, don earnáil mhuirshaothraithe agus don earnáil ghairneoireachta. Díoltar an fheamainn faoi bhranda Arramara Teo. agus faoi bhrandaí a chuid custaiméirí.

Tuigtear dom go bhfuil feabhas mór tagtha ar ghnó Arramara Teo. ón uair gur ghlac an t-údarás lánúinéireacht ar an chomhlacht i 2006. Tá an comhlacht ag trádáil go brabúsach le roinnt blianta anuas agus tá forbairt agus athchóiriú shuntasach déanta sa mhonarcha ón uair gur ghlac an t-údarás úinéireacht iomlán ar an chomhlacht. Tá táirgíocht an chomhlachta feabhsaithe ó shin i leith. Tá bunphraghas na feamainne ardaithe agus tá cuid mhaith de na fadhbanna a bhí ag an chomhlacht ag deireadh 2006 réitithe. Tuigtear dom ón údarás go bhfuil an comhlacht ag breithníú speiceas eile d'fheamainn mar bhunábhar agus go bhfuil tuilleadh forbartha le déanamh air sin chun margaí nua a aimsiú.

Chuige sin, tá roinnt oibre déanta i gcomhar le hinstitiúidí tríú leibhéal, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh agus Institiúid Teicneolaíochta Thrá Lí san áireamh.

Ní miste dom béim a leagan ar na fíricí seo a leanas sa mhéid is go dtuigtear dom go bhfuil Arramara Teo. brabúsach, go bhfuil sé á bhainistiú go sásúil, go bhfuil an t-éileamh ar a chuid táirgí ag méadú bliain i ndiaidh bliana agus go bhfuil dóthain feamainne ar fáil don chomhlacht i gcónaí. Tuigim go raibh sé soiléir don údarás nuair a glacadh le lán-úinéireacht ar an chomhlacht nach raibh an acmhainn nó an bunús saineolais eolaíochta ag Arramara Teo. chun leanúint ar aghaidh ar bhonn inmharthana sa mhargadh. Dá bhrí sin, cuireadh tús le próiseas sa bhliain 2007 chun comhghuaillíocht straitéiseach a aimsiú chun Arramara Teo. a fhorbairt don todhchaí. Bhí an t-údarás agus bord Arramara Teo. sásta gurb í sin an straitéis ab fhearr don chomhlacht. Bhí sé mar bhun-riachtanas go mbeadh saineolas ag aon pháirtí a roghnófaí a bheadh mar bhunchloch forbartha don chomhlacht chun forbairt a dhéanamh ar tháirgí breisluacha a chuirfeadh leis an tairbhe a bheadh sa chomhlacht don phobal ina bhfuil sé lonnaithe i gCill Chiaráin. Ceapadh comhairleoirí i mí lúil 2010 chun comhghuaillíocht straitéiseach a aimsiú a bheadh in ann an comhlacht a fhás agus a fhorbairt amach anseo. Tuigtear dom ón údarás go bhfuil an próiseas sin fós ar siúl agus go bhfuil spéis léirithe ag comhlachtaí Éireannacha agus idirnáisiúnta in Arramara Teo. Tuigim ón údarás fosta gur glacadh le moladh ag deireadh 2012 tréimhse de thrí mhí a thabhairt do bhord stiúrtha Arramara Teo. chun plean gnó cuimsitheach trí bliana a ullmhú agus a thástáil sula ndéanfaí cinneadh críochnúil faoi thodhchaí an chomhlachta i gcomhthéacs páirtí nó úinéir nua a aimsiú.

Mar fhocal scoir, tá mé thar a bheith dóchasach go rachaidh an próiseas atá idir lámha ag Údarás na Gaeltachta chun leasa an chomhlachta Arrramara Teo., a chuid fostaithe, lucht bainte feamainne agus na hearnála i gcoitinne. Aithníonn an t-údarás an poitéinseal fáis agus forbartha atá ag an earnáil nádúrtha seo agus is chuige sin atáthar ag féachaint chun bonn láidir a chur faoin chomhlacht don am amach romhainn.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.