Seanad debates

Tuesday, 16 October 2012

Houses of the Oireachtas Commission (Amendment) Bill 2012: Committee and Remaining Stages

 

4:45 pm

Photo of Trevor Ó ClochartaighTrevor Ó Clochartaigh (Sinn Fein) | Oireachtas source

D'éist mé go cúramach leis an méid a bhí le rá ag an Aire Stáit. Cé go bhfáiltím roimh a fhreagra, tháinig "mair, a chapaill, agus gheobhair féar" chugam nuair a d'éist mé leis. Tá sé suntasach gur ardaigh sé ceist Oifig an Choimisinéara Teanga. Is mar gheall ar an dea-obair atá ar bun ag an oifig sin go bhfuil an foráil seo á moladh againn. Tá a fhios ag an Aire Stáit go maith gur bhain ceann de na tuarascálacha bliantúla a d'fhoilsigh an oifig le déanaí le Ard-Mhúsaem na hÉireann. Thóg an coimisinéir cás faoi os comhair Tithe an Oireachtais mar gheall nach raibh eagraíocht Stáit ag comhlíonadh a gcuid dualgais, díreach ar an mbunús seo. Bunaithe ar an foráil áirithe seo, dúirt sé nach raibh an eagraíocht ag fostú dóthain daoine le Gaeilge agus go raibh Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 á shárú acu. Fáiltím roimh an fógra go bhfuil scéim teanga gar a bheith réitithe ag Tithe an Oireachtais.

Tá an scéim a bhí ann imithe in éag le fada an lá cé go bhfuil sé fós i bhfeidhm. Thóg sé píosa fada orthu scéim nua a réitiú agus bhí siad ag tarraingt a gcos leis an gceart a rá. Ní hiad féin amháin a bhí sa gcás céanna, mar tá cuid mhaith eagraíochtaí Stáit atá ag tarraingt na gcos agus ag tógaint a gcuid ama ag daingniú scéimeanna faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla. Tugann sin droch comhartha amach.

Ní dóigh liom go gcuirfeadh an leasú atá á moladh againn aon rud as don Bille eile atá le teacht. Léireodh sé dáiríreacht an Aire Stáit, mar Aire Gaeltachta, agus go bhfuil sé dáiríre maidir le cúrsaí Gaeilge sna Tithe seo. Níor mhaith liom go ndéanfaí "ghettoisation" ar an Ghaeilge taobh istigh de Rannóg an Aistriúcháin sna Tithe seo ach an oiread. Tá sin feicthe againn cheana. Mar shampla, go minic nuair a bhíonn daoine ag fáil lochta ar an Roinn Oideachais agus Scileanna, Roinn a bhfuil go leor freagraíochta uirthi maidir le cúrsaí Gaeilge, ceaptar gur é an rannóg Gaeilge taobh istigh den Roinn sin amháin a bhíonn ag plé le Gaeilge agus go bhfuil líon na nGaeilgeoirí sa Roinn sin titithe go mór agus go bhfuil sé an deacair cothrom na féinne a fháil do scoileanna Gaeilge agus Gaeltachta de bharr sin mar gheall ar an easpa fóirne le Gaeilge atá ann.

Sílim go bhfuil an scéal amhlaidh sna Tithe seo, cé go bhfuil pearsain áirithe atá iontach láidir ó thaobh na Gaeilge de. Níor mhaith liom go bhfeicfí meath ag teacht ar sin de réir a chéile, agus nuair a bheidh cuid de na daoine atá láidir ó thaobh na Gaeilge ag imeacht ar phinsean nach gcuirfear daoine ina náit a bhfuil Gaeilge ar a dtoil acu. Sin an t-aon fáth go bhfuil muid ag cur an leasaithe seo chun cinn. D'éist mé leis an freagra a thug an Aire Stáit, ach bheadh amhras orm i dtaobh an "Mair a chapaill agus gheobhair féar" a bhainfeadh le sin. Cé go dtuigim go bhfuil an Aire Stáit féin an-diongbháilte ó thaobh na Gaeilge de, ní fheicim sin ó thaobh an Aire Caiteachas Phoiblí agus Athchóirithe, An Teachta Howlin, go dtí seo sna cinntí atá déanta aige maidir le cúrsaí Gaeilge agus Gaeltachta.

Tá amhras orm freisin ó thaobh cuid den cur chuige de maidir leis an seirbhís poiblí. Is fiú a lua cén fáth nach mbeinn chomh muiníneach sin as an Aire, an Teachta Howlin, ar an cheist seo; baineann seo leis an cheist i dtaobh Acht na dTeangacha Oifigiúla. Táim féin ar an choiste forbhreithniú agus maoirseoireachta nua atá bunaithe faoi scáth an Aire, an Teachta Howlin. Chuir an Coimisinéir Teanga cás os ár gcomhair i dtaobh scrúdú faoi leith a thóg sé i gcoinne An Roinn Coimirce Sóisialaí mar gheall nach raibh an Roinn ag cloí le Acht na dTeangacha Oifigiúla nuair a bhain sé le ardú céime a thabhairt do dhaoine a bhí fostaithe sa Roinn sin. An freagra atá tugtha ag an Roinn sin ná go bhfuil treoir faighte acu ón Aire, an Teachta Howlin gur féidir leo, go bunúsach, neamhaird a dhéanamh de Acht na dTeangacha Oifigiúla mar go bhfuil siad ag cloí le treoirlínte ó Roinn an Aire.

Dá bhrí sin, níl an Aire, an Teachta Howlin, ag léiriú domsa go bhfuil sé diongbháilte ó thaobh na Gaeilge de. Ní bheadh muinín agam as ó thaobh an Bhille atá á lua ag an Aire Stáit. Níl an Bille sin feicthe againn agus níl a fhios againn céard atá ann. Mar sin, b'fhearr liomsa dá bhféadfaí an leasú a chur isteach anseo agus déanamh cinnte de go mbeidh an foráil seo ann. B'fhearr liom a dhéanamh cinnte go bhfuil sé an-soiléir ón Aire Stáit go bhfuil sé ag iarraidh leasa na Gaeilge a chur chun cinn anseo i dTithe an Oireachtais. Ní fheicim aon chostas breise le sin ná ní fheicim cén chaoi a bhféadfadh daoine a chur ina gcoinne. Táim ag súil go mór le freagra an Aire Stáit.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.