Seanad debates

Thursday, 5 July 2012

Gaeltacht Bill 2012: Committee Stage (Resumed)

 

1:00 am

Photo of Trevor Ó ClochartaighTrevor Ó Clochartaigh (Sinn Fein)

I move amendment No. 15:

In page 10, subsection (4), line 24, after "concerned" to insert the following:

"and in which organisation Irish is the working language".

Baineann an leasú beag seo leis na heagraíochtaí a bheidh ag plé leis na pleananna teanga sna limistéir pleanáil teanga. Táimid ag iarraidh aguisín beag atá réasúnta ciallmhar a dhéanamh leis an leasú seo. Níl aon dochar sa leasú seo - déanfaidh sé leas - atá ag plé leis an bunprionsabal a bhaineann l'éiteas an Achta. Sílim ón méid atá ráite ag an Aire Stáit go bhfuil sé ag iarraidh é sin a bhaint amach. De réir alt 7(4) den Bhille, a bhaineann leis na heagraíochtaí atá chun na pleananna teanga agus mar sin de a fhorbairt agus a chur i bhfeidhm, "féadfaidh eagraíocht a bheidh bunaithe i gceann de na limistéir Ghaeltachta lena mbaineann, nó tadhlach leis, iarratas a dhéanamh chun Údarás na Gaeltachta chun bheith ina heagraíocht arna roghnú faoi fho-alt (6)". Níl uainn ach "agus ar eagraíocht í arb í an Ghaeilge an teanga oibre inti" a chur leis sin. Tá ciall leis sin. Beidh an tAire ag roghnú comhlacht amháin i ngach ceann de na 19 limistéir ina mbeidh plean teanga a fhorbairt i gcomhar leis an údarás. Ba mhaith linn a chinntiú go mbeidh an Ghaeilge mar teanga oibre ag an gcomhlacht sin. Tá a fhios againn go bhfuil comhlachtaí atá lonnaithe sa Ghaeltacht ábalta seirbhísí áirithe a chur chun cinn. D'ardaigh an Seanadóir Ó Domhnaill ceist a bhaineann leis seo nuair a d'iarr sé ar an Aire Stáit soiléiriú a dhéanamh ar na critéir a chuirfidh sé chun cinn i dtaobh cén sórt comhlacht a bheidh ceadaithe cur isteach ar an gcóras seo. D'fhéadfadh sé tarlú - go teicniúil - nach í an Ghaeilge teanga oibre na comhlachta.

Baineann tábhacht breise leis an leasú seo i gcomhthéacs rudaí eile atá ag tarlú sa Ghaeltacht le bliain nó bliain go leith anuas. Tháinig deireadh tubaisteach le Meitheal Forbartha na Gaeltachta, a bhí ag feidhmiú ar bhonn uile-Gaeilge le cúrsaí forbartha pobal a chur chun cinn. Bhí socrú le déanamh maidir le cé a chuireadh na cláracha a bhí á chur i bhfeidhm ag Meitheal Forbartha na Gaeltachta - an clár Leader agus an clár LCDP - sna ceantracha Gaeltachta ó shin i leith. Thóg sé tamall, ach tá socrú déanta anois. Fáiltím roimh an socrú sin. Tá na cláracha sin á chur ar fáil ag eagras atá tadhlach leis na ceantair Gaeltachta, cosúil leis an rud atá luaite sa Bhille seo. I nGaeltacht Conamara theas, mar shampla, tá seirbhísí clár Leader anois á sholáthar ag an gcomhlacht Forum, atá lonnaithe taobh amuigh den Ghaeltacht. Is socrú sealadach réasúnta é sin, maith go leor, ach ní socrú fad-téarmach sásúil é. Má tá seirbhísí á sholáthar sa Ghaeltacht - seirbhísí pleanála teanga nó rud ar bith a bhaineann le cur chun cinn na teanga - ba chóir go mbeidís á sholáthar sa Ghaeltacht ag muintir na Gaeltachta trí mheán na Gaeilge, más féidir, nó ag daoine le Gaeilge atá ina gcónaí sa Ghaeltacht. Ba cheart go gcuirfeadh pobal na Gaeltachta na seirbhísí sin ar fáil trí mheán na Gaeilge.

Táimid ag breathnú ar an gcás anois nach bhfuil cuid mhaith de na comhlachtaí teaghlach atá ag plé leis na cláracha a bhí faoi Meitheal Forbartha na Gaeltachta in ann a gcuid gnóthaí a dhéanamh trí mheán na Gaeilge. Glacaim leis go bhfuil duine nó beirt fostaithe anseo is ansiúd leis na seirbhísí seo a chur ar fáil trí Ghaeilge. Má táimid chun brí na straitéise agus brí mian an Rialtas ó thaobh na seirbhísí seo a chur ar fáil sa Ghaeltacht, sílim gur rud bunúsach é an méid atá léirithe agam. Da mbeadh sé leagtha síos mar bhunchritéir na gcomhlachtaí seo go mbeadh an Ghaeilge mar teanga oibre na n-eagraíochtaí, bheadh sé thar a bheith dearfach agus thabharfadh sé láidreacht don Aire agus d'Údarás na Gaeltachta nuair atá na comhlachtaí á roghnú acu.

Má táimid ag breathnú arís ar na limistéir pleanála teanga seo, tá sé soiléir dúinn nach bhfuil cuid de na ceantair seo láidir ó thaobh na Gaeilge de. D'fhéadfadh sé a tharlú i gceantar níos laige - mar shampla, i gcatagóir B nó C - go bhfaighfeadh comhlacht atá lonnaithe sa Ghaeltacht agus a bhfuil cúpla duine le Gaeilge iontach acu an conradh leis an plean a fhorbairt, cé nach í an Ghaeilge an teanga oibre sa chomhlacht. An bhfuil comhlacht forbartha pobal ag feidhmiú go hiomlán trí Ghaeilge faoi láthair i gceantar an Eachréidh, mar shampla, atá luaite mar cheann de na ceantracha? Níl mé cinnte go bhfuil. Ceist a bheadh ansin. Tá sé tábhachtach go mbeadh an Ghaeilge mar theanga oibre ag comhlacht atá ag iarraidh an mian atá ag an Aire Stáit a chur i bhfeidhm? Ba chóir go mbeadh sé sin ag teacht tríd an Roinn, anuas tríd an údarás, tríd na comhlachtaí, isteach sa phobal agus vice versa. Ní dóigh liom go bhfuil dochar ar bith sa leasú seo. Sílim gur leasú chun feabhais é. Tá súil agam go mbeidh an Aire Stáit glacadh leis.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.