Seanad debates

Tuesday, 16 October 2012

Houses of the Oireachtas Commission (Amendment) Bill 2012: Committee and Remaining Stages

 

4:55 pm

Photo of Dinny McGinleyDinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael) | Oireachtas source

Arís, tá an méid atá ráite ag an Seanadóir nótáilte agam. Mar a dúirt mé cheana, is Bille teoranta go leor an Bille seo. Tá dhá chuspóir leis - aistriúchán a dhéanamh i ndáil le reachtaíocht agus athbhreithniú tréímhsiúil a dhéanamh ar An Caighdeán Oifigiúil. Sin go díreach an méid lena bhfuil sé ag plé.

Gabhaim buíochas leis an Seanadóir as an méid a bhí le rá aige. Mar adúirt mé, beidh an Bille eile, Bille um Choimisiún Thithe an Oireachtais ag teacht tríd an Teach sa bhliain amach romhainn agus níl fáth ar bith i mo thuairim nach ndéanfaí scrúdú ar leasú den chineál seo ag an phointe sin. Anois, leis an Bille teoranta atá againn agus na cuspóirí atá taobh thiar de, cé gur éist mé leis an méid a bhí le rá ag an Seanadóir agus go bhfuil sé nótáilte againn, níl sé i gceist agam glacadh leis an leasú.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.