Seanad debates

Tuesday, 16 October 2012

Houses of the Oireachtas Commission (Amendment) Bill 2012: Committee and Remaining Stages

 

4:55 pm

Photo of Trevor Ó ClochartaighTrevor Ó Clochartaigh (Sinn Fein) | Oireachtas source

Tá an-díoma orm an freagra sin a fháil, ach tógaim ar bord an méid atá ráite ag an Aire Stáit. Cé gur Bille teoranta é, is leasú teoranta a bheadh i gceist anseo agus ní dóigh liom go gcuirfeadh sé as do aon rud. Bheadh muinín agam as an Aire Stáit, go gcuirfeadh sé san áireamh é agus go dtógfadh sé ar bord é. Ach ní bheadh an oiread muinín agam go nglacfaí le leasú den chineál seo ó fhoinsí eile sa Rialtas nó ó Airí eile. Freisin, níl an Bille eile sin feicthe againn agus ní bheinn ag tnúth go nglacfaí lena leithéid sin ann.

Rud eile, táimid ag tagairt don Aire Chaitheachas Phoiblí agus Athchóirithe, an Teachta Howlin. Caithfear an leasú a chur sa gcomhthéacs leis na rudaí eile atá ar bun aige faoi láthair, mar shampla, maidir leis na liúntais atá á gearradh aige ó thaobh cúrsaí Gaeltachta agus mar sin de.

Léiríonn sé sin easpa muiníne nó easpa tuisceana ar an Aire maidir le cur chun cinn na Gaeilge agus na Gaeltachta. Is duine mise a bheadh i bhfábhar na liúntais Gaeltachta. Tuigim go bhfuil sé tábhachtach go mbeadh siad ann, mar má tá duine, mar shampla, ag múineadh sa Ghaeltacht, tá ábhar faoi leith le réiteach acu agus obair bhreise orthu agus mar sin de, mar chuala muid ar na meáin le cúpla lá anuas. Ba bhreá liom fáil amach cén seasamh atá ag an Aire Stáit féin, mar tá a fhios agam go bhfuil daoine áirithe ina pháirtí atá -----

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.