Seanad debates

Tuesday, 16 October 2012

Houses of the Oireachtas Commission (Amendment) Bill 2012: Committee and Remaining Stages

 

4:35 pm

Photo of Trevor Ó ClochartaighTrevor Ó Clochartaigh (Sinn Fein) | Oireachtas source

I move amendment No. 4:



In page 10, before section 5, to insert the following new section:
?5.?The Commission may appoint such and so many persons to be members of the staff of the Commission (an adequate number of whom should be competent in the Irish language so as to provide service through Irish as well as English) as it may determine with the consent of the Minister and the Minister for Finance.?.
Séard atá molta againn sa leasú seo ná go bhféadfaidh "an Coimisiún cibé daoine agus cibé líon daoine a cheapadh chun bheith ina gcomhaltaí d'fhoireann an Choimisiúin (a mbeidh inniúlacht sa Ghaeilge ag líon leordhóthanach díobh chun seirbhís a sholáthar trí Ghaeilge agus trí Bhéarla araon) a chinnfidh sé le toiliú an Aire agus an Aire Airgeadais"

Is leasú é seo ar son na Gaeilge a bheidh muid ag cur chun cinn ar Bhillí éagsúla agus séard atá muid ag iarraidh ná gur cóir go mbeadh na Ranna Stáit éagsúla ábalta feidhmiú trí mheán na Gaeilge agus gur cóir go mbeadh foireann acu a mbeadh ábalta an obair sin a dhéanamh go cumasach. Nuair a bhí Micheál D. Ó hUigín ina Aire, chuir sé an cineál seo forála isteach i roinnt mhaith de na hAchtanna a bhain le leithéid an Músaem Náisiúnta agus mar sin de a dúirt gur cóir go mbeadh foireann acu a bheadh in ann feidhmiú trí mheán na Gaeilge. Is cosúil go bhfuil an cleachtadh sin imithe in éag le riar blianta, ach ba mhaith liom an méid a rinne sé a mholadh. Tá muid ag iarraidh an rud céanna a chur chun cinn anseo.

Tacaíonn muid leis an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge, cé go gceistíonn muid dáiríreacht an Rialtais maidir leis na hacmhainní atá á chur ar fáil ina leith sin. Ceann de na rudaí gur féidir leis an Rialtas seo a dhéanamh, nach gcuirfeadh aon chostas breise ar an Stát, ná glacadh le leasú den chineál seo, a dheireann go mbeidh go leor daoine ag obair ar fhoireann Choimisiún Thithe an Oireachtais - an príomh parlaimint atá againn - atá ábalta oibriú trí Ghaeilge agus trí Bhéarla.

Is féidir le duine atá ábalta oibriú trí mheán na Gaeilge oibriú trí mhéan an Bhéarla chomh maith céanna. Níl aon chostas breise don Stát sa mhéid sin. Nílimid ag iarraidh ach go dtabharfar cineál tosaíocht dóibh siúd a bheadh ag obair i dTithe an Oireachtais. Caithfidh mé ard-mholadh a thabhairt do chuid mhaith den fhoireann anseo. Níl mise anseo ach cúpla lá fliuch, mar a déarfadh an Aire Stáit. Tá sé feicthe agam go bhfuil an-bhá i dTithe an Oireachtais don Ghaeilge. Tá cuid mhaith oifigigh anseo a bhfuil an Ghaeilge ar a dtoil acu. Déanann siad an-iarracht go deo agus mar sin de. Tá sé soiléir i gcomhthéacs meath na Gaeilge nach féidir linn brath ar dea-thoil amháin. Tá sé riachtanach go mbeadh foráil mar seo i gcuid mhaith de na hAchtanna a thagann chun cinn a bhaineann le foireann na Ranna Stáit. Ba cheart go ndéarfadh an foráil sin go bhfuil dualgas ar na Ranna sin a chinntiú go bhfuil foireann acu atá ábalta déileáil le pobal na Gaeilge. Ní fheicim go gcuirfeadh sé as d'aon ghné den Bhille - láidreodh sé an reachtaíocht mar chiallódh sé go mbeadh níos mó daoine sna Ranna éagsúla agus i dTithe an Oireachtais ábalta leaganacha Gaeilge na Billí agus na hAchtanna a thuiscint, ábalta na díospóireachtaí a leanúint agus ábalta ár gcuid comhfhreagras a láimhseáil trí mhéan na Gaeilge. Táimid ag iarraidh a bheith moltach agus dearfach anseo. Sílim gur leasú chun tairbhe an Bhille a bheadh i gceist anseo. Ba bhreá linn dá mbeadh an Aire Stáit sástá é a thógáil ar bord. Tá mé ag súil lena fhreagra ar an méid atá ardaithe agam.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.