Seanad debates

Thursday, 5 July 2012

Gaeltacht Bill 2012: Committee Stage (Resumed)

 

1:00 am

Photo of Brian Ó DomhnaillBrian Ó Domhnaill (Fianna Fail)

Aontaím leis an leasú seo. Tá ciall agus réasún leis. Baineann sé leis an eagraíocht a chuirfidh plean teanga le chéile agus faoi bhráid an údaráis le bheith ceadaithe. Labhraíomar inné mar gheall ar an bhfoclaíocht faoi Cuid 2 den Bhille, go háirithe an sainmhínithe atá sa reachtaíocht ar "eagraíocht" agus "comhlacht corpraithe". Rinne muid moltaí i taca leis sin. Bhí muid ag iarraidh go mbeadh athrú ansin fá choinne é a bheith sonrach do choistí pobalbhunaithe sa Ghaeltacht. Níor ghlacadh leis sin. Tá an moladh seo fíorthábhachtach chun a chinntiú go gcuirfidh cibé eagraíocht a bheidh i gceist faoin reachtaíocht seo a gcuid gnó chun cinn trí mheán na Gaeilge. Cuireann sé iontas orm nach raibh a leithéid de riachtanas in alt 7(4) den Bhille nuair a bhí sé foilsithe agus sular tháinig sé go dtí an Teach seo. Ní fheictear dom cén fáth nach bhfuil sé sa Bhille cheana féin. Glacaim leis go mbeidh an Aire Stáit sásta glacadh leis an moladh seo. Tá súil agam go mbeidh. Luíonn sé le ciall gur chóir go mbeadh Gaeilge ag an eagraíocht a bheidh ag cur plean den chineál seo le chéile.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.