Seanad debates

Thursday, 5 July 2012

Gaeltacht Bill 2012: Committee Stage (Resumed)

 

3:00 am

Photo of Dinny McGinleyDinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)

-----gur chóir go mbeadh an Ghaeilge mar theanga oibre sna ceantair pleanála teanga. Tá sé praiticiúil agus loighciúil gur mar sin a bheidh. Tá sé de nós agus de thraidisiún fada ag Údarás na Gaeltachta bheith ag plé, ag cur agus ag cúiteamh i gcónaí leis na heagraíochtaí Gaeilge ar fud na Gaeltachta a gcuid oibre a dhéanamh i nGaeilge, mar a dhéanann an túdarás é féin. Aontaím leis sin. Tá sé soiléir in alt 17 den Bhille seo go gcaithfidh an túdarás a chinntiú "gurb í an Ghaeilge a úsáidfear a mhéid is féidir nuair a bheidh a fheidhmeanna á gcomhlíonadh aige agus thar a cheann" ag dream ar bith. Silim go gclúdaíonn alt 17, a bhaineann leis na ndualgaisí atá ar an údarás, an imní atá ar na Seanadóirí.

Tá mé ar aon intinn leo gur cheart go mbeadh an Ghaeilge mar teanga oibre agus teanga labhartha na n-eagraíochtaí seo. Tá mé lán-cinnte go gclúdaíonn an reachtaíocht an gné sin den ábhar seo. Mar sin, níl sé i gceist agam glacadh leis an leasú.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.