Seanad debates

Thursday, 7 February 2013

Adjournment Matters

Údarás na Gaeltachta

2:50 pm

Photo of Trevor Ó ClochartaighTrevor Ó Clochartaigh (Sinn Fein) | Oireachtas source

Cuirim céad fáilte roimh an Aire Stáit tar éis oíche fhada, laethanta suimiúla agus neart díospóireachtaí suimiúla atá ag tarlú sa Teach eile faoi láthair. Táim an-bhuíoch dó as ucht an díospóireacht seo a ghlacadh.

Ar ndóigh, ní hé seo an chéad uair againn an t-ábhar seo a plé, ábhar atá gar do chroí na beirte againn - Arramara Teoranta, comhlacht feamainne a bhí faoi úinéireacht Stáit atá i láthair na huaire faoi Údarás na Gaeltachta. Siar sna caogaidí bhí sé faoi úinéireacht Stáit. Bhí cúpla monarchan acu go dtí le roinnt blianta anuas, ach tá an phríomh monarcha fanta acu, i gCill Chiaráin. Tá riar mhaith daoine sa gceantar sin ag brath ar an fhostaíocht sin, idir na daoine atá ag obair sa mhonarcha, na daoine atá ag iompar feamainne agus na bainteoirí feamainne atá ag cur ábhair ar fáil don mhonarcha sin. Tá na céadta díobh ar fud chósta an iarthair, agus iad ag saothrú go crua agus go dícheallach.

In aimsir na géarchéime eacnamaíochta agus nuair a bhí cúrsaí go maith bhí daoine ag baint feamainne, acht tá tuairimíocht an-láidir ann nach bhfuil muid ag baint an leasa is fearr as an tionscal sin. Sílim go bhfuil an bheirt againn aontaithe go bh'féadfaí toradh i bhfad níos fearr a bhaint as an amhábhar feamainne atá ar chósta an iarthair agus go bh'féadfaí ábhair breisluacha a dhéanamh a chuirfeadh táirgí breise ar fáil go bh'féadfaí a dhíol ar fud an domhain. Tá cósta álainn glan againn agus feamainn den chéad scoth againn agus mar sin de.

De réir mar a thuigim, chuaigh an comhlacht a bhí faoi úinéireacht na Roinne Mara isteach faoi scáth Údarás na Gaeltachta roinnt blianta ó shin, ach tá neamhchinnteacht ó shin faoi chén todhchaí atá i ndán don chomhlacht. Bhí imní ann ar feadh tamaill go raibh sé le dúnadh. Is cosúil go bfhuil roinnt forbartha déanta le roinnt blianta anuas ag Údarás na Gaeltachta, agus is maith sin. Ach, le go mbeidh todhchaí geal ag Arramara Teo., ag lucht bainte feamainne agus ag an tionscal, tá gá le infheistíocht nua. Tuigtear dom go bhfuil comhráite ar bun le fada ag an údarás le páirtnéirí éagsúla ar fud an domhain a mbeadh spéis acu ina leithéid de thionscal, b'fhéidir len é a thógáil ar lámh nó le infheistíocht a dhéanamh ann. De réir mar a thuig mé an t-am deireannach a raibh muid ag plé seo, bhí i gceist go dtiocfadh comhlacht ón Fhrainc isteach agus tar éis idirbheartaíocht leis an údarás go raibh próiseas tairisceana ann. Thuigeas go raibh siad chun infheistíocht a dhéanamh sa chomhlacht le é a mhéadú agus a fhorbairt, ach gur theip ar na h-iarrachtaí sin agus go ndeachaigh an údarás amach arís ag lorg páirtnéireachta eile.

An cheist atá agam inniu ná an bhfuil an tAire Stáit in ann soiléiriú a thabhairt dúinn agus ráiteas a dhéanamh faoi thodhcaí Arramara Teo.? An bhfuil sé chun fanacht go hiomlán in úinéireacht an Stáit agus an mbeidh sé ag fanacht faoi scáth Údarás na Gaeltachta? Má tá, an mbeidh Údarás na Gaeltachta ag déanamh athchóirithe nó infheistióchta breise sa mhonarcha? An mbeidh siad ag iarraidh fostaíochta breise a chruthú sa cheantar Gaeltachta, ceantar Chill Chiaráin, áit a dteastaíonn postanna go géar ann? Má tá, céard iad na socraithe a bheid ann maidir le lucht bainte feamainne agus mar sin de?

Cén comhráití atá ar bun le páirtnéirí idirnáisiúnta? An bhfuil páirtnéirí idirnáisiúnta fós ar na bocáin agus má tá, cé chomh fada chun cinn agus atá na comhráití sin? Cé chomh fada chun cinn a mbeidh sé go dtí go mbeidh a fhios againn go cinnte cén todhchaí atá ag an gcomhlacht? Is ábhar spéise don bheirt againn é seo. Táim cinnte go bhfuil an croí san áit chéanna ag an mbeirt againn ar seo. Cé go mbíonn muid ag speáráil go minic, táim cinnte gur bhreá linn an tionscal seo a fheiceáil ag forbairt, b'fhéidir fiú sna ceantair Gaeltachta eile agus sna ceantair tuaithe eile ar fud chósta an iarthair.

Táim an-bhuíoch don Aire Stáit agus táim ag súil go mór leis an freagra a bheidh aige.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.