Seanad debates

Thursday, 5 July 2012

Gaeltacht Bill 2012: Committee Stage (Resumed)

 

3:00 am

Photo of Trevor Ó ClochartaighTrevor Ó Clochartaigh (Sinn Fein)

Bhí sé de cheart againn an tAire Stáit a chur i gcló níos túisce, mar bhí sé ag aontú linn nuair a tháinig sé ar ais. Tá an-iontas orm nach bhfuil sé sásta glacadh leis an leasú. Ní thugann an foclaíocht san alt a luaigh an Aire Stáit - "cinnteoidh an tÚdarás gurb í an Ghaeilge a úsáidfear a mhéid is féidir nuair a bheidh a fheidhmeanna á gcomhlíonadh aige agus thar a cheann" - an oiread sin misnigh dom i gcomhthéacs an track record atá ag cuid mhaith de na comhlachtaí atá ag feidhmiú sa Ghaeltacht agus a fhaigheann tacaíocht airgeadais ó Údarás na Gaeltachta. Tá comhlachtaí ann atá thar barr chun a gcuid gnóthaí a dhéanamh trí Ghaeilge, ach tá cuid mhaith eile nach ndéanann iarracht an-mhór agus nach úsáideann an Ghaeilge mar theanga oibre, cé go bhfaigheann siad tacaíocht ón údarás. Tá difríocht idir "teanga oibre" agus "a mhéid is féidir". Cad a tharlóidh má fhostaíonn an comhlacht duine nach bhfuil an Ghaeilge ar a dtoil acu, mar shampla, nó má chineann an tAire - mar is féidir leis nó léi faoin reachtaíocht seo - nach bhfuil aon chomhlacht feiliúnach i gceantar Iorras Aithneach, mar shampla arís, leis an plean a fhorbairt agus b'fhearr an conradh a bhronnadh ar Forum, atá lonnaithe i Leitir Fraic, mar atá déanta leis an clár Leader? Níl foireann le Gaeilge líofa ag Forum. Ní hí an Ghaeilge an teanga oibre atá ag oibrithe Forum. Dá mbronnfaí an conradh seo orthu, d'fhéadfaidís a rá go bhfuil an Ghaeilge á úsáid "a mhéid is féidir" acu agus iad ag brath ar na daoine atá fostaithe acu. Nuair nach bhfuil foireann le Gaeilge acu, ní féidir leo mórán Gaeilge a úsáid. Is é sin an pointe ata á dhéanamh agam. B'fhéidir go gceapfaidh daoine áirithe go bhfuilimid ag dul síos an bóthar idir "déanfaidh" agus "féadfaidh" arís, ach tá sé i bhfad níos tábhachtaí gurb í an Ghaeilge an teanga oibre.

Tá an leasú seo ciallmhar. Ba cheart go mbeadh an Ghaeilge mar teanga oibre na comhlachta. Ciallódh sé sin go mbeadh foireann le Gaeilge ag obair sa chomhlacht. Is é sin an difríocht idir an méid atá le rá ag an Rialtas agus an taithí atá againn. Chun a cheart a thabhairt d'Údarás na Gaeltachta, tuigim gur beag duine gan Gaeilge atá ag feidhmiú sna comharchumainn agus na comhlachtaí pobalbhunaithe sa Ghaeltacht. Má tá titim amach i gceantar áirithe - b'fhéidir nach bhfuil na comharchumainn ag tarraingt le chéile - agus níl an plean riachtanach á fháil ag an Aire, tá seans ann go mbeidh air nó uirthi comhlacht eile a roghnú. Más gá dul go dtí comhlachtaí i gceantair tadhlacha, ar nós Forum i gConamara, Tuatha Chiarraí nó Donegal Local Development Company, is léir nach mbeidh foireann le Gaeilge acu go léir. Bheadh sé sin in éadan brí an Bhille seo agus an obair atá á dhéanamh. Is é sin an fáth go bhfuil an leasú seo á moladh agam. Ní dóigh liom go ndéanfadh sé dochar. Sílim go bhfuil an beirt againn ag iarraidh an rud céanna a bhaint amach ar deireadh. Thabharfadh an athrú seo deis breise don Aire Stáit a chinntiú go mbeidh daoine le Gaeilge fostaithe ag aon chomhlacht a chuirfidh isteach ar an scéim seo. Muna bhfuil éiteas Gaelach agus Gaeltachta sa chomhlacht a roghnófar chun próiseas a chur i bhfeidhm chun airgead a roinnt, saineolaí a fhostú, staidéar a dhéanamh agus plean a chur le chéile, caillfimid leath den brí a bhaineann le ceantar Gaeltachta beo bríomhar ina bhfuil tuiscint ar na ceisteanna éagsúla atá ann ó thaobh oideachais, cúrsaí sóisialta, cúrsaí fostaíachta agus mar sin de. Is é sin an moladh atá á dhéanamh agam.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.