Seanad debates

Tuesday, 16 October 2012

Houses of the Oireachtas Commission (Amendment) Bill 2012: Committee and Remaining Stages

 

4:45 pm

Photo of Dinny McGinleyDinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael) | Oireachtas source

D'éist me arís leis an méid a bhí le rá ag an Seanadóir. Ag an bpointe seo, bheadh sé níos oiriúnaí an leasú atá á mholadh ag an Seanadóir a athardú i gcomhthéacs Bille eile atá le tíolacadh níos moille i mbliana. Bainfidh an Bille sin le cúrsaí rialacháin agus rialachais Coimisiún Thithe an Oireachtais i gcoitinne. Socrófar buiséad an choimisiún do na trí bliana amach romhainn, i gcomhréir le polasaithe an Aire Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe, sa reachtaíocht sin. Is Bille níos teoranta an Bille atá á phlé againn faoi láthair, a bhfuil sé mar aidhm aige foráil a dhéanamh maidir le leathnú ról Coimisiún Thithe an Oireachtais i ndáil le reachtaíocht a aistriú agus athbhreithniú tréimhsiúil a dhéanamh ar chúrsaí Gaeilge. Ní miste dom a mheabhrú don Teach go bhfuil scéim teanga faoi réir théarmaí Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 daingnithe i gcás Coimisiún Thithe an Oireachtais. Clúdaíonn an scéim seo na seirbhísí atá á soláthar trí mheán na Gaeilge ag Coimisiún Thithe an Oireachtais. Tá monatóireacht á chur i bhfeidhm agus á dhéanamh ag Oifig an Choimisinéara Teanga. In alt 3(2) den Acht 2003, foráiltear go gcaithfidh comhlachtaí poiblí, agus iad i mbun scéimeanna a dhreachtú, "a chinntiú go bhfuil líon leordhóthanach dá fhoireann inniúil sa Ghaeilge chun go mbeidh siad in ann a sheirbhís a sholáthar trí Ghaeilge chomh maith lena soláthar trí Bhéarla". Ba mhaith liom an deis seo a thapú chun tréaslú le Coimisiún Thithe an Oireachtais, agus Rannóg an Aistriúcháin ach go háirithe, as na seirbhísí trí Ghaeilge a chuireann siad ar fáil. Aontaím ar fad leis an méid a bhí le rá ag an Seanadóir Ó Clochartaigh go bhfuil seirbhís den scoth a sholáthar acu. Tá lúcháir orm gurb é sin an tuiscint atá ag an Seanadóir, chomh maith agus atá sé agamsa ó tháinig mé isteach anseo roinnt blianta ó shin. Mar a dúirt mé roimhe, tá foireann iomlán de bhreis agus 20 duine fostaithe anois ag Rannóg an Aistriúcháin. Is dócha gurb é sin ceann de na huimhreacha is mó a bhí acu riamh. Is saineolaithe ar an Ghaeilge, ar chúrsaí Gaeilge agus ar ghramadach na Gaeilge iad go léir. Dá bhrí sin, ní shílim gur féidir liom glacadh leis an leasú seo. Mar a dúirt mé, beidh Bille eile maidir le Coimisiún Thithe an Oireachtais á phlé againn níos moille sa bhliain. Sílim go mbeadh leasú den chineál seo níos oiriúnaí ag an bpointe sin.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.